Cearta teanga

Ar mhaith leat níos mó a fhoghlaim faoi chearta teanga?
Is é an sprioc atá ag an lámhleabhar seo ná oiliúint a chur ar bhaill de phobal na Gaeilge maidir le cearta teanga agus tuiscint níos leithne a éascú i measc an phobail maidir leis na dualgais atá ar an stát chun cearta teanga a sholáthar.
Íoslódáil ár lámhleabhar

Eolas

Teanga icon

Teanga

Ó bhí 1998 ann, tá soláthar don Ghaeilge agus do phobal na Gaeilge geallta i gcomhaontuithe polaitíochta éagsúla. Táimid fós ag fanacht le go gcomhlíonfar na geallúintí sin.

Pobal icon

Pobal

Tá pobal bríomhar, glórach, cumasaithe againn a bhfuil obair na gcapall déanta acu chun cearta, cothromas agus cóir a bhaint amach don Ghaeilge. Is é gníomhachas an phobail an rud is mó a chuir le rath an fheachtais.

Cearta icon

Cearta

Tá cearta teanga i measc cearta an duine. Ní ghlacfaimid le séanadh na gceart sin a thuilleadh. Tá an lá tagtha nach gcaithfear linn níos mó mar shaoránaigh den dara grád. Anois an t-am le coimitmintí i leith na Gaeilge a chomhlíonadh. Acht Anois!

Feachtasaíocht icon

Feachtasaíocht

Cuirimid éilimh phobal na Gaeilge chun cinn. Téimid i ngleic leis an éagothroime. Leanfaimid orainn ag feachtasaíocht ar son chur i bhfeidhm iomlán gach coimitminte i leith na Gaeilge. Níl an obair ach ina thús.

Dlúthpháirtíocht icon

Dlúthpháirtíocht

Seasaimid an fód le grúpaí eile a ndéantar imeallú agus cos ar bolg orthu. Creidimid i gcearta do chách agus aithnímid an tábhacht agus an gá atá le sochaí cheartbhunaithe a chothú.

Uileghábhalacht icon

Uileghábhalacht

Is muid An Dream Dearg. Is sibh An Dream Dearg. Is cuid den Dream Dearg iad gach duine a chreideann i gcearta, cothromas agus cóir do chách. Bígí linn!

Uirlisí

Sráideanna

Cuir iarratas isteach le comhartha Gaeilge a chur suas ar do shráid.

Aimsigh do shráid anois

Baghcat!

Cuir ríomhphost chuig polaiteoirí na hÉireann ag éileamh uathu baghcat a dhéanamh ar cheiliúradh Lá Fhéile Pádraig sna Stáit Aontaithe!

Déan anois é

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|