Baghcat

Ar ais chuig Uirlisí
Dream Dearg logo Dream Dearg logo

 Baghcat! 


Tá an feachtas seo thart anois.

Idir mhí Eanáir agus mí an Mhárta 2024, scríobh 4,322 duine agaibh chuig ceannairí polaitiúla na hÉireann ag éileamh bhaghcat ar an Teach Bán i Meiriceá do cheiliúradh Lá na Féile Pádraig 2024. Ó shin, thacaigh an SDLP leis an bhaghcat agus níor thaisteasl siad go Meiriceá.


Tá muid anois breis is 100 lá ón bhombardú is déanaí ar Gaza ó Iosrael. Tá níos mó ná 30,000 Palaistíneach marbh, agus na mílte eile faoin smiongar.

Chomh fada siar leis an 15 Deireadh Fómhair, shínigh breis is 800 scoláire, cleachtóir sa dlí idirnáisiúnta, staidéar coimhlinte agus staidéar cinedhíothaithe, ráiteas poiblí le rabhadh go raibh an fhéidearthacht ann go mbeadh cinedhíothú á dhéanamh ag fórsaí Iosrael ar Phailistínigh in Gaza. Ar an drochuair, ó shin, fíoraíodh an rabhadh sin: ar an 11 Eanáir 2024, trí mhí i ndiaidh fhoilsiú an ráitis phoiblí, chuir an Afraic Theas cás dobhréagnaithe os comhair na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta (CBI), ag cur ina leith ar Iosrael go raibh cinedhíothú ar bun acu.

Mar chomhartha tacaíochta leis an ghluaiseacht ar son saoirse na Palaistíne agus in ágóid in aghaidh an chinedhíothaithe atá faoi lán seoil in Gaza faoi láthair, iarrann muid ar pholaiteoirí agus ar cheannairí polaitiúla in Éirinn, baghcat a dhéanamh ar cheiliúradh Lá na Féile Pádraig ag an Teach Bán i mí an Mhárta 2024.

Ag labhairt thar cheann na hAfraice Theas ina gcás in éadan Iosrael ag an CBI, dúirt Blinne Ní Ghrálaigh, abhcóide de bhunadh na hÉireann:

'Gach lá, teasctar cosa ó níos mó ná 10 bpáiste Pailistíneach, cuid mhaith acu sin gan ainéistéiseach. Gach lá, ag na rátaí reatha, déanfar dochar nó scriosfar tithe, tochlófar níos mó olluaigheanna, brúifear nó déanfar buamáil ar reiligí, ag séanadh dínite nó síochána ar chách, na mairbh san áireamh.'

Is croí-chomhghuaillí é Iosrael leis na Stáit Aontaithe (SAM), ag cosaint a gcuid suimeanna féin sa Mheánoirthear. Tá tacaíocht sheasmhach léirithe ag SAM leo, beag beann ar an fhianaise atá ag carnadh de choir chogaidh agus chinedhíothaithe. Ar an 6 Eanáir, dúirt John Kirby, urlabhraí um slándáil náisiúnta leis an Teach Bán, ‘nach bhfaca siad aon rud a chuirfeadh ina luí orthu go raibh cur chuige úr de dhíth.’

Mar aon leis an $3.8bn i gcuidiú míleata a chuireann SAM go hIosrael gach bliain, shínigh Joe Biden pacáiste $14.5bn d’áis mhíleata chun tacú leis an ionsaí is déanaí. Dar le tuairisc sa Wall Street Journal, baineadh úsáid as buamaí a rinneadh sna SAM sna hionsaithe is measa de chuid Iosrael ar Gaza, ina measc, ionsaí a leag bloc árasán i gcampa dídeanaithe Jabalia iomlán go talamh, ag márú os cionn 100 duine.

Seol ríomhphost chuig ceannairí polaitiúla na hÉireann, ag éileamh #BAGHCAT anois!

Seolfar an ríomhphost seo chuig ceannairí na bpáirtithe polaitiúla in Éirinn.

An ríomhphost a sheolfar:

Is comhpháirtíocht agus togra é seo idir An Dream Dearg agus Cairde Palestine.

Is pobal ilchineálach é Cairde Palestine déanta de ghníomhaithe dlúthpháirtíochta ar son na Palaistíne a bhfuil cuspóir amháin i gcoiteann acu - is é sin straitéis, a bhfuil Palaistínigh ar a stiúir, chun deireadh a chur le cinedheighilt Iosrael agus saoirse, cóir agus comhionannas do chách a thabhairt do bhunadh na Palaistíne.

Le tacaíocht ó:
Ireland Palestine Solidarity Campaign Belfast logoIreland Palestine Solidarity Campaign logoTrade Union Friends of Palestine logoMothers against Genocide logoAction Palestine Ireland logoBDS Belfast logoEnd Deportations Belfast logoIPSC Derry logoIrish Artists for Palestine logoTeachers for Palestine logoLouth for Palestine logoUnited against Racism logoIPSC Lurgan logoWest Cork for Palestine logoGalway Palestine Solidarity Campaign logoLouth for All logoIPSC Newry logoAclaí Palestine logoIrish Palestine Solidarity Campaign Louth logoDundalk for Change logoIrish Palestine Solidarity Campaign Cill Dara logoFood Not Bombs Belfast logoIPSC Mid Ulster logoCATU Ireland logoAlliance for Choice logoFoyle Pride Festival logoKey 48 Return logoNational Alumni Justice for Palestine logoArtists against Genocide logoBelfast Artists for Palestine logoDL 4 Palestine logoDrogheda 4 All logoDublin for Gaza logoFocus Ireland logoHealth Workers for Palestine logoIPSC Bailiborough logoIPSC Kerry logoIPSC Mayo logoIreland Palestine Action logoKerry Freinds of Palestine logoLeinster Parents for Peace logoMenstruation Matters logoPsychologists for Palestine logoProgressive Politics NI logoSocial Rights Ireland logo
|