dearg logo


Stiúideo taifeadta agus léiriúcháin fuaime a thairiscíonn scoth na n-áiseanna comhaimseartha taifeadta, measctha agus iar-léiriúcháin fuaime is ea Stiúideo Dearg, atá suite i gcroílár cheantar Seoirseach chathair Bhaile Átha Cliath ar Chearnóg Mhuirfean.

Ag feidhmiú mar chuid de Raidió na Life, stáisiún raidió pobail phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, tá Stiúideo Dearg ag soláthar áiseanna taifeadta fuaime do phobal Gaeilge na hArdchathrach le breis agus fiche bliain anuas. Más mian leat taifeadadh d’ardchaighdeán, nó tionscnamh fuaime d’aon saghas a dhéanamh, agus do chuid oibre a dhéanamh go hiomlán trí Ghaeilge, ní bhfaighfear áit níos fearr ná Stiúideo Dearg.

Seirbhísí

  • Iar-Léiriúchán Fuaime
  • Guthú agus Ath-ghuthú
  • Closleabhair
  • Podchraoltaí


Léigh Teistiméireachtaí


Sonraí Teagmhála

 

Guthán: 01 6616333

R-phost: eolas@dearg.ie

 

7 Cearnóg Mhuirfean

Baile Átha Cliath 2

 

Léarscáil

 

rnl logo foras logo