Stiúideo taifeadta agus léiriúcháin fuaime a thairiscíonn scoth na n-áiseanna comhaimseartha taifeadta, measctha agus iar-léiriúcháin fuaime is ea Stiúideo Dearg, atá suite i gcroílár cheantar Seoirseach chathair Bhaile Átha Cliath ar Chearnóg Mhuirfean. Is speisialtóirí muid i dtaifeadadh agus iar-léiriúcháin fuaime ar ghuthú agus ar ath-ghuthú le haghaidh cláracha teilifíse, raidió, podchraoltaí, ealaíon fuaime, taispeántais, srl. agus cuirimid na háiseanna comhaimseartha is fearr dá bhfuil ann ar fáil ar ráta thar a bheith iomaíoch.
Ag feidhmiú mar aonad de Raidió na Life, stáisiún raidió pobail phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, tá foireann iomlán dátheangach ar fáil sa stiúideo agus is áis iontach í le tograí i nGaeilge nó i dteangacha eile a thaifeadadh. Táimid lonnaithe sa bhfoirgneamh céanna le Foras na Gaeilge, agus is mar stiúideo taifeadta de chuid Bhord na Gaeilge, a bhí freagracht chur chun cinn na Gaeilge i bPoblacht na hÉireann faoi roimh d’Fhoras na Gaeilge teacht ar an bhfód, a bunaíodh an stiúideo ar dtús. Ón am a bunaíodh Raidió na Life i 1993 bhí aithne ar an stiúideo mar Stiúideo na Life, sular athsheoladh é mar Stiúideo Dearg i 2006.
Tá na dreamanna seo a leanas i measc ár gcuid cliaint go dáta:
• Adare Productions
• An Gúm
• City Siteseeing Buses
• Cois Life
• Dearg Films
• Fíbín
• Fiontar
• Fios Feasa Teo.
• Foras na Gaeilge
• Jinx Lennon
• Martello Media
• Mentor Books
• Ollscoil na hÉireann, Má Nuad
• Northstation Films
• Seachtain na Gaeilge
• Scéal Eile
• The Irish Times
• WGBH



