An litir dhearg
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.
‘Ré Nua, Cur Chuige Nua.’ Is é sin a gealladh ar chéimeanna Chnoc an Anfa i mí Eanáir 2020. Is cuimhin liom go maith cé chomh callánach is a bhí an grúpa WhatsApp atá ag an Dream Dearg an oíche sin. Cad é a bhí i gceist leis an ‘phacáiste cultúrtha’? Arbh Acht Gaeilge é? Ba chinnte go mbeadh orainn achan ghné de a chur faoi scrúdú.
Ach ansin bhuail an diabhal seo Covid, agus cuireadh stop leis an domhan. D’fhan muid inár dtithe lena chéile a choinneáil slán sábháilte. Ach níor stop an feachtas.
A luaithe is a bhí sé ceadaithe, bhí An Dream Dearg ar ais ar Chnoc an Anfa, le scáileán mór agus teachtaireacht shoiléir do na polaiteoirí ó na Deargóirí uilig: Níl muid ag dul áit ar bith.
Lá i ndiaidh lae, bhí teachtaireacht ann ón Dream Dearg. Bhí muid sna nuachtáin, bhí muid ar an raidió, bhí muid ar an teilifís. Ní thiocfadh leat dul áit ar bith gan an ciorcal beag bán sin, le cúlra dearg, a fheiceáil.
Ní raibh athrú ag teacht, bhí athrú tagtha.
Bhí muid tinn tuirseach de bheith faoi chois ag an DUP, agus na daoine eile a shéanann cearta daonna. Mhúscail pobal an tuaiscirt chuig ár streachailt. D’aithin pobal na hÉireann go raibh cearta na nGaeilgeoirí a séanadh sa tuaisceart, ag mionlach beag. Mionlach atá gafa sa tseanam, agus mionlach nach dtig leis an domhan nua, ilchultúrtha, oscailte, a fheiceáil.
Ach go fóill, níor tháinig an reachtaíocht.
Dúirt na Tóraithe go dtiocfadh sé.
Ach go fóill, níor tháinig an reachtaíocht.
‘Tá sé ar an bhealach’ arsa polaiteoir i ndiaidh polaiteora.
Ach go fóill, níor tháinig an reachtaíocht.
Cad é a rinne An Dream Dearg mar sin?
Rinne muid an rud atá déanta againn roimhe seo, an rud a chuireann brú ar na polaiteoirí, agus an rud a d’athraigh sochaí na tíre seo.
Dé Sathairn, 21ú de mhí na Bealtaine. Cuireadh brat an Dreama Dheirg ar an tSliabh Dubh. ‘Tá glór ag an sliabh’ a deir siad. Bhí glór aige ar an lá sin, agus glór nach gciúnófar go deo na ndeor.
Tugadh le chéile ár bpobal, agus ghlac muid seilbh ar na sráideanna.
Fiche míle duine. Fíche míle duine ó gach coirneál an oileáin seo. Bhí Béal Feirste dearg an lá sin.
Ní fhacthas a leithéid ariamh. Daoine óga, tuismitheoirí, seandaoine. Daoine ó achan ghné den tsaol, ag teacht le chéile faoi bhrat An Dreama Dheirg, uilig le teachtaireacht shoiléir amháin: Tá muid dearg, dearg le fearg.
Níl cur síos ná insint scéil ar an atmaisféar nuair a leaindeáil muid ag Halla na Cathrach. Ní leor é a rá go raibh bród orainn. Ní leor é a rá go raibh áthas orainn. Ní leor é fiu a rá go raibh gliondar orainn. Mar a dúirt Conchúr Ó Muadaigh ina óráid chumhachtach ón ardán; ‘Tá síol curtha, agus tá an síol sin ag fás.’
Is cuimhin liom go maith nuair a chuaigh muid uilig chun na Cultúrlainne ar oíche an Lae Dheirg. Faoin am sin, bhí achan duine ar mhuin na muice faoin lá a bhí i ndiaidh titim amach. Ar ndóigh, bhí cúpla deoch ar bord againn – agus breá tuillte – agus bhí muid ag damhsa linn. Sheinn an DJ ‘Praise You’ le Fatboy Slim, agus líne de na líricí atá san amhrán sin na “We’ve come a long long way together.”
Nach foirfe an teachtaireacht í sin don Dream Dearg? Achan rud a tharla dúinn, tháinig muid fríd. Achan bhac a cuireadh orainn, sháraigh muid é. Shiúil muid ar an bhóthar fada seo le chéile, mar chairde, mar Ghaeil, mar theaghlach.
Ní seó ach an tús.
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.