An litir dhearg
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.
Ar an Chéadaoin, 26ú Deireadh Fómhair 2022 chuaigh an reachtaíocht ‘Language and Identity Acht (NI) 2022’ fríd Westminster agus ansin ag tús míosa seo, chuaigh an reachtaíocht céanna ‘faoi lámh an Rí’. Íorónta go leor gur seo an chéim dheireanach den reachtaíocht achrannach seo i bhfianaise an damáiste agus dochar a rinne an institiúd céanna sin don Ghaeilge ó ionradh Elizabeth I ar aghaidh.
In ainneoin sin, i ndiaidh streachailt fada ar son aitheantais, cearta agus cóir, cheapfá go mbeadh na sluaití ar na sráideanna ag ceiliúradh an bhua stairiúil seo. Ach ní mar a bhí – ní nach bua stairiúil é, go deimhin bua dochreidte a bhí ann i gcomhthéacs na háite a raibh an cheist seo nuair a thosaigh an Dream Dearg ag gníomhú air go mall i 2016.
Níos tábhachtaí ná sin, is léiriú tábhachtach é ar an chumhacht agus cumas atá ag pobail athruithe suntasacha a bhaint amach nuair atá siad eagraithe agus nuair a sheasann siad le chéile ar fhís chomónta. Ach, sin ar fad ráite, ní raibh reachtú an achta ann féin ariamh mar cheann scríbe againn agus measaim go raibh an freagra séimh, tomhaiste ón phobal fréamhaithe sa tuiscint go bhfuil go leor leor dúshláin le sárú againn fós.
Is iomaí comhrá a bhí agam le gníomhaithe teanga ó dheas thar na mblianta agus iad ag déanamh suntais den díograis agus ‘radacachas’ a bhaineann leis an ghluaiseacht teanga ó thuaidh. Ní chreidim, áfach, go mbaineann seo le tréithe faoi leith a bhaineann leis na hUltaigh nó go bhfuil muid níos dílis don teanga.
Tá sé fréamhaithe sa chomhthéacs polaitiúil agus stairiúil ina bhfuil an dá dhream ag feidhmiú. Dúirt Máirtín Ó Cadhain tráth go bhfuil, in amanna, ‘cos ar bolg níos fearr ná cur i ngéill’ agus níl aon amhras ach gur spreag frith-Ghaelachas an stáit freagra ón chosmhuintir, go háirithe ó bhunú Gaeltacht Bhóthar Seoighe agus Bunscoil Phobail Feirste ar aghaidh.
Ag leibheál na polaitíochta comhaimseartha, d’ardaigh an drong mhór dhearg le gach briathar mailíseach ó Arlene agus a chomhghleacaithe. Is minic a déarfadh gníomhaithe teanga gur ceart go dtógfar dealbh do Paul Givan agus Arlene Foster sa chás gur bhain muid Acht amach, tuiscint íorónach ar an spreagadh a thug siad don phobal seasamh go láidir ar son chearta teanga, spreagtha ag ionsaithe seicteacha ón DUP agus eile.
Tá ceist ann dúinn anois mar ghluaiseacht áfach, i gcomhthéacs go mbogann muid (agus is comhartha ceist mhór é!) ón ‘chos ar bolg’ go dtí ‘cuir i ngéill’, an mbeidh an pobal chomh spreagtha céanna chun na paraiméadar a bhrú a thuilleadh ar son chearta, chothromas agus chóir mar a bhí le blianta beaga anuas? Cad é mar a choinníonn muid an cultúr feachtasaíochta beo bríomhar i gcomhthéacs nuair atá an stát, fiú ar bhonn ‘cosmaideach’, ag ‘tacú’ leis an Ghaeilge? An mbeidh muid ceansaithe ag córas a bhogann ó imeallú go imeascadh teoranta gan an bun-struchtúr a athrú ar bhealach ar bith suntasach?
Tá ceachtanna le foghlaim ó thíortha eile atá ábharach dúinn anseo sa tréimhse os ár gcomhair amach. Sa Bhreatain Bheag, mar shampla, reachtaíodh an chéad Acht Breatnaise i ndiaidh streachailt fada in 1967 ach bhí sé iontach teoranta agus bhí beagnach 30 bliain d’fheachtasaíocht de dhíth ina dhiaidh sin sula raibh an Bhreatnais ar chomhchéim leis an Bhéarla, ar bhonn dlíthúil, leis an dara Acht Teanga in 1993.
Go deimhin, níor stop gníomhaithe teanga ansin; a mhalairt. Leanann an cultúr láidir feachtasaíochta ar cheist na Breatnaise agus tá tionchar dochreidte á imirt aige ar an stádas agus an díoscúrsa i leith an teanga go dtí an lá atá inniu.
Sa Chatalóin, tá stádas agus cosaint na teanga dúchasaí fréamhaithe sa streachailt níos leithne ar son neamhspleáchais ón Spáinn. Leoga, tá go leor ann a chreideann gur gluaiseacht teanga-bhreoslaithe atá sa ghluaiseacht ar son neamhspleáchais agus tá bunús láidir leis an dearcadh sin measaim.
Ní go dtí gur bhain an Chatalóin féinriail polaitiúil amach in 1979 le titim an deachtóir Franco cúpla bliain roimhe sin gur glacadh leis an teanga mar theanga phoiblí. De réir a chéile, d’athraigh sin an dóigh ar amharc muintir na tíre sin orthu féin, a dteanga agus a dtír féin. Diaidh ar ndiaidh, tháinig borradh leis na páirtithe agus gluaiseachtaí shóisialta agus shibhialta ag bhí ag sodar ar son neamhspleáchais agus i láthair na huaire tá tromlach na tíre sin ar a shon (cé go ndiúltaíonn an Spáinn glacadh leis!).
Sa chomhthéacs ina bhfuil an díospóireacht maidir le todhchaí bunreachtúil na tíre seo ag bailiú nirt, an imreoidh ceist na Gaeilge ról lárnach sa bhogadh stairiúil sin mar atá an teanga fós ag imirt ar chúrsaí polaitiúla na Catalóine? An bhfuil todhchaí na teanga le slánú fríd athghabháil na tíre trí chéile, mar a cheap An Cadhnach?
Cibé rud a thiteann amach sa tréimhse corraitheach staire ina bhfuil muid, ní mór dúinn cuimhniú i gcónaí; is cuma cad a dhéanann an stát nó páirtithe polaitiúla ar son na Gaeilge nó cén stádas oifigiúil nó reachtúil a bhaineann sí amach. Níl ach dream amháin ar féidir leo na dúshláin atá romhainn a shárú; 's iad sin pobal na Gaeilge féin.
Arís, tá ceachtanna le foghlaim againn ónár stair féin. I ndiaidh don stát ó dheas neamhspleáchas a bhaint amach, ghlac an córas coimeádach féin seilbh ar an athbheochan agus baineadh na gnéithe fuascailteacha den ghluaiseacht pobal-bhunaithe, an ghluaiseacht a spreag an réabhlóid ar son an neamhspleachais chéanna. Úsáideadh í ar leas na heaglaise agus na bunaíochta frithghníomhach, rud a bhí tubaisteach don teanga agus don tír trí chéile.
Cad iad, mar sin, na ceachtanna ón stair atá le foghlaim le cinntiú nach gcasann an roth? Pléifear seo sa chéad alt eile…
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.