News

Ón bhun aníos - scéal Ghaelscoil Uí Dhochartaigh

"Ní éacht furasta é scoil a réachtáil gan tacaíocht airgeadais stáit. Bhí muid ag maireachtáil i ndáiríre ó lámh go dtí an bhéal gach mí... Tá macasamhail na taithí sin le fáil ag gach dream ó thuaidh a ghlac an chéim tús a chur le Gaelscolaíocht ina gceantar féin."
Ón bhun aníos - scéal Ghaelscoil Uí Dhochartaigh
Article available in Irish only

Tá tábhacht ar leith ag baint le céiliúradh 25 bliain Ghaelscoil Uí Dhochartaigh ar an tSrath Bán os rud é go bhfuil sé ag tarlú de réir mar atá foirgneamh nua bríce úrscothach ar luach £5m á thógáil don Ghaelscoil agus don Naíscoil friothálach ar láithreán úrnua ag Bóthar Strahans ar imeall an bhaile.

Mar a dúirt Colmán Mac an Chrosáin, Cathaoirleach Bhord Gobharnóirí na Gaelscoile,

Is Comóradh thar a bheith speisialta dúinn é agus an aisling a rabhthas ag súil leis le fada á thabhairt i gcrích anois.

Ach is clochmhíle ar leith eile ar athrú cinniúna don teanga sa cheantar chomh maith.

Leis na deicheanna, fágadh é faoi dhornán de Ghael tiomnaithe i ngach glúin an teanga a choinneáil beo ach threabh siad gort uaigneach.

Ach cuireadh síol úr nuair a tháinig díograiseoirí óga le chéile ag tús na 1990idí chun craobh úr de Chonradh na Gaeilge a bhunadh. B’iadsan an príomhfhórsa tiomána taobh thiar de bhunú Naíscoil an tSratha Báin (an chéad Ghaelscoil i dTír Eoghain), a d’oscail a doirse ag Sráid ne Beairice sa bhaile mí Mheán Fómhair 1994.

Agus an Naíscoil faoi bhláth, thosaigh plé faoin chéad chéim eile chun cinn. In earrach na bliana 1997, eagraíodh cruinniú le plé a dhéanamh ar an bhféidearthacht sruth a bheith againn i gceann de na bunscoileanna áitiúla béarla nó bus a eagrú go Bunscoil Cholm Cille i nDoire b’fhéidir.

Ba é Cathal Ó’Donnghaile, as Gaeloiliúnt, an príomhchainteoir agus níorbh fhada gur tháinig sé chun solais nach raibh suim dá laghad ag Cathal in aon de na féidearthachtaí thuasluaite ach go raibh sé ann chun muid a spreagadh ár nGaelscoil féin a bhunú.

Bhí muid isteach i mí na Bealtaine cheana féin. Ní raibh airgead, áitreabh, múinteoir nó daltaí againn fiú. Ach léirítear cumhachtaí áitithe Chathail gur chuir se ina luí ar na baill Chonartha, tuistí Naíscoile agus Gael eile a bhí i láthair coiste a bhunú leis an sprioc Gaelscoil a oscailt taobh istigh de thréimhse trí mhí.

Ach rinne an coiste éacht nach beag- bailíodh airgead, earcaíodh múinteoir, fuarthas áitreamh ar cíos in Ionad Tréadchúraim Naomh Áine agus an meall mór ar deireadh bhí ceathrar daltaí again faoin am ar oscail Gaelscoil Uí Dhochartaigh don chéad uair ar an 1 Meán Fómhair 1997.

Ní éacht furasta é scoil a reachtáil gan tacaíocht airgeadais stáit. Bhí muid ag maireachtáil i ndáiríre ó lámh go dtí an bhéal gach mí ag iarraidh a chinntiú go raibh ár ndóthain pá againn do thuarastal na múinteoirí, cíos don áitreamh, árachas, airgead do threalamh agus leabhair agus araile.

Tá macasamhail na taithí sin le fáil ag gach dream ó thuaidh a ghlac an chéim tús a chur le Gaelscolaíocht ina gceantar féin.

Ach i gcoiteann le pobal Gaeilge i gceantair eile, saraíodh na dúshláin mar gheall ar dhúthracht agus dhíograiseacht gach a bhí páirteach ann. Crannchur deich seachtaine, punt an tSeachtain, a bhí ar cheann de na gníomhaíochtaí tiomsaithe airgid a bhí againn sna blianta siúd. Crá croí a bhí ann ag dul ó dhoras go doras fá choinne puint ach bá shlí éifeachtach í buntaistí an dátheangachais a scaipeadh i measc an phobail agus teaghlaigh eile a mhealladh i dtreo an Ghaeloideachais.

Mar aon le flaithiúlacht mhuintir na háite, bhí an-tacaíocht againn ó Chathal agus Ghaeloiliúnt i rith na luathbhlianta dúshlánacha seo chomh maith le tacaíocht láidir maoinithe ó chlubanna áitiúla CLG:

Mar gheall ar mhéadú seasta ar líon na ndaltaí, b’éigean dúinn an dara múinteoir a fhostú i 1999 ach bhí muid ag streachailt go leor airgid a bhailiú chun costais uile na scoile a chlúdach.

Tháinig Mairtin McGuinness, a bhí ina Aire Oideachais ag an am, i dtarrtháil orainn nuair a laghdaigh sé na huimhreacha inmharthanachta a theastaíonn chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú lasmuigh de Bhéal Feirste. Ba mhór an faoiseamh dúinn nuair a d’fhógair sé aitheantas oifigiúil don Ghaelscoil i Mí na Nollag 2000.

San am céanna, bhí obair ar siúl chun an Naíscoil agus an Ghaelscoil a athlonnú ar shuíomh ar cíos ón Chomhairle áitiúil ag bun Eastát Bhaile Uí Cholmáin sa bhaile.

Fuair muid botháin, halla mór agus bloc leithris ó Bhunscoil Phobail Feirste don Ghaelscoil. Le deontas £41K ó Iontaobhas na Gaelscolaíochta, lonnaíodh ar an suíomh úr iad i 2001. D’éirigh linn deontas £85k a fháil ó ‘Children in Need’ chun foirgneamh na Naíscoile a lonnú ann sa bhliain.

Chuaigh cúrsaí ó neart go neart le méadú daltaí agus foirne bliain i ndiaidh bliana. Tá an Naíscoil ina haonad reachtúil de chuid na Gaelscoile le fada agus idir an dá acu bíonn tuairim is 170 ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge sa bhaile gach bliain anois.

De réir mar a d’fhás an scoil is amhlaidh a chuaigh bail na mbothán sealadach in olcais agus bhí muid ar thóir scoil úr le blianta blianta fada.

Ba é an tAire Oideachais John O’Dowd a thug cead dul ar aghaidh leis an scoil úr i 2013.

Bhí go leor constaicí agus moilleanna díomácha ann idir a dá linn ach ár mbuíochas ó chrói le gach a chuidiú an cor cinniúnach seo i saol na Gaeilge ar an tSrath Ban a bhaint amach.

Is le gach a d’obair riamh ar son na Gaeilge sa cheantar an scoil úr seo agus a hoidreacht.

Idir dalta reatha agus iardhalta agus a dteaghlaigh cúimsíonn pobal na Gaeilge cuid nach beag de phobal na háite.

Níl an Ghaeilge in áit na leathphingine a thuilleadh ach mar chuid lárnach de shaol sóisialta agus cultúrtha an phobail áitiúla. Tá sí á labhairt go laethúil inár dtithe, sráideanna agus siopaí. Tá sí le feiceáil ar ár gcomharthaí sráide dátheangacha.

Tá sé in am an chéad chaibidil eile a scríobh anois!

An litir dhearg

Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.

|