An litir dhearg
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.
Rugadh agus tógadh trí Bhéarla i dtuaisceart chathair Chorcaí mé, agus fiafraítear díom go minic ‘cá bhfuair tú do chuid Gaelainne?’ Ceist a bhfuil comhthéacs níos casta laistiar di; a dhéanann talamh slán de nach ar scoil a fuaireas í.
Is feachtas pobail é Gaeilge4All, a bhfuil sprioc shimplí aige: go mbeadh eispéireas sásúil foghlama ag gach dalta leis an nGaelainn sa chórais oideachais, ón oideachas luath-óige go dtí an tríú leibhéal.
Mura bhfuil na daltaí, na múinteoirí, na tuismitheoirí, ná na saineolaithe sásta le cinntí na Roinne - ar mhaithe le cén grúpa a nglactar na cinntí céanna?
Táimid breis is céad bliain ar aghaidh ó bhunú an stáit ó dheas anois, agus ní raibh polasaí cuimsitheach riamh ann chun é seo a chinntiú. Polasaí le fís chomhtháite, chomhleanúnach atá á éileamh againn, polasaí a fhreastalóidh ar riachtanais na ndaltaí. Polasaí a thabharfaidh aghaidh ar an ngéarchéim atá roimh mhúineadh agus roimh fhoghlaim na Gaelainne sa chóras reatha.
Thugamar fé léirsiú lasmuigh de Theach Laighean ar an 29 Márta ar chúpla cúis.
Theastaigh uainn teachtaireacht láidir, shoiléir a thabhairt don Aire Oideachais Norma Foley agus dá páirtí Fianna Fáil. Teachtaireacht a thabharfadh le fios nach nglacfaimid leis an tslí a gcaitear leis an nGaelainn sa chóras oideachais a thuilleadh, ná leis na cinntí agus na hathruithe díobhálacha atá curtha i bhfeidhm le tamall anuas.
Teachtaireacht a thabharfadh le fios go bhfuilimid ann, go bhfuil fís againn, agus go bhfuil cearta againn. Agus nach féidir neamhaird a thabhairt orainn. Lasmuigh de Theach Laighean, sheas ceardchumainn mhúinteoirí ASTI agus TUI linn, chomh maith le Gréasán na Múinteoirí Gaeilge. Sheas Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn linn. Sheas tuismitheoirí, polaiteoirí agus gníomhaithe Gaelainne linn.
Mura bhfuil na daltaí, na múinteoirí, na tuismitheoirí, ná na saineolaithe sásta le cinntí na Roinne - ar mhaithe le cén grúpa a nglactar na cinntí céanna?
Cúis thábhachtach eile leis an léirsiú ná pobal na Gaelainne féin a spreagadh agus a chumasú, go háirithe an dream óg atá sáite sa chóras oideachais fé láthair. Sna seachtainí roimh an lá mór, shocraíomar ar chuairteanna a thabhairt ar mheánscoileanna thart ar Bhaile Átha Cliath a mbeadh teacht acu ar lár na cathrach don léirsiú.
An rud ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orm agus mé ar an gcamchuairt seo ná nach raibh na daltaí ar an eolas fé chinntí ná fé chleachtais na Roinne Oideachais a mbíonn tionchar díreach agus díobhálach acu orthu. Bíonn rudaí níos mó ar a n-intinn ag déagóirí ná mionsonraí pholasaithe na Roinne Oideachais, shílfeá.
Tá níos mó ná 40,000 dalta ag leibhéal iar-bhunscoile ag fáil díolúine ón nGaelainn fé láthair.
Níos suntasaí ná seo, áfach, ná nár bhac éinne leo. Fágadh mianta agus tuairimí na ndaltaí agus na múinteoirí ar leataobh agus na cinntí seo á dtógaint.
Is beag dalta a raibh trácht cloiste acu fés na ‘sonraíochtaí T1/T2,’ mar shampla, agus is lú dalta fós a raibh tuiscint acu orthu. Ní haon léiriú é seo ar chumas na ndaltaí, ach ar chur chuige fuarchúiseach an CNCM agus na Roinne ina leith.
A luaithe agus a tógadh an t-am le labhairt leo fén méid a bhí ag titim amach, bhíodar ar buile. Agus cad ina thaobh ná beadh? Is iadsan atá thíos leis mar thoradh ar na lagbhearta seo. I Mí na Nollag 2018, chuir an CNCM tús leis an obair forbartha do na dréachtsonraíochtaí T1 agus T2 do Ghaelainn na hArdteiste.
I Mí Feabhra na bliana seo, cuireadh in iúl go raibh na dréachtsonraíochtaí seo le caitheamh i dtraipisí. Cé gur dea-scéal é nach bhfuil an córas lochtach seo le cur i bhfeidhm, tá ceisteanna le freagairt. Conas a cuireadh ceithre bliana amú ag plé le córas ar léiríodh amhras fé ón tús?
Fiú agus ceist na sonraíochtaí le hathbhreithniú, tá dúshláin mhóra eile le sárú. Tá níos mó ná 40,000 dalta ag leibhéal iar-bhunscoile ag fáil díolúine ón nGaelainn fé láthair, agus an uimhir sin ag dul i méid i gcónaí. Seachas iarracht a dhéanamh freastal ar riachtanais éagsúla na ndaltaí, caitheann an córas reatha ar leataobh iad.
Tá Gaeilge4All ag éileamh go mbunófar polasaí nua ar oideachas ionchuimsitheach a fhreastalaíonn ar riachtanais na ndaltaí, seachas ceann a spreagrann, nó a éascaíonn, eisiamh. Chuige seo, molaimid go mbainfear leas as Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR).
Is croí-phrionsabal de chur chuige an CEFR i leith fhoghlaim agus mheasúnú teanga é aitheantas a thabhairt do pháirt-chumais na bhfoghlaimeoirí sna scileanna teanga. Thabharfadh cur chuige bunaithe ar an CEFR deis d’fhoghlaimeoirí le riachtanais bhreise litearthachta díriú ar scileanna cumarsáide labhartha sa Ghaelainn, agus aitheantas agus teastasú a bhaint amach do na scileanna sin - a chuirfeadh ar a gcumas an Ghaelainn a fhoghlaim de réir a gcuid riachtanas, seachas díolúine iomlán a thabhairt dóibh láithreach.
Tá géarghá le tuilleadh scoileanna Gaelainne a bhunú, go háirithe ag an dara leibhéal.
Braithim i gcónaí go bhfuil an t-ádh orm gur bheartaigh mo thuismitheoirí mé a sheoladh go Gaelscoil, agus go raibh deis agam dul ar aghaidh go Gaelcholáiste ina dhiaidh san. Is deis í nach bhfaigheann ana chuid daoine sa stát, a bhuí leis an nganntanas ollmhór scoileanna lán-Ghaeilge atá againn: tá 13 contae sa stát seo nach bhfuil oiread is Gaelcholáiste amháin iontu go fóill.
Agus sinne, daltaí na nGaelcholáistí, a raibh an t-ádh orainn gur rugadh sna contaetha eile sinn? Is minic gurb iad an pobal áitiúil is cúis le bunú an Ghaelcholáiste sa cheantar, agus ní ár Roinn Oideachais.
Níor cheart go mbeadh ádh uainn.
Dar le figiúirí na Roinne Oideachais, níl ach thart ar 7% de dhaltaí an stáit ó dheas, idir dhaltaí bunscoile agus dhaltaí iarbhunscoile, ag fáilt a gcuid oideachais trí mheán na Gaelainne. Ní easpa éilimh ba chúis leis an bhfigiúir suarach seo: ar fud na tíre faoi láthair, tá feachtais ar bun ag pobail áitiúla chun Gaelcholáiste a bhunú ina gceantair, ina measc, Gaelcholáiste 2468, Gaelcholáiste Mhaigh Eo, agus Gaelcholáiste an Chláir.
Tá géarghá le tuilleadh scoileanna Gaelainne a bhunú, go háirithe ag an dara leibhéal. Níor cheart go bhfágfar fén bpobal é a leithéid seo a dhéanamh, ach sin mar atá. Níl aon fhís ag an rialtas chun líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas lán-Ghaelainne a mhéadú.
Bíonn siad ag caint air, cinnte, ach níl ann ach caint san aer mura leagfar spriocanna amach: spriocanna intomhaiste, spriocanna atá uaillmhianach ach a bhfuil sroicheadh orthu. Dea-shampla dá leithéid ná Straitéis Bhreatnaise Rialtas na Breataine Bige, Cymraeg 2050, a bhfuil sé d’aidhm aici líon na ndaltaí i ngach bliainghrúpa scoile a fhaigheann oideachas lán-Bhreatnaise a mhéadú go 40% fén mbliain 2050.
Tá gníomh práinneach ag teastáilt sa rialtas agus sa Roinn Oideachais anseo chun an creimeadh leanúnach atá a dhéanamh acu don Ghaelainn sa chóras oideachais a aisiompú.
An chéad chéim eile atá á éileamh againn ná go gcuirfear coiste neamhspleách, saineolach ar bun láithreach bonn le tabhairt fé pholasaí don Ghaelainn ón oideachas luath-óige go dtí an tríú leibhéal a fhorbairt. Coiste le taithí, le tuiscint, agus le cion don teanga: riachtanais incháilithe nár léirigh na daoine a raibh na curaimí seo orthu go dtí seo.
Tá géarghá le cur chuige comhtháite, comhleanúnach don Ghaelainn sa chóras oideachais, agus i bpolasaithe an rialtais i gcoitinne. Mar a sheasann rudaí, bíonn gníomhartha an rialtais i leith na Gaelainne ag teacht salach ar a chéile.
Le hachtú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, mar shampla, tá sprioc earcaíochta geallta ag an rialtas go mbeidh 20% d’earcaithe nua san earnáil phoiblí inniúil ar an nGaelainn fé dheireadh 2030. Cá dtiocfaidh an rialtas ar na hearcaithe seo, mura ndéanfar freastal ar a riachtanais agus iad ar scoil? Is é TEG B2 an leibhéal inniúlachta a bheidh ag teastáilt ó na hearcaithe.
Cén fáth nach mbeadh an córas CEFR in úsáid sna scoileanna, más é sin an táscaire a bheidh in úsáid agus na daltaí ag iarraidh tosnú amach ar a saol gairmiúil? Is iad daltaí scoile an lae inniu earcaithe nua 2030. Anois an t-am an córas oideachais a athrú ón mbun má theastaíonn ón rialtas aon radharc a fháil ar spriocanna earcaíochta an Achta.
Tá géarghá le polasaí Gaeilge4All, ionas nach mbeidh taithí ag an gcéad ghlúin eile ar an gceist a bhíonn do mo chrá de shíor:
‘Cá bhfuair tú do chuid Gaelainne?’
Agus má chuirtear an cheist orthu, tá súil agam nach mbeidh ach freagra simplí de dhíth.
Ar scoil.
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.