An litir dhearg
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.
Is é guth an phobail, cumhacht agus athghabháil an phobail.
Nuair a smaoiním siar ar m’óige agus mo shaol sa lá atá inniu ann, tá an pobal chomh tábhachtach agus lárnach céanna ‘s a bhí riamh. Tógadh mé i dtréimhse ina raibh muid i gcónaí ag brath ar ár gcomharsan, ár gcomhghleacthaí, ár dteaghlaigh in am aistrithe ó thaobh na polaitíochta de sna sé chontae ó thuaidh.
Bhí an díoschúrsa polaitiúil ag athrú sna mall 1990í nuair a thuig mé an damáiste a rinneadh le cóiliniú na tíre agus an coirúlú a cuireadh inár leith mar Ghaeil.
D’fhreastal mé ar Bhunscoil a bhí ag bráth ar dhea-thoil an phobail agus díosgrais na dtuismitheoirí chun cinntiú go raibh oideachas maith trí Ghaeilge ar fáil dúinn. Bhíodh mo mhuintir féin i gcónaí ag troid in éadán an Stáit do choinníollacha cothroma agus cearta do Ghaeil agus don phobal, mar sin ní nach ionadh gur fhás mé aníos ag glacadh páirte in agóidí agus feachtais ar son na gceart ó bhí mé iontach óg.
Tháinig sé go nadúrtha chugainn mar phoblachtanaithe agus mar Ghaeil sa Stát suarach seicteach seo go raibh orainn dul chun sráide le haird na n-Údarás a fháil, cé go ndearnadh agus go ndéantar fós neamhaird orainn go ró-mhinic.
D’fhás mé aníos i gceantar Naomh Seamais, a bhí thíos go mór le polasaithe a bhí i bhfeidhm chun cos ar bholg a dhéanamh ar an lucht oibre ach go háirithe chun Gaeil, Poblachtanaí, Caitlicigh a choinneáil ‘faoi smacht’. Bhí an t-ádh orm go raibh teaghlach sáite i ngach gné den phobal chun todhchaí níos fearr a thabhairt dúinn.
Cé nach raibh na hachmhainní againn sna scoileanna,sna ceantracha, bhí ceannródaithe, múinteoirí, oibrithe pobail agus díograiseoirí nach dtiocfá luach a chur orthu, a bhí ag troid ar ár son gach uile lá. Bhí cúrsaí polaitiúil ag athrú, bhí Comhaontú Aoine an Chéasta siníthe,bhí ár dtuismitheoirí ag teacht abhaile tar éis tréimhsí i ngeibhéinn, bhí ‘dóchas’ sa phobal mar a thuig muid féin ag an am sin go raibh muid ag bogadh chuig áit ’níos fearr’ dúinn ar fad.
Níor shíl mé mar ghasúr óg soinneanta ag an am go mbeinn fós ag troid leis na hÚdarais 25 bliain ina dhiaidh sin do chearta daonna, cearta teanga, cearta polaitiúla agus cearta oideachais do Ghaeil.
Nach sin gach rud, agus níos mó, a dúradh linn go dtiocfadh san am romhainn tar éis 1998? Caitheann muid súil chun tosaigh 25 bliain ar an tsochaí ina mhaireann muid mar Ghaeil sna sé chontae agus dom féin go pearsanta; bhí muid ar na sráideanna ag éilimh ár gcearta teanga d’Acht Gaeilge,le tuilleadh infheistíochta i gcóras na Gaelscolaíochta agus le déanaí in éadán bagairtí ciorruithe a dhéanfadh scrios ar na luathbhlianta Gaeilge agus earnáil na Gaeilge ina iomláine.
Tá muid fós ag iarraidh ar Rialtais agus polaiteoirí beart a dhéanamh de réir a mbriathra ó thaobh coimitmintí neamhchomhlíonta agus de réir mar a théim in aois, cé nach bhfuil mé chomh sean sin, tuigim go rí-mhaith nach féidir bráth ar pholaiteoirí an rud ceart agus cóir a dhéanamh don phobal ach is féidir bráth ar an phobal brú a chur agus seasamh a ghlacadh go dtí go dtugtar aird ar an easpa gnímh ar chearta teanga don Ghaeilge.
Bhí mo shin-sean tuismitheoirí gníomhach i bpobal Mhic Gearóid in oirthear na Cathrach, mo shean tuismitheoirí i mBaile Andersain agus Cill Uaidhe agus mo thuismitheoirí féin i bpobal na bhFál ag cur chun cinn cúrsaí poblachtanacha agus cultúrtha. Ceantracha fud fad na cathrach a rinneadh iarracht scrios a dhéanamh orthu trí pholasaithe coilíneacha na Breataine.
Cad é a bhí i ndán dom?
Ní nach ionadh go raibh mé ag obair sa phobal, don phobal agus ar son pobal na Gaeilge leis an dea-thionchar agus ceannródaithe a chuaigh romham agus a threoir mé fríd tréimhsí dúshlánacha ach thar a bheith sultmhar agus luachmhar. Ní raibh na háiseanna céanna ag Cumann Club Eachtra ‘s a bhí ag mo chairde i mBaile Andersain nó i Méanscoil Feirste ‘s a bhí i Scoil Mhuire ach ní hionann sin agus a rá gur laghdaigh sin deiseanna forbartha s’agam.
Dhéanfainn an argóint gur ardaigh sé féinmhuinín s’agam, thug sé tuiscint níos fearr dom ar chúrsaí sóisialta ‘s pobail agus chothaigh sé láidreacht ionam a bheith bródúil mar Ghael agus muna raibh rud ar fáil a bhí de dhíth/i dteideal dúinn, cuir ar fáil é tú féin.
Téann stair na hagóide in Éirinn siar na blianta fada ag troid in éadan coilíneachais agus impiriúlacha na Breataine agus mar a fheictear nós de thréithe ag taisteal síos fríd na glúnta, is amhlaidh an scéal leis na Gaeil. Ar an drochuair tá pobal na Gaeilge cleachtaithe le hagóidí agus trup a dhéanamh ach níor thrasnaigh sé m’inchinn gur seo rud neamhcoitianta do gach duine eile.
Tógadh muid ar thiomantas agus gníomhaíochtaí ceannródaithe Gaeltacht Bhóthar Seoighe, “Ná hAbair é, Déan é”. An rud a bhí coitianta do Ghaeil, bhí se neamhcointeannta do mo chairde a tháinig fríd córas scolaíochta an Bhéarla.
Cluintear go minic gurb í pobal na Gaeilge, an pobal is mó fáis ar an oileán ach ní sin mar a n- aithnítear í ó thaobh cúrsaí maoinithe de. Rinneadh bagairtí ciorruithe ar eagraíochtaí fud fad an tuaiscirt, ach go háirithe eagraíochtaí luathbhlianta Gaeilge. Bíonn Ionad Uíbh Eachach ag bráth ar fhoinsí maoinithe chun seirbhísí lán-Ghaeilge a sholáthar don phobal ach anois tá buairimh ann go gcuirfear deireadh le Pathway Fund, Brightstart Fund agus Neighbourhood Renewal.
Bheadh sé chomh maith ag cur glas ar leath den fhoirgneamh agus ag cur ruaig ar thuismitheoirí ar mhaith leo á bpáistí a thógáil trí Ghaeilge. Nach sin atá an rialtas ag iarraidh go ndéanann muid?
Tá Ionad Uíbh Eachach ag soláthar seirbhísí cúram leanaí trí Ghaeilge agus Ranganna Gaeilge do dhaoine fásta le breis agus 30 bliain i gcroílár na Ceathrún Ghaeltachta in Iarthar Bhéal Feirste. Seo tús aistear na bpáistí ó thaobh na teanga de. Seo an áit ina gcothaítear an Ghaeilge iontu; seo bunchloch do phobal na Gaeilge sa cheantar. Cad é a tharlódh dá ngearrfadh an rialtas trí phríomhfhoinse maoinithe an Ionaid?
Bheadh sé ina bhuile tubaisteach d’oibrithe, do theaghlaigh, do pháistí agus d’earnáil ‘s pobal na Gaeilge. Seo an dúshlán a bhí romhainn i mí na Bealtaine i mbliana.
Cad é a dhéanfaidh muid? Cad é mar a théann muid I gleic leis seo? Cén fáth an Ghaeilge?
Tháinig na ceisteanna céanna aníos le meirg orthu ach mar a rinne muintir Bhóthar Seoighe agus an Dream Dearg, d’eagraigh muid pobal na Gaeilge agus thug muid dúshlán don Stát. Ní dóigh liom go raibh eagraíochtaí nó pobal sa tír níos ullmhaithe le haghaidh feachtasaíocht a dhéanamh.
Tháinig an buile thubaisteach in am ina raibh an Ghaeilge ag blathú níos mó ná mar a bhí riamh, bhí ardú ar gach rang Gaeilge ar fud na tíre agus bhí éilimh do spás i gcúram leanaí lán-Ghaeilge ag méadú go suntasach bliain I ndiaidh bliana.
Thug muintir Bhóthar Seoighe misneach do Ghaeil fud fad na tíre agus ghlac an Dream Dearg an misneach sin agus lean siad leis an lasair dhearg mhisniúil spreagúil sin. Ní fhaca mé gluaiseacht chomh dearfach, eagraithe agus spreagúil ná mar a bhí ag an Dream Dearg.
Thug siad muinín do Ghaeil na tíre seo agus léirigh siad an tábhachtach a bhí le pobal dearfach a chothú. Bhain Ionad Uíbh Eachach tairbhe as na tréithe a tháinig ón ghluaiseacht sin. D’eagraigh muid ár dteaghlaigh, oibrithe, úsáideoirí agus pobal ina gcoitinne. Rinne muid stocaireacht leis na polaiteoirí agus na hÚdaráis. Chuaigh muid chun sráide chun dúshlán a thabhairt dóibh siúd as a dtáinig na bagairtí.
Díreach mar a rinne na ceannródaithe romhainn, sheas muid an fód.
Ar shíl Rialtas na Breataine go raibh Gaeil Bhéal Feirste dul ligint dóibh scrios a dhéanamh ar an ghné is leochailí agus is tábhachtaí don Ghaeilge? Tá muid ag troid do thuilleadh maoinithe buain do sheirbhísí riachtanacha luathbhlianta Gaeilge le blianta fada. Níor ghlac muid leis an staid reatha mar atá, is cinnte nach raibh muid dul glacadh le ciorruithe a chuirfeas deireadh le seirbhísí an Ionaid.
Bhí buaireamh ann. Bhí imní ann. Bhí neamhchinnteacht ann. Ach mar atá ionainn ón aos óg, bhí dóchas ionainn. Tháinig foireann agus teaghlaigh an Ionaid le chéile mar aon ghuth soiléir go seasfaidh muid an fód leis an chás seo. Tháinig tacaíocht ónár gcairde ó gach cearn den phobal. Cé go raibh scamall dorcha ar Ionad Uíbh Eachach, bhí amhlaidh leis an Droichead,le hAltram agus go leor eagraíochtaí Gaeilge eile fud fad an tuaiscirt ach is ar scáth á chéile a mhaireann na daoine agus sin an rud atá cumhachtach agus éagsúil faoi phobal na Gaeilge. Nuair a thugtar buile do Ghael amháin, is fiú an buile a thabhairt do gach Gael.
An síleann tú go ndéanann agóid difir? An is fiú gearán a dhéanamh? An féidir tionchar a imirt ar na hÚdarais? Níl ansin ach roinnt ceisteanna a chluintear go minic agus níl ach freagra amháin dó. Is fiú agus is féidir. Tógadh muid leis an dearcadh gur fiú muid mar Ghaeil agus mar shaoránaigh. D’eagraigh foireann an Ionaid ár gcairde, ár bpobal agus tharraing muid ceist an Ionaid agus ceist na Gaeilge go croílár ceist na gciorruithe seo. Bhí léirsiú poiblí againn ag an Ionad seachtain i ndiaidh an drochscéala agus tógáil croí a bhí ann tacaíocht ón mhórphobal, tuismitheoirí, eagraíochtaí, polaiteoirí, na meáin a fheiceáil ag seasamh linn.
Thaipigh muid an deis seo tógáil ar an ‘momentum’ chun ceist na Gaeilge a bhrú ar chlár na hagóide a bhí á reachtáil i lár na cathrach ar son na heagraíocht pobail ar fad.
‘Lá Gnímh an Phobail’, Déardaoin 25ú Bealtaine.
Cé go raibh imní orainn, cé go raibh fearg orainn,bhí dóchas san aer go dtiocfadh pobal na Gaeilge amach go láidir le haon-ghuth ar an lá. Shílfeá gur fhéile chéiliúrtha a bhí ann. Bhí gach duine ag caint faoin agóid, bhí daoine ag dearadh postaeirí, bhí daoine tógtha.
Bhailigh Gaeil ar bhóthar na bhFál, ag ceannáras Ráidió Fáilte agus bheadh sé furasta smaoineamh go raibh muid ar ais i mí na Bealtaine 2014, 2017 agus 2022 nuair a bhí an bhóthar céanna ‘Dearg le Fearg’ le Gaeil ag éilimh á gcearta. Nach muid a bhfuil an t-ádh orainn go bhfuil pobal láidir, tiomanta agus bródúil againn. Smaoiním siar go mo luathbhlianta féin le bród ar na ceannairí pobail a bhí ag tarraignt brú ar an rialtais. Anois bhí mé féin ag déanamh amhlaidh agus ag tiomáint gluaiseacht na Gaeilge go lár cáthair Bhéal Feirste.
Chruinnigh na sluaite ó cheantar na Seanchille go hArd Eoin go ceantar an Mhargaidh ag Halla na Cathrach agus díreach mar a bheadh scéal ón bhíobla, d’oscail an slua agus fágadh bearna don tslua dearg os comhair an ardáin a bhí glórach, feargach ach bríomhar.
Níl uainn ach cothromathas agus cóir. Tuigeann an gnáthphobal sin ach ní thuigeann na hÚdarais.
Léirigh fear tí na hagóide cén dóigh ar mhaith linn go gcaithfear leis an Ghaeilge sa tsochaí. Ní go mbíonn an Ghaeilge brúite ar dhaoine nach bhfuil ag iarraidh. Ní go bhfuil muid ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid le teanga eile a chur thíos. Ach go mbíonn an Ghaeilge chomh feicéalach leis an Bhéarla. Bhí teachtaireacht sóiléir ón mhórphobal nach nglacfar le ciorruithe ar chor ar bith.
Tuigim go bhfuil meas don Ghaeilge forleathan ach an spreagadh is mó a fuair mé ón lá sin ná muintir ‘Shankill Women’s Centre’ agus ‘Sandy Row Sure Start’ ag glacadh páirte san agóid le ‘Stad an Slad’. Nach sin an saol ar mhaith linn go maireann muid? Go bhfuil cothromathas agus meas léirithe trasna na bpobal dá chéile beag ban ar chúrsaí teanga.
Is beag cuimhne an comhrá a bhí agam ar maidin ach is cuimhin liom an comhrá a bhí agam ar an 1ú Meitheamh go raibh Brightstart Fund le fanacht agus ní fhada gur tháinig dea-scéal faoin Pathway Fund. Cé nach bhfuair muid ach an maoiniú atá i dteideal againn, léirigh muid an láidreacht le hágóidíocht, stocaireacht agus muinín a chur sa phobal á gcearta á éilimh go rathúil.
Léirigh muid arís gur féidir tionchar a imirt ar chinntí polaitiúla. Léirigh muid gur fiú muid.
NÍ NEART GO CUR LE CHÉILE.
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.