An litir dhearg
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.
Críochdheighilt na hÉireann; nuair a bunaíodh an dá stát shuaracha, ceann amháin ó dheas agus stát oráisteach nó stát socraitheoir iar-choilíneachta ó thuaidh. Ó dheas, tá stádas oifigiúil ag an teanga ach is siombalachas i leith na teanga atá i gceist ag an stát agus an Ghaeilge faoi cheilt sa stát oráisteach ó na 1920í ar aghaidh.
In ainneoin seo, bhí síolta na réabhlóide curtha síos ag lucht na hArdScoile agus Chumann Cluain Ard, ó na síolta seo a d’fhás an tionscadal réabhlóideach de chuid Ghaeltacht Bhóthar Seoighe a thug tús agus fás na nGaelscoileanna agus athbheochan chomhaimseartha na Gaeilge sna sé contae chun cinn.
Bhí borradh ar an teanga sa tréimhse claochlaitheach seo. Bhí an athbheochan phobail agus teanga seo fréamhaithe i bhféiniúlacht phobail a bhí faoi léigear ag an stát, ag glacadh seilbhe ar a phobal féin, beag beann ar an stát. Cumhachtú pobail réablóideach a bhí ag tarlú.
Gheall Comhaontú Aoine an Chéasta go ndéanfaí gríosú agus éascú ar an Ghaeilge, rud nár tharla ar ndóigh, agus tá troid leanúnach ag na Gaeil sa stát le cearta teanga a bhaint amach. Tharla díchumhachtú pobail suntasach tar éis 1998- nuair a shíl daoine go mbeadh a gcearta agus bhféinúlacht sábháilte faoin ‘ré uair iarchomhlinte’.
Mar shampla, bunaíodh níos lú Gaelscoileanna tar éis mhaoiniú an stáit a bhí anois ar fáil agus bunaíodh na heagraíochtaí nua stáit don Gaeilge.
Bunaíodh Foras na Gaeilge leis an Chomhaontú- eagraíocht de chuid na bunaíochta nach bhfuil fiú ábalta an mionairgead atá aige a chaitheamh mar gheall nach bhfuil Stormont ag feidhmiú.
Bhí €700,000 breise ar fáil i mbuiséad an Fhorais do 2024 ach ó tharla nach raibh cruinnithe CATT ag titim amach de bharr bhaghcat an DUP, ní rabhadar in ann an maoiniú breise seo a cheadú don dá áisíneacht. Na Gaeil in áit na leathphingine ar ais ag an chóras lochtach seo.
Ní leor an Ghaeilge a bheith ann. Caithfidh sí a bheith lárnach i saol ár muintire, ar cheisteanna cearta, tithíochta, fostaíochta, timpeallachta agus eile.
I mo bharúil caithfidh muid gluaiseacht na Gaeilge agus an teanga féin a úsáid mar uirlis dhíchoilíneachta agus Éire nua a bhúnú.
Caithfidh muid fís, féiniúlacht agus tuiscint chultúrtha a thabhairt le slánú na Gaeilge. Ní leor an teanga a labhairt gan í a bheith lárnach i ngach gné dár saol agus baint aici leis na mórcheisteanna domhanda.
Tá samplaí iontacha den chumhachtú pobail a tháinig tar éis na héagóra a rinneadh ar na Gaeil sna blianta tar éis an tsosa cogaidh, An Dream Dearg, Laochra Loch Lao, Glór na Móna, Fóram na nÓg agus neart eile nach iad.
Fríd gluaiseacht na gceart teanga agus An Dream Dearg, tá cumasú pobail ag tarlú, gluaiseacht phobail ina bhfuil tuiscint ann go dtig an domhan thart orainn a athrú.
Níl uainn an córas lochtach seo a chóiriú. Tá muid ag iarraidh corás nua a bhunú a bhfuil cearta, comhionannas, síochán agus saoirse mar chroí-chuid dó. Ní mór don teanga a bheith fréamhaithe san Éire nua seo.
Ní mór do phobal na Gaeilge a neamhspleáchas agus a radacachas a choinneáil trína chlár oibre féin a shocrú bunaithe ar a riachtanais féin, neamhspléach ón stát.
An bhfuil gluaiseacht na gaeilge ullmhaithe do na dúshláin atá os ár gcomhair?
Mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain: Sí an Ghaeilge athghabháil na hÉireann, agus is í athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge.
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.