An litir dhearg
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.
Tráthnona mhaith a chairde, Is mise Ruairí Ó Donnáin, Oifigeach Forbartha Gaeilge le CnaG Boirche Íochtar in Deisceart Co. An Dúin. Tá mé ag scríobh an ailt seo mar fhostaí ar an Scéim SFLG, mar bhall den Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga agus mar dhuine ón phobal a bhfuil Gaeilge acu mar gheall ar na scéimeanna agus grúpaí pobail Gaeilge a bhí ann dom agus mé ag fás aníos agus atá go fóill sa lá atá inniú ann.
Ar a bharr an ról ata agam mar Oifigeach Forbartha Gaeilge, cosúil le go leor leor daoine atá ag treabhadh an ghoirt, tá neart rólanna eile agus hataí á gcaitheamh againn gach uile lá - is fear faire mé, glantóir, oifigeach caidimh poiblí, comhordaitheoir imeachtaí, ceannaire don chlub óige, múinteoir ag ranganna oíche, cuntasóir agus bainisteoir riaracháin mé (gan ach beagán a lua!)
Sula dtéim ar aghaidh, is mian liom aitheantas a thabhairt do na daoine iontacha atá ag obair ar an talamh fud fad na tíre seogach uile lá, daoine atá go minic ar an chéad duine istigh ar maidin agus an duine deireanach leis an fhoirgneamh a fhágáil. Níl an tacaíocht cheart riamh faighte acu, d’ainneoin na hoibre ríthábhachtaí atá ar bun acu lenár dteanga agus lenár bpobail a neartú.
Cuirtear ceist orm go minic “Cé a bhfuil tú ag obair dóibh?” agus is é an freagair a bhíonn agam dóibh na “Tusa.” – An pobal trí chéile, idir Ghaeilgeoirí, foghlaimeoirí agus iad siúd a bhfuil pobal de dhíth orthu nuair nach bhfuil aon phobal eile ann dóibh. Sa cheantar ina bhfuil mé féin ag feidhmnú, is Boirche Íochtar a dhéanann soláthar ar na seirbhísí óige iomlána don cheantar. Níl club óige ann trí mheán an Bhéarla fiú agus mar sin, bíonn seirbhísí óige dátheangacha ar fáil uainn go seachtainiúil.
Chomh maith leis sin, is beag seirbhís poiblí atá ar fáil sa cheantar seo. D’aithin muid seo agus d’oscail muid leabharlann phoiblí don phobal - áit shábháilte, oscailte agus fóirsteanach don phobal teacht le chéile nuair is mian leo agus fáil a bheith acu ar na seirbhísí is bunúsaí sa lá ata inniu ann - ríomhairí, WIFI, áit atá te, áiseanna oideachais, tacaíocht srl…
Is cinnte go mbeadh sé níos fusa dúinn an seomra sin a úsáid le haghaidh ranganna, gan an infheistíocht a dhéanamh ar an leabharlann agus é a úsáid go díreach ar scéimeanna do Ghaeilgeoirí amháin, ach is pobal muid agus tá dualgais orainn freastal ar an phobal trí chéile, is cuma mas Gaeilgeoir iad.
D’eagraíocht ar bith atá ionad againn cosúil linne, tuigfidh sibh go mbíonn muid ag soláthar spás sábhailte do dhaoine óga, daoine fásta, cuairteoirí, daoine atá ar cuairt chuig an cheantar srl… arís eile gan cheist ar bith curtha orthu faoin chumas Gaeilge atá acu - is pobal mór amháin muid!
Níor chóir dúinn glacadh leis na ciorruithe is déanaí seo; tá muid ag feidhmú ar phinginí mar atá. Níl oifigeach ar bith fud fad na tíre seo nach bhfuil ag obair thar an 9-5, nó an líon uaireanta atá luaite inár gconradh. Cén fáth? Mar gheall ar an mhéid atá luaithe agam thuas; tá daoine ag braith orainn.
Tá an nós seo ann le fada an lá go mbíonn orainn gach rud a dhéanamh ar dhea thoil i bpobal na Gaeilge agus ní mar sin mar a ba chóir dó a bheith - ach sin mar atá! Tá sé in am dúinn uilig tuilleadh infheistíochta, oibrithe breise agus acmhainní cothroma a fháil chun freastal ar an phobal atá ag braith orainn na seirbhísí seo a chur ar fáil dóibh. Is iad pobal na Gaeilge an t-aon phobal a chuireann fáilte is fiche roimh gach uile duine i gcónaí. Ní thuigim cén dóigh nach bhfuil sé sin soiléir don Fhoras agus don dá rialtas!
Is léir gur aithin an Foras an t-ualach oibre atá orainn uilig nuair a ligeadh dúinn an 5ú lá a thabhairt don oifigeach ar an scéim SFLG, ach arís eile, tháinig sin le dea-thoil mar níor tháinig tuilleadh acmhainní ná airgead leis. £41,000 atá ar fáil duinn in aghaidh na bliana agus tá mé cinnte go n-aontódh sibh nach leor é sin in aon chóir - agus anois beidh an beagán sin atá ar fáil dúinn gearrtha!
Is é an SFLG an scéim is luachmhaire atá ag Foras na Gaeilge. Cén dóigh gur féidir leo corruithe a ghearradh air? Tháinig an scéal amach beagnach coicís ó shin a rá go mbeadh na corruithe seo curtha i bhfeidhm i mbliana, scéal a chuaigh chuig na meáin sula bhfuair na grúpaí féin amach faoi. Cén bealach é sin le meas a léiriú orainn?
I mbliana, i ndiaidh dúinn ár gcuid ama agus acmhainní srianta a chaitheamh ag cur plean straitéiseach, tá orainn anois ár gcuid pleananna a athrú de bharr na gciorruithe. Tá na pleananna foilsithe agus á gcur i bhfeidhm againn cheana féin! Cad é mar a n-athraímid iad gan duine ar bith a ligint síos?
Agus ar a bharr sin, go fóill níl tuiscint cheart againn faoi na ciorruithe seo go díreach. Go dtí seo, níor chuir an Foras ceist orainn, na daoine atá ar an talamh, maidir leis na ciorruithe seo chun ar mbarúlacha a fháil.
Tá plean oibre curtha le chéile againn agus é ar fad ag braith ar photaí maoinithe éagsúla mar gheall nach bhfuil go leor infheistíochta déanta inár gcuid oibre. Tá orainn mar chuid de chritéir agus coinníolacha na scéime SFLG bearta teanga a bhaint amach, ach cén dóigh faoin spéir gur féidir linn costais imeachtaí a chlúdach nuair nach bhfuil go leor againn chun costais oifige a íoc.
Tá an córas briste agus is muid atá ag plé agus fágtha leis na himpleachtaí.
Mar a luaigh mé ag an tús, molaim go mór an obair atá ag dul ar aghaidh lá i ndiaidh lae, go háirithe i bhfianaise na srianta atá orainn. Tá freagair na ceiste seo soiléir dúinn; infheistíocht chothrom a fháil d’obair ríthábhachtach atá ag freastal ar an phobal ina iomláine agus atá claochlaitheach ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de. Is mar gheall ar na laochra neamhaitheanta a bhfuil ag éirí chomh geal leis an teanga is atá agus tá sé thar am meas a fháil ar luach ár gcuid oibre!
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.