An litir dhearg
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.
FOCLÓIR: Reachtaíocht - legislation; feidhmeannas - executive; imeallú - marginalisation; tionól - assembly; pócaí folmha - empty pockets; comhghleacaithe - colleagues; géarchéim - emergency; eisceachtúil - exceptional.
Tá sé in am ag Rialtas na hÉireann gníomhú go poiblí agus an deis a thapú chun cearta teanga i dTuaisceart Éireann a chur chun cinn.
Ag labhairt dó le Tuarascáil dúirt an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, urlabhraí An Dream Dearg, go bhfuil “fuinneog bheag” ann inar féidir dul chun cinn éigin a dhéanamh idir seo agus toghchán Chomhthionól Stormont atá beartaithe le bheith ar siúl ar an 5 Bealtaine.
“Tá seal feidhmeannais eile imithe agus caite. Tá seal eile imithe agus níl cearta teanga curtha ar fáil ag na húdaráis dár bpobal. Is ábhar mór díomá é sin ach ní ábhar iontais é,” a dúirt sé.
“Tá muid breá cleachtaithe leis an neamhaird agus leis an imeallú. Má amharcann muid siar ar bhreis agus 20 bliain den tionól agus de na socruithe reatha polaitiúla ó thuaidh, ní raibh aon socrú polaitiúil riamh anseo a chuir lucht labhartha na Gaeilge san áireamh agus a chinntigh ár gcearta.
“Bhí geallúintí againn. Bhí coimitmintí againn. Fiú bhí comhaontaithe againn. Agus achan uair ní bhfuair muid ach neamhaird agus geallúintí nár cuireadh i gcrích.”
Faoin socrú New Decade, New Approach (NDNA), gealladh go dtabharfaí reachtaíocht Ghaeilge isteach.
“Bhí reachtaíocht réitithe, bhí an Ghaeilge mar chroí-cheist agus mar chroí-ábhar sa chomhaontú agus sna comhchainteanna sin a mhair breis agus trí bliana,” a dúirt Ó Tiarnaigh.
“In ainneoin na paindéime, agus eile, shíleamar go mbainfí seo amach.”
Gealladh go mbeadh an reachtaíocht teanga i bhfeidhm laistigh de 100 lá ón chomhaontú a bheith sínithe in Eanáir 2020. Ach, breis agus dhá bhliain níos déanaí tá pobal na Gaeilge fós ag fanacht go gcomhlíonfaí na geallúintí. Dar le Ó Tiarnaigh, bhí sé soiléir le tamall nach raibh an dul chun cinn chun tarlú.
“Tá muid anois i mí Feabhra 2022 agus tá an Feidhmeannas ag titim,” a dúirt sé.
Bhí sé soiléir “do gach duine” le breis agus bliain anuas nach raibh sé i gceist ag an DUP “cloígh lena bhfocal” maidir leis an reachtaíocht teanga a bhí san NDNA.
“Nuair a tháinig sé chun tosaigh go raibh rialtas na Breataine den tuairim céanna - dúirt siad linn nár shíl siad go raibh an DUP chun é seo a dhéanamh - gheall siad go ndéanfadh siad é seo faoi dheireadh Mhí Dheireadh Fómhair anuraidh.”
“Dar ndóigh, tháinig an t-am sin agus d’imigh sé. Ach, le rialtas na Breataine, geallann siad an ghrian agus an ghealach ach fágtar thú le pócaí folmha.
Níor chuir pobal na Gaeilge mórán muiníne sna geallúintí. “Bheadh sin bómánta agus gan bhrí,” a dúirt Ó Tiarnaigh.
“Má tá rud ar bith ar eolas againn faoi rialtas seo na Breataine, tá clú domhanda orthu as a bheith ag tarraingt siar ó comhaontaithe agus as a bheith mí-ionraic agus as a bheith ag dul siar ar choimitmintí móra a rinne siad.
“Má tá siad in ann é sin a dhéanamh leis an Aontas Eorpach ar cheisteanna móra, bí cinnte go bhfuil siad ábalta sin a dhéanamh linne mar phobal beag anseo sna sé chontae.
“Fágtar muid le díomá ach ní le hiontas. Is gá anois ár bhfócas a athbhunú agus an feachtas a chur ar aghaidh ar bhealaigh difriúla.
Dúirt Ó Tiarnaigh le Tuarascáil anuraidh go raibh baol ann go mbainfí mí-úsáid as an teanga i gcomhthéacs thoghchán Chomhthionól Stormont.
Ach, anois go bhfuil cúinsí athraithe ar bhonn pholaitiúil, b’fhéidir go bhfuil deis cothaithe ag an DUP inar féidir le rialtas na Breataine acht teanga a rith.
Tharla an deis sin nuair a d’éirigh an Chéad-Aire, Paul Givan, as oifig.
“Tá rud amháin a deir liom go raibh cárta mór i lámha an DUP. Sé sin go raibh siad ag bagairt an Feidhmeannas a thabhairt síos agus mar sin nach raibh Brandon Lewis ag iarraidh iad a bhrú sa treo sin trí reachtaíocht Gaeilge a thabhairt isteach.
“Anois go bhfuil an cárta mór imeartha acu agus go bhfuil an Feidhmeannas titithe, b’fhéidir go bhfuil an cárta sin imithe agus nach bhfuil aonrud ann chun bac a chur ar rialtas na Breataine é seo a dhéanamh.”
Mar sin féin, is léir go bhfuil baol i gcónaí ann go mbainfear mí-úsáid as an Ghaeilge mar ábhar conspóide san fheachtas toghchánaíochta atá le teacht.
“Bhí muid iontach soiléir le Brandon Lewis agus lena chomhghleacaithe insan NIO le cúpla mí anuas. Mura réitíonn siad an cheist seo, sa bhfuinneog bheag atá againn roimh an toghchán, bíodh muid cinnte de go dtiocfaidh sé chun cinn mar ábhar toghchánaíochta agus beidh sé fíochmhar.
“Gach obair a rinneadh go dtí seo, beidh sé sin caillte agus rachaidh muid ar ais chuig an ngnáth rud - páirtithe aontachta ag déanamh ionsaí ar an Ghaeilge ar mhaithe le marcanna toghchánaíochta agus gach duine eile ar an bhfrithionsaí.
“Ní ar leas na teanga a bheadh sé sin. Ní ar leas pobal na Gaeilge beadh sé sin.”
Mar sin féin, dúirt Ó Tiarnaigh go mbeidh pobal na Gaeilge ag cur brú ar na páirtithe.
“Tá cúig pháirtí ann a sheas linn, agus a sheas linn go láidir,” a dúirt sé.
“Agus, caithfidh muid a bheith ag amharc ó dheas fosta. Ní bhfuair muid ach ciúnas agus neamhaird ó Simon Coveney agus ó Rialtas na hÉireann le breis agus bliain anuas.
“Is comhshínitheoirí lárnacha iad maidir leis na comhaontaithe seo ar fad agus tuigfidh siadsan go dtiocfaidh an cheist seo chun cinn sa toghchán mura réitítear í roimhe sin.
Dar le Ó Tiarnaigh, caithfidh Rialtas na hÉireann tabhairt faoin obair ar bhealach atá feiceálach agus a bheith “mar chuid ghníomhach” den idirbheartaíocht atá le teacht.
“Ní fheicim go raibh siad á dhéanamh sin le breis agus bliain anuas.
“Beidh muid ag dul ar ais chuig Rialtas na hÉireann chun ráiteas a lorg uathu chun seasamh poiblí a lorg agus chun iad a spreagadh nó a mhealladh ar ais ag an gclár cainteanna seo.
“Níl sé maith go leor nach raibh siad gníomhach go poiblí. B’fhéidir go raibh siad gníomhach sna seomraí ciúine ar an gceist seo ach caithfidh muid seasamh poiblí a fheiceáil.
Glacann sé leis go bhféadfadh sé tarlúint nach mbeadh rialtas na Breataine nó na páirtithe aontachta sásta glacadh riamh leis an éileamh atá ag pobal na Gaeilge ar Acht Teanga. “Agus, b’fhéidir gurb í sin an fhadhb anseo. B’fhéidir go bhfuil muid ag tarraingt ar phointe gur gá dúinn a rá nach raibh rialtas na sé chontae riamh ábalta cearta teanga a sholáthar agus fosclaíonn sé sin ceisteanna eile.
“Tá muid in am iontach eisceachtúil, tá muid in am iontach spéisiúil. Ach, le gach géarchéim, tagann deis. Agus, mar phobal, beidh muide ag iarraidh muid féin a eagrú chun na deiseanna sin a thapú sna seachtainí agus sna míonna beaga atá romhainn.”
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.