An litir dhearg
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.
Blianta fada ó shin, agus mé i mo dhéagóir, bhí mé ag seinm drumaí i racghrúpa le mo chairde. Níl mé ag rá go raibh muid rómhaith, ach an difir idir muid féin agus na sluaite grúpaí eile i mBéal Feirste ag an am, na gur sheinn muid cuid d’ár n-amhráin i nGaeilge, agus ba sin an t-aon leithscéal a bhí de dhith ar Ghearóid Ó Cairealláin.
Oíche amháin, agus muid ag freastail ar cheolchoirm de chuid an ghrúpa Na Fíréin i gCumann Chluain Ard, chuaigh Gearóid ar an ardán le linn an tsosa, agus d’fhógair sé go raibh grúpa Gaeilgeoirí óga sa lucht féachana, a bhí ag seinm iad féin trí mheán na Gaeilge. D’iarr sé bualadh bos mór ón scaifte, agus is mar sin a thug muidne tacaíocht do ceann de na grúpaí Gaelacha is mó sa tír ag an am.
Sin mar a d’oibir Gearóid. Ní fhaca sé fadhbanna nó bacanna: chonaic sé féidearthachtaí agus deiseanna. Chonaic sé bealaigh chun an teanga agus an cultúr a chur amach ansin i mbéal an phobail, bíodh sin fríd nuachtáin, drámaí, oideachas nó ceol. Ba dhuine é a chreid go dian sa mhana – Ná habair é, déan é. Easpa ionad cultúrtha? Oscail cultúrlann. Ganntanas nuachtáin Gaelacha? Bunaigh nuachtán Gaelach. Barraíocht Béarla ar na haerthonnta? Seol stáisiún raidió lán-Ghaelach. Níor bhac sé le fiosrú an dtiocfadh rud a dhéanamh – rinne sé é agus phléigh sé leis na fadhbanna ina dhiaidh sin. Fiú an stróc a bhuail é i 2006, bhain sé tairbhe as sin, ag scríobh an dráma, The Wheelchair Monologues.
Is i réimse na craoltóireachta a raibh an aithne is fearr agamsa air sna blianta deireanacha. Gach Aoine, ar a trí a’ chlog, chuaigh mé féin, nó duine de mo chomhghleacaithe, isteach sa stiúideo leis, leis ‘na cnaipí a dheanamh’, mar a deirfeadh sé féin, agus é i mbun a chláir, Beo go Deo, dírithe go hiomlán ar Elvis Presley, ard-rí Rock ‘n Roll.
Bhí roinnt grá i saol Ghearóid: a bhean, Bríd; a chuid mac, Ainle, Cairbre agus Naoise; a chlann ar fad; Elvis Presley agus, dar ndóigh, an Ghaeilge.
Thiocfadh leathanaigh a líonadh leis na scéalta faoin a chuid eachtraí thar na blianta, ach ba mhaith liom aird a thabhairt ar chomhrá an-ghairid a bhí againn roinnt sheachtainí ó shin. Bhí sé istigh sa stáisiún don seó. Agus mé ag ullmhú cupán caife dó, d’inis sé dom go raibh ailse air. Dúirt mé gurbh oth liom sin a chloisteáil agus dúirt sé, “Mise fosta.”
D’iarr mé air, an raibh sé cinnte gur mhaith leis an clár a dhéanamh an lá sin, agus chaith sé súil géar, láidir, dairíre orm. “Céad faoin gcéad,” a dúirt sé. Sin é. Rinne muid an clár le chéile, agus níor lig sé don scéal tubaisteach seo cur isteach nó amach air.
Cúpla seachtain ina dhiaidh, chuir Bríd glaoch orm leis an drochscéal a bhriseadh go raibh Gearóid ag brath an eagrán deireanach de Beo go Deo a láithriú ar an Aoine, 20ú Nollaig. Chinn muid go mbeadh clár ar leith againn, le lucht féachana agus aíonna speisialta, lena dhlúthchara, Eoghan Ó Néill, mar chomhchraoltóir.
Fuair muid scéal ó Bhríd cúpla lá ina dhiaidh sin le rá go raibh Gearóid go dona tinn san otharlann, agus nach mbeadh sé ag déanamh an seó. D’iarr mé ar Bhríd an mbeadh sé i gceart dá mba rud é go ndearna muid féin an chlár a láithriú ina áit, in áit seanchlár dá chuid a chur amach nó, níos measa arís, nach gcraolfar clár ar bith. Thug Bríd beannacht an teaghlaigh agus, ag a trí a’ chlog ar an 20ú, chraol Raidió Fáilte an chéad eagrán le 18 mbliana de Beo go Deo gan Ghearóid. Thit an onóir seo orm féin agus seanchara eile dó.
D’éist sé féin agus an chlann san otharlann, agus go gairid ina dhiaidh don chlár críochnú, d’imigh Gearóid ar shlí na fírinne.
Tá Elvis imithe ón láthair. Duine cróga, ceannródaíoch. Ach leanaimis a threoir – thar aon rud eile, coinnigh fíor é.
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.