An litir dhearg
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.
Tá ráite ag LeasChéad-Aire Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann gur “fadhb” ag an rialtas ó dheas maidir le cúrsaí pinsin is cúis leis na ciorruithe atá curtha i bhfeidhm ar ghrúpaí Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas.
D’fhógair Foras na Gaeilge níos luaithe i mbliana go raibh ciorruithe os cionn €800,000 le déanamh i mbuiséad na heagraíochta in 2025 de bharr arduithe leanúnacha ar chostais.
Agus í ag labhairt in Stormont inné, shéan LeasChéad-Aire an Fheidhmeannais, Emma Little-Pengelly ón DUP, go raibh a páirtí ag cur i gcoinne múnla maoinithe nua a réiteodh an fhadhb gan aon chúis.
Tuairiscítear gur tháinig na hairí airgeadais ó thuaidh agus ó dheas ar réiteach nua a cheadódh do rialtas amháin airgead breise a bhronnadh ar eagraíocht trasteorann gan dualgas a bheith ar an rialtas eile cloí leis an gcóimheas maoinithe atá ann faoi láthair.
Tuairiscítear, áfach, go bhfágann bac de chuid an DUP nach féidir an múnla nua a chur i bhfeidhm.
“Cuireadh moladh chun cinn chun múnla maoinithe na bhforas thuaidh-theas uile a athrú. Tá an múnla sin i bhfeidhm ó Chomhaontú Aoine an Chéasta agus tá cúis mhaith go bhfuil sé ann,” a dúirt Little-Pengelly.
“Tá fadhb ar leith ann maidir le maoiniú a d’eascair as fadhb de chuid Rialtas na hÉireann maidir le pinsin [i bhForas na Gaeilge]. Tá an tAire Pobal ag obair le Rialtas na hÉireann agus iarracht á déanamh teacht ar réiteach air sin,” a dúirt sí.
Tá arduithe leanúnacha ar rátaí pá agus bille mór pinsean, a chuimsíonn pinsin fhostaithe Bhord na Gaeilge, an eagraíocht a bhí ann sular bunaíodh an Foras, ag cruthú deacrachtaí d’Fhoras na Gaeilge le roinnt blianta anuas.
Léirigh miontuairiscí ó chruinnithe de chuid bhord an Fhorais anuraidh go mbíonn ar an eagraíocht pinsean a íoc do 30 duine a bhíodh ag obair do Bhord na Gaeilge roimhe sin. As an mbuiséad reatha a thagann na híocaíochtaí pinsin seo gach bliain, rud nach mbíonn i gceist le go leor leor eagraíochtaí eile.
Dúradh gur “costas dosheachanta” a bhí sna pinsin agus cé go raibh “treoir shoiléir” tugtha ag an dá rialtas gur chóir maoiniú breise a chur ar fáil le bille na bpinsean a íoc, ní raibh “an treoir sin á cur i bhfeidhm”.
De réir mar a mhéadódh ar an gcostas a bhaineann leis na híocaíochtaí sin, is amhlaidh gur “lú a bheadh ar fáil le haghaidh scéimeanna Fhoras na Gaeilge,” a dúradh.
Deir Conradh na Gaeilge gur dócha gurb iad cúrsaí pinsin is mó is cúis leis na deacrachtaí airgeadais ar leith atá ag an bhForas ach nach iad amháin is cúis leis an bhfadhb mhaoinithe atá ag an bhForas.
Deir an rialtas ó dheas go ndéanfar tuilleadh plé ar cheist mhaoinithe Fhoras na Gaeilge ag an gcéad chruinniú eile de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Meastar go mbeidh an cruinniú sin ann roimh dheireadh na míosa seo.
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.