An litir dhearg
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.
Níl deireadh leis an easaontas idir an DUP agus Sinn Féin faoi chomharthaí Gaeilge agus scéal Chros na bhFíodóirí pléite ag cruinniú d’Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann.
Dúirt an LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly gur cinneadh gan dealramh a bhí ann ag an Aire Bonneagair Liz Kimmins a fhógairt go raibh comharthaíocht dhátheangach le cur in airde i Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste. Deir an Chéad-Aire Michelle O’Neill go n-aontaíonn sise leis an gcinneadh agus nár chóir go mbeadh faitíos ar aon duine roimh an Ghaeilge.
D’fhógair an tAire Kimmins ó Shinn Féin go bhfuil comharthaíocht nua ar a mbeadh an Ghaeilge le feiceáil le crochadh san lárionad iompair agus go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil ar na meaisíní ticéad. Meastar go gcosnóidh sé thart ar £120,000 na hathruithe cuí a dhéanamh.
Tá cáineadh déanta ag an DUP ar an gcinneadh, áfach, agus pléadh an scéal ag cruinniú de chuid an fheidhmeannais Déardaoin. Ag labhairt di i ndiaidh an chruinnithe, dúirt Emma Little-Pengelly go raibh “an-díomá” uirthi go ndearna an tAire Kimmins an scéal a fhógairt gan an cinneadh a chur faoi bhráid an fheidhmeannais ar dtús.
Is gá don fheidhmeannas ceisteanna nó cinntí suntasacha nó conspóideacha a phlé ach is faoin Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire atá sé cinneadh a dhéanamh i gcomhpháirt maidir le céard is ábhar conspóideach nó suntasach ann.
Dúirt Little-Pengelly gur “ríléir” don DUP gur ceist chonspóideach a bhí i gceist na gcomharthaí agus gur cheart go mbeadh sí curtha os comhair an fheidhmeannais sula ndearnadh an scéal a fhógairt.
“Sílim gur ait an rud le rá é nach ábhar conspóideach é seo mar sílim go bhfuil an chonspóid sin an-soiléir ón tslí a ndeachaigh san scéal i bhfeidhm ar dhaoine,” a dúirt sí.
Tá sé ina imní anois go mbeidh raic mhór eile in Stormont faoin teanga ar chuma na conspóide a bhí ann roinnt blianta ó shin nuair a chuir iarcheannaire an DUP, Arlene Foster, lucht tacaíochta Shinn Féin i gcomparáid le crogaill a bhíonn i gcónaí ag iarraidh.
Dúirt Little-Pengelly nach raibh sí sásta leis na freagraí a fuair sí ón Aire Kimmins faoin scéal agus go bhfuil sí ag lorg tuilleadh eolais agus “ag cuimhneamh ar an mbealach chun cinn”.
“Tá an chuma air go bhfuil praiseach cheart déanta ag an Aire Bonneagair nua den rud seo,” a dúirt sí.
Dúirt Michelle O’Neill go raibh an cinneadh ceart maidir leis an gcomharthaíocht nua déanta ag a comhghleacaí ó Shinn Féin.
“Is do chách an Ghaeilge. Níl aon chall go mbeadh faitíos ar dhaoine roimh an Ghaeilge,” ar sí.
Dúirt O’Neill nár cheart dul thar fóir faoin scéal, go háirithe nuair a bhí buiséad £16 billiún agus taraifí Donald Trump i measc na n-ábhar eile a pléadh ag an gcruinniú.
Fógraíodh i rith na seachtaine go raibh stop curtha le dearadh na gcomharthaí nua toisc go raibh an seans ann go dtiocfadh an scéal os comhair na cúirte. Tá athbhreithniú breithiúnach á lorg ag an ngníomhaí dílseach Jamie Bryson i gcoinne na Roinne Bonneagair.
Is é Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste, a d’oscail mí Mheán Fómhair seo caite, an lárionaid iompair is mó in Éirinn. Bhí conspóid ann nuair a osclaíodh é mar nach raibh aon chomharthaíocht dhátheangach le feiceáil agus mar gur Weavers Cross amháin a tugadh ar an bhforbairt nua, in ainneoin go raibh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus lucht feachtais ag éileamh go mbeadh brandáil agus comharthaíocht i nGaeilge le feiceáil ann.
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.