An litir dhearg
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.
Níl oiread agus comhartha sráide Gaeilge amháin curtha in airde ag aon cheann de na comhairlí ó thuaidh a thug polasaí nua isteach le déanaí maidir le comharthaí sráide dátheangacha a chur in airde.
Thug trí chomhairle polasaí nua isteach dírithe ar chomharthaí sráide dátheangacha le bliain anuas – Comhairle Chathair Bhéal Feirste, Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach agus Comhairle Ceantair na hArda agus an Dúin Thuaidh – ach de réir figiúirí atá faighte ag Tuairisc, níor cuireadh aon chomhartha Gaeilge nua in airde sna ceantair sin ó shin.
Dúirt Comhairle eile le Tuairisc go bhfuil polasaí don chomharthaíocht dhátheangach acu ó 2015 ach nach bhfuair siad iarratas ar bith ó shin i leith “a chomhlíon critéir an pholasaí”.
I mí Iúil 2022, thug Comhairle Chathair Bhéal Feirste polasaí nua isteach a raibh mar aidhm aige é a dhéanamh níos fusa do dhaoine comhartha a raibh Gaeilge air a chur in airde.
Ó tugadh an polasaí nua isteach, tá 662 iarratas faighte ag Comhairle Chathair Bhéal Feirste ar chomharthaí sráide dátheangacha. Thug an Chomhairle le fios do Tuairisc nach bhfuil ach ocht gcinn de na hiarratais sin ceadaithe agus nach bhfuil aon chomhartha curtha in airde go dtí seo faoin pholasaí nua.
De réir an pholasaí, d’fhéadfadh duine atá ina chónaí ar shráid, nó comhairleoir áitiúil, achainí a dhéanamh ar son comhartha sráide Gaeilge. Má ghlacann 15% de na toghthóirí a chónaíonn ar an tsráid sin leis an moladh, glactar leis.
I ráiteas a chuir urlabhraí Chomhairle Chathair Bhéal Feirste ar fáil do Tuairisc dúradh go bhfuil na hiarratais á mbreithniú de réir mar a chuirtear faoi bhráid na Comhairle iad agus go mbeadh na hiarratais á bpróiseáil “a luaithe is gur féidir”.
Is iad an dá chomhairle eile a thug polasaí nua isteach le bliain anuas ná Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach, comhairle ar tugadh cás Ard-Chúirte ina haghaidh in 2018 mar gheall ar an pholasaí ‘Béarla amháin’ a bhí acu i dtaobh comharthaí sráide, agus Comhairle Bhardasach na hArda agus an Dúin Thuaidh.
Dúirt urlabhraí ó Chomhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach le Tuairisc go bhfuair siad iarratas amháin ar chomhartha Gaeilge ó tugadh an polasaí nua isteach mí na Bealtaine seo caite ach nár ceadaíodh é.
I mí an Mhárta seo caite, tugadh polasaí isteach faoi chomharthaí dátheangacha i gComhairle Bhardasach na hArda agus an Dúin Thuaidh, an chéad uair ag an ch0mhairle sin aon pholasaí a bheith acu i dtaobh comharthaí sráide in aon teanga seachas Béarla.
Dúirt urlabhraí de chuid Chomhairle Bhardasach na hArda agus an Dúin Thuaidh le Tuairisc nach bhfuair siad aon iarratas ar chomhartha sráide Gaeilge ó tugadh an polasaí isteach.
Tá na critéir i bhfad níos déine ag comhairlí áirithe.
Faoi na polasaithe atá ag Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach agus Comhairle Bhardasach na hArda agus an Dúin Thuaidh, is gá d’iarrthóirí achainí a chur leis an iarratas agus ní mór tacaíocht a fháil don iarratas ó 66% de na daoine atá ina gcónaí ar an tsráid atá i gceist.
Fiú agus an tacaíocht sin ar fáil, bíonn an cinneadh “deiridh” ag na comhairlí sin faoin chomhartha a chur in airde nó gan a chur in airde.
Léiríonn an suirbhé a rinne Tuairisc ar an 11 comhairle ó thuaidh go bhfuil difear mór i gcónaí ann sa chur chuige atá ag na húdaráis áitiúla ó thuaidh i dtaobh comharthaí Gaeilge a cheadú.
Tá sé níos fusa ag daoine i gcomhairlí áirithe, comhairlí a bhfuil tromlach náisiúnaithe iontu, iarratas a dhéanamh ar chomhartha sráide Gaeilge agus is mó seans go gceadófar an t-iarratas.
Léiríonn na figiúirí atá faighte ag Tuairisc gurb iad na comhairlí is mó a fhaigheann iarratais ar chomharthaí Gaeilge agus a chuireann comharthaí Gaeilge in airde, Comhairle Ceantair Lár Uladh, Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí agus Comhairle Ceantair Dhoire agus an tSratha Báin.
Comhairle Chathair Bhéal Feirste is mó a fuair iarratais ach níl aon chomhartha curtha in airde acu faoina bpolasaí nua go fóill.
Tá coinníollacha breise i bhfeidhm ag comhairlí áirithe eile, a bhfuil tromlach aontachtaithe iontu, coinníollacha a dhéanann an próiseas níos casta agus níos fadálaí. Ní ghlacann roinnt comhairlí ach le líon beag iarratas gach mí, gearrann comhairlí eile táille ar dhaoine sa chás go n-éiríonn lena n-iarratas agus glactar leis i roinnt comhairlí go gciallaíonn duine nach bhfreagraíonn suirbhé faoi chomhartha dátheangach go bhfuil siad ina éadan.
Níl oiread agus comhartha dátheangach amháin ceadaithe ag Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach, Comhairle Ceantair na hArda agus an Dúin Thuaidh agus, Comhairle Cathrach Lios na gCearrbhach agus an Chaisleáin Riabhaigh, Comhairle Buirge Chathair Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon agus Comhairle Buirge Lár agus Oirthear Aontroma.
Ní raibh Comhairle Chósta an Chlocháin agus na nGlinnte sásta aon eolas a thabhairt do Tuairisc, ach tuigtear nár éirigh le hiarratas ar bith ar chomhartha dátheangach a rinneadh leo go dtí seo.
Tá dualgas reachtúil ar chomhairlí faoin Acht Rialtais Áitiúil (Tuaisceart Éireann) 1995 plé le hiarratais ar chomharthaí sráide i dteangacha eile seachas an Béarla.
Tá comhairle amháin fós gan aon pholasaí maidir le comharthaí sráide, Comhairle Lár agus Oirthear Aontroma.
Comhairle | Dáta an pholasaí | Líon na n-iarratas | Iarratais a ceadaíodh | Comharthaí curtha in airde |
---|---|---|---|---|
Comhairle Chathair Bhéal Feirste | Iúil 2022 | 662 | 8 | 0 |
Comhairle Ceantair Lár Uladh | Bealtaine 2021 | 442 | 355 | 352 |
Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí | Nollaig 2021 | 421 | 100 | 42 |
Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin | Meitheamh 2015 | 315 | 295 | 276 |
Comhairle Dhoire agus an tSratha Báin | 2015 | 181 | 118 | 116 |
Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach | Bealtaine 2022 | 1 | 0 | 0 |
Comhairle Ceantair na hArda agus an Dúin Thuaidh | Márta 2023 | 0 | 0 | 0 |
Comhairle Cathrach Lios na gCearrbhach agus an Chaisleáin Riabhaigh | 2015 | Níor tugadh an t-eolas | 0 | 0 |
Comhairle Buirge Chathair Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon | Deireadh Fómhair 2020 | 3 | 0 | 0 |
Comhairle Chósta an Chlocháin agus na nGlinnte | 2015 | Níor cuireadh aon eolas ar fáil | ||
Comhairle Buirge Lár agus Oirthear Aontroma | Gan aon pholasaí | 0 | 0 |
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.