An litir dhearg
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.
Lag, fann, agus ligeach is atá an Identity and Language (Northern Ireland) Act 2022, ach tá sé ag teacht i bhfeidhm de réir a chéile.
Is fadálach an próiseas é. Níl an reachtaíocht i bhfeidhm go hiomlán agus ní bheidh go luath. Ní mór an chuid is mó dó “a thosú” le horduithe a dhéanann Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann.
Is mar thoradh ar an socrú ‘Ré Nua, Cur Chuige Nua’ é an tAcht Teanga agus Féiniúlachta 2022 – acht nach ndéanann aon ‘cheart teanga’ a achtú ar chor ar bith – mar sin féin, rinne Gaeilgeoirí i gcoitinne an cinneadh chun an bua seo a cheiliúradh.
Tá deireadh curtha leis an Administration of Justice (Language) Act (Ireland) 1737 anois, acht a chuir cosc ar an nGaeilge sna cúirteanna agus i ndoiciméid dhlíthiúla go héifeachtach.
Níor ghlac sé ach trí bliana ar an rialtas an píosa páipéir riachtanach a shíniú. Beidh le feiceáil cén toradh a bheas air seo, mar sin féin, tá roinnt aontachtaithe ar buile faoi, iad buartha go ndéanfar leithcheal orthu sa chás go n-úsáidfear Gaeilge sna cúirteanna. Ach cheana, ní fheictear dom go mbeidh mórán ag iarraidh go gcloisfear cásanna cúirte sa Ghaeilge.
Agus anois tá sé fógartha ag an Chéad-Aire Michelle O’Neill agus ag an Leas-Chéad Aire Emma Little-Pengelly go bhfuil siad ag cur tús leis an bpróiseas chun Coimisinéir Gaeilge a cheapadh, faoi dheireadh thiar thall.
Tá siad chun Coimisinéir Albainis Uladh agus um Fhéiniúlacht Bhriotanach a cheapadh chomh maith, d’ainneoin gur Caitlicigh roinnt mhaith den dornán cainteoirí dúchais atá fágtha ag an Albainis in Ultaibh.
Anois, tá sé ríthábhachtach a thuiscint – cé go mbeidh próiseas earcaíochta ceart ann, gurb iad an DUP agus Sinn Féin a cheapfaidh an bheirt seo le chéile, agus caithfidh siad beirt aontú ar an dís a cheapfar.
Ceann duitse, ceann domsa? Seans gur mar sin a bheas sé agus ní chuirfidh siad isteach ar a chéile.
Ach tá go leor tuairimíochta ag dul thart maidir leis an gCoimisinéir Gaeilge, cérb í nó é, sin an cheist ach tá gach duine ar aon fhocal, baineann go leor leis an duine sin féin – saineolaí dlí, Gaeilge, ceart teanga atá de dhíth, duine a thuigeann cén chaoi a n-oibríonn an córas.
Ach tá buairt ann nach mbeidh baint róláidir ag an té a cheapfar le pobail Ghaeilge an Tuaiscirt.
Tá tuairimíocht ann ná go gceapfar ‘deisceartach’ chun ‘neamhspleáchas’ a léiriú nó go gceapfar cainteoir Gaeilge éigin ó chúlra ‘measartha’ atá ábalta a bheith ag obair go maith le córas Thuaisceart Éireann ach nach seasfaidh go láidir ar son an phobail.
Gach seans go bhfuil sé sin go léir an-mhíchothrom ar fad agus go mbeidh smál ar an gcoimisinéir nach bhfuil tuilte acu ón gcéad lá.
Is furasta a thuiscint go mbeidh sé ina ról an-chasta.
Ach tá na feachtasóirí ar labhair mise leo measartha cinnte faoi rud amháin – nach óna measc a roghnófar an té seo – beidh le feiceáil. Ar an lámh eile, tá tuiscint ann nach ionann scileanna an fheachtasóra agus scileanna an choimisinéara.
Dúirt státseirbhíseach Gaelach liom: “Is fiú dúinn a bheidh ag obair leis an scian a bheas againn go dtí go mbeidh scian níos fearr againn.
“Beidh sé doiligh, ach tá seans ann anois. Níl ann ach uirlis. Muna mbíonn muid in ann í a úsáid mar is ceart, orainn an dualgas mar phobal is dócha
“Caithfidh an pobal féin tuiscint a fháil ar an ról agus gan a bheith ag amharc ar an duine mar namhaid nuair nach mbainfidh muid rudaí amach láithreach.
“Jab polaitíochta é – ní fiú duine den lucht agóidí ach ab é go dtuigeann siad cleasaíocht an mhaorlathais agus go dtuigeann siad cad is rud cur i bhfeidhm na reachtaíochta, na mbeartas agus an dea-chleachtais – rudaí difriúla ar fad.”
Is dóigh liom gur cruinn an léamh sin ar an scéal.
Gné eile den scéal ná go ndéanfar grinnscrúdú ar an té a cheapfar, beidh cuid den fheachtasaíocht agus an phoiblíocht ag baint leis an-ghránna ar fad agus in amanna contúirteach, ní mór do dhaoine cuimhneamh air sin.
Is féidir le gníomhaithe áirithe frith-Ghaeilge a bheith an-bhagrach ar fad.
Is dócha gur idir £80k agus £90k a bheas an tuarastal – an fiú é?
Ba é ról an choimisinéara úsáid na Gaeilge ag údaráis phoiblí a chosaint is a láidriú.
Ná bí ag súil le cearta teanga go fóill beag.
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.