An litir dhearg
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.
Chuaigh breis agus 40 grúpa Gaeilge ar stailc ar feadh ceithre huaire an chloig ar fud na tíre inniu chun aird a tharraingt ar an gconspóid faoi mhaoiniú eagraíochtaí Gaeilge.
Chuir baill de na grúpaí Gaeilge picéid ar n-oifigí féin idir 9 a chlog ar maidin agus 1 a chlog am lóin lena míshásamh faoina bhfuil ar bun ag roinnt polaiteoirí a léiriú.
Baineann an scéal leis an laghdú de thart ar €820,000 ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge a fógraíodh ag deireadh na míosa seo caite agus faoin laghad maoinithe a chreideann na grúpaí Gaeilge a chuirtear ar fáil don Fhoras go ginearálta.
Bheartaigh an Foras deireadh ar fad a chur le tograí áirithe agus tograí eile a ghearradh siar mar gheall ar an laghdú ar bhuiséad na heagraíochta.
Is cosúil gur coistí beaga agus eagraíochtaí pobail is mó a bheas thíos leis agus deirtear go bhfuil baol mór ann nach mbeidh cuid acu in acmhainn cíos a íoc feasta.
Bunaíodh Foras na Gaeilge faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998 agus fearacht fhorais eile trasteorann, tagann 75% de chiste an eagrais ó Rialtas na hÉireann agus 25% ó Fheidhmeannas Stormont.
Tá modh nua maoinithe socraithe le bonn níos láidre a chur faoin bhForas ach níl sé curtha i bhfeidhm ag Feidhmeannas Stormont fós mar nach bhfuil an DUP sásta glacadh leis.
Tá na grúpaí Gaeilge ag éileamh ar Rialtas na hÉireann agus ar Rialtas na Breataine araon idirghabháil a dhéanamh sa scéal agus maoiniú na hearnála Gaeilge a mhéadú agus a dhaingniú.
Is iad na grúpaí a bhí ar stailc inniu An Bruach Thoir, Gaillimh; An Ceathrú Póilí, Aontroim; An Droichead, Aontroim; An Siopa Leabhar, Baile Átha Cliath; Áras Chrónáin, Baile Átha Cliath; Baile Seirbhíse Gaeltachta An Chlocháin Léith, Dún na nGall; Bia Loch Lao, Aontroim; Cairde Uí Néill, Tír Eoghain; Cathair Saidhbhín le Gaeilge, Ciarraí; Comhaltas Ceoltóirí Éireann Dhún Lathaí, Aontroim; Cill Dara le Gaeilge; Coiste Forbartha Charn Tóchair, Doire; Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Ciarraí; Conradh na Gaeilge, Náisiúnta; Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar, An Dún; Cultúrlann Mac Adam Ó Fiaich, Aontroim; Cultúrlann Uí Chianáin, Doire; Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Aontroim; Cumann Óige Uachtar Chluanaí, Aontroim; Cumann na bhFiann; Dúchas an Daingin, Ciarraí; Dún Garbhán le Gaeilge; Fís an Phobail, Aontroim; Fóram na nÓg, Aontroim; Gaeil na nGlinntí, Aontroim; Gaeil Ruairí Óig, Aontroim; Gaelphobal Ard Mhacha Theas; Glór Mhachaire Fíolta, Doire; Glór na Maoile, Aontroim; Glór na Móna, Aontroim; Glór na nGael; Glór na Speiríní, Doire; Glór Uachtar Tíre, An Dún; Ionad na Fuiseoige, Aontroim; Ionad Uíbh Eachach, Aontroim; Líonra Leitir Ceanainn, Dún na nGall; Meitheal Pleanála an Iarthuaiscirt, Dún na nGall; Muineachán le Gaeilge; Oireachtas na Gaeilge; Tobar Dhuibhne, Ciarraí; agus Turas, An Dún.
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.