An litir dhearg
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.
Ní haon Dome of Delight atá i Halla na Cathracha ach Cruinneachán Crá. Tá ceist na gcomharthaí sráidainmneacha dátheangacha ina cíor thuathail agus cluichí polaitíochta ag teacht idir pobal na Gaeilge agus ár gcearta.
Tá sé mar dhualgas ar chomhairlí áitiúla an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn. Tá an oiread sin constaicí fite fuaite i bpolasaí reatha na Comhairle Cathrach ar chomharthaí sráidainmneacha, áfach, nach bhfuil an dualgas sin á chomhlíonadh acu.
Tá ceithre mhórchonstaic le sárú ag aon ghrúpa atá ag iarraidh comhartha dátheangach a chur in airde ar a sráid féin.
Tá athruithe ar an pholasaí mhíchothrom seo á moladh ag pobal na Gaeilge le fada an lá. Le blianta beaga anuas, tá an t-éileamh á lua go soiléir ag Conradh na Gaeilge leis na páirtithe sna toghcháin áitiúla. Ar an drochuair, fágadh ceist na comharthaíochta as an áireamh sa reachtaíocht teanga a gealladh sa chomhaontú mór i mí Eanáir i mbliana. Siocair nach ann don Choimisinéir Gaeilge fós, ní féidir an cheist a ardú i gcomhthéacs na gcaighdeán teanga a bheidh le comhlíonadh ag comhairlí áitiúla.
Is amhlaidh atá iarrachtaí macánta ar bun ag roinnt páirtithe sa Chomhairle Cathrach leis an pholasaí a fheabhsú, agus tá an chuma ar an scéal go n-éireoidh leo. Ach níl sé ag tarlú go réidh.
Tá sé molta ag Sinn Féin fáil réidh le formhór na gconstaicí thuasluaite. Ba mhaith leo gur leor móramh simplí 50%+1 sa suirbhé a reáchtálann an Chomhairle. Ba mhaith leo go mbeidh na torthaí bunaithe ar an líon daoine a fhreagraíonn an suirbhé, ní ar an líon vótóirí ar an tsráid. Agus maidir leo siúd nach nglacann páirt sa suirbhé, molann siad na daoine sin a fhágáil as an áireamh ar fad. Tá SDLP agus PBP ag tacú le moladh Shinn Féin.
Tá dhá pháirtí a mhaíonn go bhfuil siad forásach, Alliance agus an Comhaontas Glas, ag tarraingt na gcos. Is léir nach bhfuil a ngoile láidir go leor fós d’fheiceálacht na Gaeilge ar bhonn cothrom in ainneoin go ndeir siad go bhfuil siad i bhfách le hAcht Gaeilge. Is léir go gcreideann siad go fóill go bhfuil rud inteacht amhrasach ag baint leis an Ghaeilge inti féin agus gur chóir go fóill póilíneacht a dhéanamh ar éilimh ar chomharthaí dátheangacha.
D’iarr Michael Long ó Alliance comhairle dlí faoi mholadh Shinn Féin gur leor móramh simplí 50%+1 de fhreagróirí ar shuirbhé na Comhairle le comhartha dátheangach a cheadú. Dúirt dlíodóir na Comhairle, John Walsh, go bhfuil an moladh slán i bprionsabal, ach chomhairligh sé leasú a dhéanamh air. Dar leis, ba ghá go mbeadh ar a laghad trian de na vótóirí cláraithe páirteach sa suirbhé le go mbeadh an próiseas ionadaíoch ar an phobal.
Anois, ní fios cad chuige ar ‘trian’ a mhol an dlíodóir seachas, abair, aon chúigiú nó deich faoin gcéad. Níl a leithéid de thairseach i bhfeidhm in aon chomhairliúcháin ná vótaí poiblí eile a reáchtálann an Chomhairle Cathrach, go bhfios dom. Dar le Conradh na Gaeilge agus leis an Dream Dearg, tá trian ró-ard. Dúirt Daniel Holder ó CAJ gur ‘srian dochosanta’ atá ann. Tuigtear dom gur iarr Walsh ar abhcóide tuairim a nochtadh ar an cheist agus gur aontaigh sí le moladh an triain. Ach cén bunús atá acu leis an fhigiúr draíochta seo?
De réir mar a thuigim, seo an tuairim a chuir an abhcóide i láthair: mura nglacfadh ach líon beag daoine páirt sa suirbhé, ba mhór an dóchúlacht go n-ardófaí ceist sa chúirt faoi bhailíocht na dtorthaí. Sin tuairim abhcóide amháin. Cad é an tuairim a bheadh ag abhcóide eile a bhíonn ag plé go sainiúil le cearta teanga agus le cearta an duine ó lá go lá? An mbeadh tuairim éagsúil aicise? B’fhiú don Chomhairle sin a fhiosrú.
Tugtar ar aird fosta go bhfuil polasaí cosúil leis an cheann sin atá á mholadh ag Sinn Féin i bhfeidhm cheana féin le tamall maith de bhlianta i Lár Uladh agus san Iúr agus nár ardaíodh aon cheist fós faoi in aon chúirt.
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.