Nuacht

2022: An bhliain leis na breoslaí iontaise a fhágáil sa talamh

Is ionann ‘Net Zero’ COP26 agus an sop in áit na scuaibe, is bréag é -- thug Greta Thunberg “scam” air. Tá ‘RealZero’ de dhíth orainn!
2022: An bhliain leis na breoslaí iontaise a fhágáil sa talamh

Tháinig dhá rud as comhaontú aeráide Paris i 2015. Bhí an dá rud seo i lár an aonaigh arís i mbliana ag COP26. Ardú teochta na cruinne a choinneáilt faoi 1.5C go deireadh an chéid, agus coimitmint ag na sínitheoirí ‘Net Zero’ a bhaint amach fá spriocdhátaí ar leith.

Baineann ‘NetZero’ le hastaíochtaí carbóin - an phríomhchúis leis an téamh domhanda. Go simplí, ciallaíonn Net Zero nach bhfuil astaíochtaí carbóin ag baint an atmaisféar amach. Ach tá bealaigh éagsúla molta leis an sprioc sin a chomhlíonadh.

Sa chéad dóigh, déantar dícharbónú ar an gheilleagar. Sa dara dóigh, bíonn astaíochtaí carbóin ann go fóill, ach faightear ‘greim’ orthu agus próisealtar iad sula n-éalaíonn siad isteach san atmaisféar.

Sa chéad dóigh – dícharbónú - ciallaíonn sin breoslaí iontaise a fhágáil sa talamh, aistriú a dhéanamh go foinsí inathnuaite, agus cruth difriúil a chur ar an chóras eacnamaíochta trí chéile. Sa dara chás, tá muid ag braith ar theicneolaíocht ‘gabháil agus stóráil charbóin’ (GSC).

NetZero Ag COP26

Ag Cop26, maraon le Paris roimhe sin, is é an dara mhúnla de NetZero atá go mór chun tosaigh. Is beag an suim atá ann scaradh ó na breoslaí suntasacha – fiú amháin an chaint uilig ar droim láimhe a thabhairt don ghual is béalghrá atá i neart dó. Sa scéal seo, déanfar roinnt íslithe, cuirfear brú ar dhaoine bogadh go gluaisteáin leictreacha, agus amharcfaidh GSC i ndiaidh na n-astaíochtaí atá fágtha.

Ar a dtéarmaí féin, tá go leor ann le bheith amhrasach faoi. Le seans a thabhairt dúinn teocht na cruinne a smachtú tá rabhadh na heolaíochta ríshoiléir: tá ísliú suntasach, radacach, gasta, ar úsáid breoslaí iontaise de dhíth orainn. Sin teachtaireacht an IPCC, an Climate Action Tracker, agus neart neart eile. Gan a leithéid, beidh muid ag snámh in easa.

Tá nasc bunúsach ann idir na fíoraicí tromchúiseacha sin uilig. Sin é go bhfuil córas caipitlíoch againn a alpann acmhainní nádúrtha an domhain ar mhaithe le mian simplí amháin: brabús.

Ach éiríonn seasamh na gcumhachtaí móra níos measa arís nó níl aon fhianaise ann go n-oibríonn an teicneolaíocht GSC. I bParás, i 2015, bhí siad ag braith go mór mór ar próiseas darb ainm BECCS – anois, tá an fhianaise soiléir: níl BECCS iontaofa!

Ar an drochuair, mugadh magadh atá sa leagan de Net Zero a bhí in úsáid ag COP26 agus i bParis roimhe sin.

Fág sa Talamh Iad

Tá leathchuid de mhamaigh, d’éanacha, de reiptílí agus d’éisc an domhain díofa le daichead bliain anuas. Tá na céadta mílte daoine ruaigthe óna gceanntracha dúchais le blianta beaga anuas mar gheall ar bhabhtaí adhaimsire. Dar leis an UN, tá 60 fómhar fágtha ar a mhó sula mbeidh ithir an phlainéid ró-ídithe leis an domhan a chothú.

Fórmhór na n-astaíochta carbóin i stair an chine daonna, táirgíodh iad san am ó bhí an ‘Earth Summit’ ann i 1992.

Tá nasc bunúsach ann idir na fíricí tromchúiseacha sin uilig. Sin é go bhfuil córas caipitlíoch againn a alpann acmhainní nádúrtha an domhain ar mhaithe le mian simplí amháin: brabús.

Is ionann ‘Net Zero’ COP26 agus an sop in áit na scuaibe, is bréag é – thug Greta Thunberg “scam” air. Tá ‘RealZero’ de dhíth orainn: caithfidh muid breoslaí iontaise a fhágáil san áit a bhfuil siad, faoin talamh. Is fiú faic aon pholasaí aeráide nach ndéanann amhlaidh.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|