Nuacht

Léargas ar ár logainmneacha comhroinnte

Agus muid ag teacht amach ón phaindéim, tréimhse ina raibh deis againn meas agus aird a fhorbairt don tírdhreach agus d’ár dtír, tá sé ríthábhachtach go bpléitear ár logainmneacha chun oidhreacht s’againn a thuiscint san iomlán
Léargas ar ár logainmneacha comhroinnte

Tá logainmneacha bainte go dlúth lenár saol sa lá atá inniu ann, cionn is go mbíonn ceangail éagsúla ag gach duine le háiteanna éagsúla agus go mbíonn logainmneacha na n-áiteanna seo in úsáid againn go laethúil sa chomhrá.

Chomh maith leis na bailte móra, bíonn logainmneacha na mbailte fearainn in úsáid ag cuid mhór daoine, go háirithe nuair a chuirtear ceist orthu faoin áit ina bhfuil siad ina gcónaí. An méid sin ráite, áfach, bíonn iontas ar dhaoine nuair a chloiseann siad faoi thraidisiúin ar leith na logainmneacha in Éirinn.

Feictear an chéad tagairt do logainmneacha na hÉireann mar chuid de Ptolemy’s Geography (150AD), agus i ndiaidh sin feictear logainmneacha sa Ghaeilge agus sa Laidin ón séú haois ar aghaidh. Mar sin, cad chuige nach bhfuil an t-eolas nádúrtha sin ag cuid mhór againn ar stair na logainmneacha anseo, agus an tábhacht a bhaineann leo?

Athraíodh bunleagan na logainmneacha in Éirinn de réir nósanna an Bhéarla, agus mar sin aistríodh roinnt acu go Béarla; tugadh ainmneacha nua d’áiteanna i mBéarla, ach galldaíodh an chuid is mó s’acu de réir litriú an Bhéarla. Mar sin, sa lá atá inniu ann, is iad na logainmneacha Béarla seo a fheictear ar na comharthaí sráide, a chluineann túl i mbéal an phobail, agus is de bharr sin nach dtuigeann cuid mhór daoine traidisiúin luachmhar na logainmneacha in Éirinn.

Insíonn an logainm Léim an Mhadaidh finscéal spéisiúil dúinn, nuair a léim madadh de chuid Thaoisigh Uí Chatháin trasna altán domhain na habhann Ró sa cheantar, chun teachtaireacht rabhaidh a sheachadadh go Caisleán Uí Chatháin.

Meastar go dtagann timpeall 95% d’ár logainmneacha go díreach ón Ghaeilge agus tá tasc casta ag taighdeoirí chun bunlogainmneacha na n-áiteanna anseo a oibriú amach. Tá cuid mhór den taighde seo ar fáil ar placenamesni.org, agus nuair a fheictear bunleagan ár logainmneacha mínithe ar an tsuíomh seo, samhlaíonn an ciall stairiúil s’acu gnéithe d’ár dtírdhreach, seanfhoirgnimh, struchtúir mhóra agus laochra stairiúla, gan ach beagán a lua.

Go háirithe agus muid ag teacht amach ón phaindéim, tréimhse ina raibh deis againn meas agus aird a fhorbairt don tírdhreach agus d’ár dtír, tá sé ríthábhachtach go bpléitear ár logainmneacha chun oidhreacht s’againn a thuiscint san iomlán.

Smaoinigh ar Léim an Mhadaidh mar shampla - insíonn an logainm seo finscéal spéisiúil dúinn, nuair a léim madadh de chuid Thaoisigh Uí Chatháin trasna altán domhain na habhann Ró sa cheantar, chun teachtaireacht rabhaidh a sheachadadh go Caisleán Uí Chatháin.

Smaoinigh ar Sean Chill, logainm ina bhfuil fuaimniú na Gaeilge le chloisteáil go láidir sa leagan galldaithe, Shankill. Déanann an logainm seo, a chiallaíonn old church, cur síos ar eaglais meánaoiseach a bhí suite ar an suíomh ina bhfuil Eaglais na hÉireann Naomh Maitiú sa lá atá inniu ann.

Taispeánann an dá shampla seo fiú, stair tábhachtach ár gceantair anseo atá le foghlaim ónár logainmneacha, agus toisc go dtagann bunús ár logainmneacha go díreach ón Ghaeilge, tá sé ríthábhachtach go ndéanamid ár ndícheall chun an stair agus oidhreacht thar a bheith luachmhar s’acu a thuiscint.

Mar sin, leis an fheasacht agus tuiscint luachmhar seo ar stair na logainmneacha agus na cialla ar leith s’acu, is féidir le logainmneacha suim inár n-oidhreacht chomhroinnte anseo a spreagadh, athmhuintearas a chothú sa sochaí ilteangach s’againn an lae inniu, agus an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga chomhroinnte.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|