An litir dhearg
Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.
Nuair a dúirt Arlene Foster mar chéad-aire in 2017 – agus í ag cur in éadan Acht na Gaeilge – go raibh níos mó daoine sna sé chontae ag labhairt Polainnise ná mar a bhí ag labhairt Gaeilge, níor nocht sí cén fáth. Níor nocht sí, mar shampla, go raibh máistrí s’aici i Westminster chomh maith lena réamhtheachtaí freagrach as an chos ar bholg agus mionlú ar an teanga dhúchais le céadta bliain anuas.
Smacht sóisialta agus polaitiúil a bhí i gceist leis an choilíneachas cultúrtha seo – ach mar a fheicimid go minic sa stair, faoi dheireadh thiar thall, ní mar a shíltear a bhítear.
Mar a dúirt ceannródaí Ghaeltacht Bhóthar Seoighe, an chéad Ghaeltacht uirbeach i mBéal Feirste, Séamus Mac Seáin, bhí ‘spiorad na hagóide beo i gcónaí i measc Ghaeilgeoirí Bhéal Feirste, a bhuíochas, b’fhéidir, leis an stát a bhí á rialú ó Stormont, stát ina raibh Gaeilgeoirí mar mhionchuid de mhionchuid agus leatrom á dhéanamh ar an iomlán againn.’
Nochtadh an neamhréiteach seo arís nuair a spreag leithcheal an DUP agus an Údaráis Oideachais, trí na conspóidí Líofa agus óige in 2016/17, a mhalairt de spriocanna s’acu: an tonn dhearg.
Tharla amhlaidh i mo cheantar féin san Ormeau Íochtarach i nDeisceart Bhéal Feirste nuair a tháinig an Ghaeilge slán ansin le linn thréimhse claochlaithí na 1990í sa cheantar. Ba rud iltaobhach é an cos ar bolg sa cheantar ag an am sin óir bhí dífhostaíocht, maruithe seicteacha, claonpháirteachas an stáit, paráidí na bhfear buí, leithcheal na Gaeilge agus an t-anás fite fuaite lena chéile in aon chriathar amháin leatroim.
D’aithin an grúpa radacach pobalbhunaithe áitiúil, Lower Ormeau Residents’ Action Group (LORAG), cé chomh tábhachtach is a bhí an Ghaeilge chun dúshlán a thabhairt don bhochtanas agus cos ar bholg sa cheantar, mar a scríobh Frantz Fanon ‘the poverty of the people, national oppression and the inhibition of culture are one and the same thing.’
Bhí tograí athshlánaithe faoi lán seoil ag ár gcomharsana sa Trá Ghearr (An Tine Bheo agus Naíscoil Mhic Airt) agus sa Mhargadh (Naíonra an Mhargaidh) sna 1970í agus 1980í ach thit na tograí seo nuair a bhain Rialtas na Breataine maoiniú uathu.
D’ainneoin an buille seo, tháinig an trí cheantar le chéile chun An Droichead a bhunú in 1992, tionscadal athshlánaithe úr a bhunaigh naíscoil agus bunscoil ar an Ormeau Íochtarach agus atá ag dul ó neart go neart go fóill inniu. D’amharc lucht oibre an Ormeau ar thionscadal díchoilínithe An Droichead mar léaró dóchais i dtréimhse dhorcha.
Is ionann an léaró dóchais seo agus díchoilíniú. I ndiaidh fheachtas An Dream Dearg tá daoine óga An Droichead ag labhairt a dteanga dhúchais le níos mó bróid ná ariamh. Tá níos mó daoine ag foghlaim na Gaeilge ná ariamh. Is ionann seo uilig agus díchoilíniú.
Ní mór dúinn leanstan ar aghaidh ag scaipeadh an léaró díchoilínithe seo, i bhfocail cháiliúla Uí Chadhain, sna háiteanna is tréine ina bhfuil an dúshlán in aghaidh an rachmais, in aghaidh na héagóra, ar son na bhfann agus na mbocht, mar a bhí déanta i mBóthar Seoighe agus Ormeau, sa tréimhse chlaochlaitheach atá romhainn.
Beirimis bua.
Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.