An litir dhearg
Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.
Tá an bhliain úr buailte linn. Tá smúit an gheimhridh á baint dínn againn, agus táimid réidh le tabhairt fé 2023 lena bhfuil de mheanma agus de mhisneach againn. Tar éis cianta fadálacha fé chois throm thútach an impiriúlachais, casadh cor stairiúil in aistear na nGael le déanaí nuair a tugadh aitheantas oifigiúil i bhfoirm reachtaíochta do theanga dhúchais na hÉireann sna 6 chontae.
Cuireadh deireadh le péindlíthe Sheáin Bhuí fé dheireadh agus fé dheoidh, agus tá an dóchas i réim i measc phobal na Gaeilge ó shin. Gaisce suntasach stairiúil is ea an t-aitheantas céanna, a d’eascair as spiorad dochloíte an phobail réabhlóidigh agus tréaniarrachtaí na bhfathach Gael leis na céadta bliain anuas.
Is go dianmhaith a thuigimid nach ionann tabhairt isteach agus cur i bhfeidhm reachtaíochta, áfach. Chuir Ciarán uasal Mac Giolla Bhéin an baol a bhaineann leis seo trí chéile in alt tábhachtach leis tar éis na Nollag. Chuir sé rabhadh an Chadhnaigh fénár mbráid, ag meabhrú dúinn gur fearr cos ar bolg ar uairibh ná cur i gcéill. Éistimis go géar le teachtaireacht Chiaráin, mar sin, agus déanaimis deimhin de ná casann an roth i dtreo na staire arís.
Léiríonn an taithí atá againn sna 26 chontae gur minic ná bíonn i stádas nó aitheantas oifigiúil teanga ach caint san aer agus ómós siombalach gan dealramh. Tugadh cosaint bhunreachtúil don nGaeilge den gcéad uair i mBunreacht Shaorstát Éireann in 1922. Tógadh ar an gcosaint chéanna i mbunreacht “Phoblacht” na hÉireann in 1937, nuair a deineadh “príomhtheanga oifigiúil” di, agus nuair a beartaíodh go bhféadfaí Gaeilge nó Béarla a úsáid le haghaidh “gnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit”. Seasann an bunreacht seo inniu.
Breis is ceithre scór bliain tar éis a dheartha áfach, d’áitigh Conradh na Gaeilge go bhfuil,
“difríocht shuntasach anois idir reitric oifigiúil an Stáit […] agus fíorpholasaí an státchórais i leith na Gaeilge”.
Tá an teachtaireacht úd ina macalla ar an méid a bhí le rá ag an mBreitheamh Sinsearach Úna Ní Raifeartaigh, a mhaígh bliain roimis in 2020 go bhféadfadh go raibh baint ag neamhshuim an Stáit le “díothú na teanga”. Go deimhin fhéinig d’éirigh an chéad Choimisinéir Teanga sa deisceart, Seán Ó Cuirreáin, as a phost ar fad in 2014 mar gheall ar easpa gnímh an rialtais agus imeallú na teanga sa státchóras dá dheascaibh.
Aithnítear inniu go bhfuil fadhbanna móra le caighdeáin an aistriúcháin i gcóras na gcúirteanna. Níl Gaeilge ar thoil ach Garda as triúr sa Ghaeltacht de réir áireamh a deineadh in 2019. Tháinig méadú 20% ar ghearáin a cuireadh fé bhráid an Choimisinéara Teanga in 2021, agus bhain gach cúigiú ceann acu le heaspa seirbhísí trí mheán na Gaeilge.
Tá géarchéim theangeolaíoch sa Ghaeltacht agus tá polasaithe nualiobrálacha an rialtais á tachtadh ar fad. Tá bac ag an rialtas ar fhorbairt na Gaelscolaíochta ceal suime, agus tá maoiniú ríthábhachtach á bhaint agus á shéanadh ar ghrúpaí teanga agus Gaeltachta.
An ionann seo agus cearta teanga mar a cheaptar sa bhunreacht iad? An ionann seo agus saoirse chultúrtha, nó an ionann é agus daoirse an nuachoilíneachais?
Is deacair a chreidiúint i bhfianaise na n-argóintí seo nach ag tabhairt fés na sráideanna atáimid ó dheas le fonn fíochmhar chun gnímh. An fhaid is go bhfuil éachtaí á mbaint amach ag pobal na Gaeilge san oirthuaisceart, tá pobal na Gaeilge i gcodanna eile den tír ag srannadh fé scamall na neamhshuime. Ní deas an líomhain í, ach b’fhuirist a áiteamh go bhfuil an ghluaiseacht teanga phobalbhunaithe sna 26 fé shuan ar fad, le corr eisceacht i mBleá Cliath agus sa Ghaillimh.
Is amhlaidh atá agus is amhlaidh a bhí le tamall maith de bhlianta anuas. Tá na seanphoirt chéanna á gcasadh in airde againn agus seanchleasanna á imirt, ach is beag dul chun cinn suntasach atá á dhéanamh againn in aon chor.
I bhfriotail chumhachtacha Mhéabh Uí Bheaglaoich, táimid mar a bheadh seanchurrach, fágtha feoite fuar. Cad chuige an neamhshuim seo? Cad chuige an díomhaointeas, an phatuaire, an fhuarchúis? Déanaim amach gur i ngeall ar stádas agus aitheantas oifigiúil na teanga atá sí. Braithimid, na Gaeil ó dheas - den gcuid is mó - ar ghníomhú an stáit in áit gníomhú ar ár son fhéin.
Fágadh ualach athbheochan na Gaeilge fén stát coimeádach úd in 1922, agus ar an gcóras oideachais a d’fhágadar siúd an t-ualach céanna ó shin. Ligeadh an gníomhaíochas pobail le sruth den gcuid is mó (seachas i gcás Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus tograí suntasacha comhaimseartha eile sna ceantair uirbeacha thuas), agus is ag fulaingt fés na hiarmhairtí atáimid anois na haon lá beo.
Ní fheadair éinne ach gurbh fhearr agus gurbh fhiúntaí i bhfad an chosaint, nú go deimhin an béalghrá, atá ag an nGaeilge sa dlí a bhaint ar fad d’fhonn sinn a chorraí agus a mhúscailt ónar gcodladh. Nach fearr cos ar bolg ná cur i gcéill?
Is ceacht dúinn uilig an méid seo, a chairde, agus an baol céanna ag bagairt ar Ghaeil an tuaiscirt má éiríonn siad as an ngníomhaíochas teanga atá ina lóchrann dóchais dúinn ar fad. Gura fada buan cumhacht agus obair úd na cosmhuintire.
“Gníomh ciniciúil gan tairbhe é cearta teanga a ghealladh don bpobal nó na cearta sin a dhaingniú le dlí mura bhfuil córas éifeachtach i bhfeidhm le cinntiú gur féidir géilleadh do na cearta sin; níl sin ann faoi láthair.”
B’shin a dúirt Seán Ó Curreáin in 2016 agus é ag áiteamh go bhfuil an Béarla éigeantach ag bagairt orainn sa chóras riaracháin phoiblí ó dheas. Foghlaimímis ón taithí úd agus an reachtaíocht á tabhairt isteach ó thuaidh. Ná scaoilimis na maidí le sruth, a chairde, ach géaraímis iad. Cuimhnímis ná fuil sa bhliain romhainn ach céim eile sa streachailt ar son cheart teanga fud fad na tíre.
An fhaid is go mbeidh an chéim úd á glacadh againn, beidh dianmhachnamh le déanamh againn ar thodhchaí ár dtíre. An cheist is mó a bheidh le freagairt sna blianta beaga romhainn againn ná an féidir fíorchearta teanga agus fíorshaoirse chultúrtha a bhaint amach in Éirinn chríochdheighilte.
Conas go mbainfear a leithéid de rud amach riamh, más fé bheannacht Rí Shasana a bheidh sé reachtaíocht teanga a thabhairt isteach sna 6 chontae arís amach anso? Conas is féidir fíorshaoirse chultúrtha a bhaint amach, nuair ag brath ar sheanmhúnlaí chuing an choilíneachais atáimid d’fhonn aitheantas oifigiúil a fháil dár dteanga? Conas is féidir cultúr agus teanga dhúchais na hÉireann a shlánú agus ligean di bláthú, nuair atá an stát ó dheas meáite ar thús áite a thabhairt do chorparáidí, infheisteoirí agus creach-chistí idirnáisiúnta thar rud ar bith eile?
Cad is fiú cearta teanga - fiú más cearta folmha gan mhaith iad - a bheith againn i gcuid amháin den tír, muna bhfuil na cearta ceannann céanna ag Gaeil sa chuid eile den tír? Bíodh siad againn ar fad, nó ná bíodh siad againn in aon chor.
Ní mór saoirse pholaitiúil, féinriail pholaitiúil agus díchoilíniú iomlán a chur i gcrích d’fhonn fíorchearta teanga agus fíorshaoirse chultúrtha a bhaint amach.
Is minic focail Mháirtín Uí Chadhain cloiste againn; gurb í an Ghaeilge athghabháil na hÉireann, agus gurb í athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge. Is bac í an chríochdheighilt ar chearta iomlán teanga agus ar shochaí fhorásach ionchuimsitheach. Tá fianaise na mblianta ina scáthán air sin.
Tabharfaidh Éire nua, Éire aontaithe, deis ar leith dúinn sochaí nua cheartbhunaithe a thógaint ó bhonn. Níl teora leis na féidearthachtaí ní hamháin don nGaeilge, ach do cheisteanna móra eile ár linne leis.
Glacaimis páirt sa chomhrá náisiúnta ar an gceist bhunreachtúil mar sin, óir tabharfaidh sí fuinneamh úr agus misneach athnuaite do Ghaeil i gceithre cneasa na tíre seo. Déanaimis deimhin de gur iarracht chomhchoiteann a bheidh san aistear úd, le glór na nGael agus glór na nGall le clos mar aon.
Cinntímis gur an chosmhuintir agus gur grúpaí ón talamh aníos a mhúnlóidh an comhrá úd agus todhchaí na tíre trí chéile. Tá dóthain damáiste déanta ag lucht an rachmais agus lucht na cumhachta mar atá.
Tá dualgas na gcianta ar ghrúpaí teanga, grúpaí pobail, grúpaí mionlaigh, grúpaí ceartais, ceardchumainn agus eile páirt a ghlacadh sa chomhrá náisiúnta ar Éirinn aontaithe mar sin. Ná ligimis d’fhórsaí coimeádacha nualiobrálacha an comhrá céanna a stiúradh a thuilleadh.
Tá an saol ar bhos ár gcamán againn, a chairde. Buailimis go barra na spéire é gan mhoill. Tá na deiseanna is mó a bhí ag an nGaeilge agus ag pobal na Gaeilge riamh amach romhainn, ach iad a éileamh agus a thapú. Ná habraimís é, ach déanaimis é. Tógaimis Éire nua, Éire aontaithe, le chéile. Is ansin a bhainfear fíorchearta teanga agus fíorshaoirse chultúrtha amach.
Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.