An litir dhearg
Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.
Is ríléir ó na samplaí ionsparáideacha a leag na glúnta úra de Ghaeilgeoirí síos ina rannpháirtíocht ghníomhach agus fheiceálach san fheachtas ar son chearta teanga ó thuaidh go bhfuil daoine óga i gcroílár na hathbheochana teanga anseo. De réir mar a chuaigh an slua de bheagnach 20,000 duine i dtreo Halla na Cathrach ag éileamh a mbunchearta mar chuid den tríú ‘Lá Dearg’ taobh istigh d’ocht mbliana i mí na Bealtaine 2022, bhí Gaeilgeoirí óga go mór chun tosaigh, agus iad breá glórach, ar an slua sin.
Tá na mílte duine óg a bhí i láthair ar an lá ag freastal ar naíonraí, bunscoileanna agus meánscoileanna Gaeilge agus bhí an iliomad bratacha agus meirgí ar taispeáint go bródúil. Chomh maith leis seo, bhí an dúrud póstaeir, plaicird agus comharthaí le sonrú, agus iad ag déanamh ionadaíochta ar na cumainn óige Ghaeilge, earnáil a tháinig go mór chun cinn le deich mbliana anuas mar fhreagra ar éileamh pobail ar son deiseanna foghlama neamhfhóirmeálta trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga.
Agus muid ag breathnú ar thábhacht na ndeiseanna seo, tá sé úsáideach dúinn féachaint ar Choinbhinsiún um Chearta an Linbh de chuid na Náisiúin Aontaithe mar go leagann sé síos go soiléir an dea-chleachtas idirnáisiúnta agus an creatlach ceartbhunaithe ar ceart dúinn ar fad, inár sochaithe éagsúla, a bheith ag plé le daoine óga. Tá an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh ar na ráitis is iomlánaí ó thaobh chearta an pháiste de agus tá sé ar na conarthaí chearta daonna is mó daingnithe ariamh.
Má tá muid chun tuiscint chuimsitheach a fháil ar an dóigh a théann an cáipéis seo i bhfeidhm ar shaolta na nGaeilgeoirí óga, is gá na hailt is suntasaí sa Choinbhinsiún a chur san áireamh.
Déanann Alt 29, mar shampla, plé ar spriocanna oideachais, ag maíomh gur gá
“go bhforbraíonn sé pearsantacht, buanna agus ábaltachtaí an pháiste ina n-iomláine, agus gur gá go spreagann sé meas ar chearta daonna, mar aon le meas ar a dtuismitheoirí, a gcultúr féin agus cultúir eile, agus an timpeallacht.”
Díríonn Alt 30 ar chearta dhaoine óga ó ghrúpaí mionlaithe nó dúchasacha, ag maíomh go bhfuil,
“an ceart ag gach páiste an teanga a fhoghlaim agus a úsáid, mar aon le nósanna agus creideamh a dteaghlaigh, fiú muna bhfuil siad seo ag teacht le móramh na ndaoine sa tír a bhfuil cónaí orthu.”
Faoi dheireadh, díríonn Alt 31 ar chearta na bpáistí agus na ndaoine óga chun sult a bhaint as caithimh aimsire, spraoi agus cultúr, agus luann sé go sonrach go bhfuil an ceart ag gach páiste
“a scíth a ligint agus páirt a ghlacadh i réimse leathan imeachtaí cultúrtha agus ealaíonta.”
Tagraíonn an ghnáth-oideolaíocht traidisiúnta do na spriocanna seo trí dhlinse an oideachais foirmiúil, rud atá teoranta go minic ag srianta an chleachtais ortadocsachta, polasaí foirmiúil oideachais, tearcmhaoiniú agus mar a tharlaíonn próiseas bancaireachta an oideachais (féach Paolo Freire, Pedagogy of the Oppressed) - a chuireann géilliúlacht na ndaoine atá ag dul faoi churaclaim foirmiúil i mbaol.
Ar an lámh eile, cé go bhfuil sé srianta sa chás seo trí pholasaí easnamhach stáit i leith na hoibre óige Gaeilge, féachann an cur chuige neamhfhoirmeálta ar oideachas agus foghlaim ó pheirspictíocht atá níos rannpháirtí, níos daonlathaí agus níos criticiúla. Baineann an cur chuige seo úsáid as cothú caidrimh deonacha, neamhfhoirmeálta chun comhrá a spreagadh idir daoine óga, a bpiaraí agus daoine fásta, agus caitear leo ar chomh-leibhéal agus mar chomh-chruthaitheoirí sa phróiseas foghlama.
Bhí an athbheochan pobal-bhunaithe, a raibh an óige mar chroílár ann, le sonrú i dteacht chun cinn na seirbhísí óige Gaeilge atá go mór faoi bhláth le bhreis agus deich mbliana anuas, ag cruthú deiseanna le haghaidh forbartha pearsanta, sóisialta, polaitíochta agus teangeolaíochta do na mílte duine óga fud fad na hearnála óige. Sna mall nóchaidí eagraíodh deiseanna neamhfhoirmiúil do pháistí agus déagóirí go deonach ag pobail an Uachtar Chluanaí i n-iarthar Bhéal Feirste, faoi scáth ‘An Chlub Eachtra’, ach ó bunaíodh na chéad chumainn óige sa ré úr seo idir 2009-2012, tá aistear dochreidte curtha faoin earnáil, aistear a chuirfeadh athbheochan Bhóthar Seoighe i gcuimhne duit.
Tá níos mó ná 25 seirbhís óige Gaeilge anois ar an fhód, agus tá líon na mball, mar aon le líon na gclár agus caighdeán an tsoláthair seirbhíse, ag dul i méid go tapa, go díreach mar atá ag tarlú le líon na ndaltaí sa Ghaeloideachas foirmiúil. Ar ndóigh, is léiriú iad na seirbhísí seo ar an obair chrua, paisean mar aon leis na híobairtí atá déanta ag na glúnta de ghníomhaithe teanga a tháinig romhainn, rud a aithníonn na gníomhaithe reatha leis an mhana, ‘Ná habair é, déan é!” Tá an eiteas seo fite fuaite in ollstruchtúr na hearnála óige Gaeilge. Is féidir na prionsabail agus na cleachtais atá mar bhonn faoin earnáil óige Ghaeilge atá go mór faoi lán seoil a chur in iúl trí mhúnla na hoibre óige dúchasaí agus a chur chuige - mar sin, cad is obair óige dhúchasach ann?
Is saghas obair óige uathúil í an Obair Óige Dhúchasach, a chuireann cleachtais thraidisiúnta óige san áireamh, agus a bhfuil nasc dúchasach aige leis an tionscadal níos leithne d’athbheochan na teanga agus d’athnuachan pobail, bunchlocha ar tógadh infreastruchtúr agus seirbhísí Gaeilge orthu. Nuair a aithnítear gur cuid riachtanach í an obair óige dhúchasach den tionscadal athnuachana seo, forbraítear tuiscint iomlánaíoch ar phríomhchuspóir na hoibre seo agus na féidearthachtaí forbartha i dtaobh cleachtais chlaochlaitheacha dhíchólainthe.
Tá na mílte Gaeilgeoirí óga ó phobail ar fud an tuaiscirt páirteach i ngrúpaí Gaeilge, lena n-áirítear; cumainn spóirt; ionaid chultúrtha; tograí teaghlaigh agus ealaíne; ionaid chúram leanaí, naíonraí, naíscoileanna, bunscoileanna agus meánscoileanna; tograí pobalbhunaithe; tograí meáin agus raidió; agus feachtais chosmhuintire um chearta teanga, a bhfuil an Ghaeilge ina raison d’être iontu go léir.
Éascaíonn an comhthéacs sóisialta seo an rannpháirtíocht i measc Gaeilgeoirí óga sa Mhúnla Obair Óige Dhúchasach. Ag an aon am amháin, d’fhás obair óige Ghaeilge ina catalaíoch faoi choinne gníomhaithe agus ceannairí óga a chuidigh agus a chuideoidh leis an athbheochan sna blianta amach romhainn. Bíonn constaicí ar forbairt na hoibre, áfach, lasmuigh de Bhéal Feirste go mór mór agus iargúltacht tuaithe agus easpa acmhainní ag dul i gcion uirthi, mar shampla, maoiniú áiseanna, acmhainní agus oiliúint dóthanach, agus deiseanna sóisialta do dhaoine óga.
Leis seo, feictear go bhfuil cumas ag an obair seo tionchar claochlaitheach a imirt. Chun na ceisteanna seo a fhíosrú, tugadh deis taighde a dhéanamh i 2021, do Fóram na nÓg, an ceanneagraíocht ionadaíochta ar son an éarnáil óige Ghaeilge. Bhí sé mar aidhm ag an taighde bearnaí sa rannpháirtíocht agus constaicí ar an mhúnla obair óige Ghaeilge, a foilsíodh in 2015 ag Glór na Móna, a aimsiú. Thairis sin, dhírigh sé ar na buntáistí agus an tionchar dearfach a bheadh ag an obair óige Ghaeilge ar phobal na Gaeilge ar mhaithe le ceachtanna don earnáil óige ghinearálta a aithint, agus eolas a dhéanamh don chreat polasaithe óige sa tuaisceart. Uaidh seo, forbraíodh múnla teoiriciúil don obair óige Ghaeilge a chuimsíonn na téamaí agus na gnéithe cuí.
Cuireann an Obair Óige Dhúchasach an-bhéim ar an ghné atá ag croílár obair óige - caidrimh dhearfacha a thógáil. Spreagann an múnla deiseanna do dhaoine óga caidrimh agus cairdeas a thógáil ag an aon amháin le tuiscint dhomhain a fhorbairt ar cad is caidreamh sláintiúil le duine fásta ann. Cothaíonn an Obair Óige Dhúchasach úsáid shóisialta na teanga ag croílár an tsoláthair agus í ag tabhairt deiseanna do dhaoine óga nasc a chruthú leis an teanga ar bhonn neamhfhoirmeálta.
Spreagann an cur chuige neamhfhoirmeálta i leith teanga, tógáil caidrimh, agus foghlaim leis an Ghaeilge a dhéanamh mar an príomh-mhodh cumarsáide ag croílár na suíomhanna obair óige. Tá sé mar aidhm ag an chur chuige neamhphionósach seo úsáid shóisialta dheonach na Gaeilge a normálú i measc daoine óga. Ina theannta sin, chruthófaí suíomhanna sochtheangeolaíochta tumthacha a chothódh dáimh láidir pobail agus féiniúlachta. Léireodh sé seo an dáimh láidir féiniúlachta in éipeiris na ndaoine óga de bhrí go mbeadh na cumainn ag forbairt taobh le, agus ag foghlaim ó Gaelscoileanna áitiúla agus eagraíochtaí pobail.
Cumasaíonn an fheasacht atá ag daoine óga ar naisc phobal na Gaeilge agus a n-áit ann, na daoine óga iad féin agus tarlaíonn sé go leanann go leor acu ar aghaidh le bheith páirteach i ngníomhaíochas polaitiúil ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Cuireann an bhéim atá ag an mhúnla seo ar smaointeoireacht chriticiúil daoine óga ar a gcumas scileanna abhcóideachta agus cleachtais cumhachtaithe a fhorbairt. Cruthaíonn a leithéid de chleachtais bun don ghníomhaíochas óigebhunaithe a fhágann go bhfuil mothú láidir úinéireachta i measc daoine óga maidir lena gcumainn.
I dtaca leis na constaicí fairsinge ar Ghaeilgeoirí óga, aithníonn an Múnla Obair Óige Dhúchasach an gá le habhcóideacht ar son suíomhanna óige Gaeilge tumthacha ó na daoine óga iad féin. Spreagann an rannpháirtíocht ghníomhach i sealbhú seirbhísi féiniúlacht choiteann i measc Gaeilgeoirí óga, rud a chothaíonn úinéireacht ar na cumainn óige ina measc fosta.
Ag breathnú chun tosaigh, tá an iliomad deiseanna forbartha ann, ach maireann na constaicí atá ag cur bac ar an fhorbairt seo, go príomha in éagmais maoinithe agus acmhainní tosaigh a thugann cinnteacht do chumainn óige Gaeilge gur féidir leo a ndoirse a choinneáil ar oscailt i rith 2023 agus ar aghaidh. Ar an bhealach céanna, léiríonn an fás leanúnach ar an obair óige Ghaeilge an gá le sainscéim stát-mhaoinithe don earnáil óige Ghaeilge a aithníonn uathúlacht na hearnála óige Gaeilge agus a ligeann don fhianaise ar fhás incriminteach na seirbhísí óige Gaeilge.
Ní mór a aithint chomh maith go bhfuil an creatlach reatha don earnáil óige ó thuaidh 25 bliain ar an fhód, níos mó ná deich mbliana sular bunaíodh an earnáil óige Ghaeilge. Teipeann ar ‘A Model for Effective Practice’ (1997) na gnéithe dúchasacha de chur chuige na hoibre óige dúchasaí, agus dá bharr, teipeann air freastal ar riachtanais na nGaeilgeoirí óga, mar atá le sonrú i gCoinbhinsiún um Chearta an Linbh agus neart taighde ábhartha eile. Sa chomhthéacs seo, maireann an earnáil óige Ghaeilge agus leanann sí uirthi ag forbairt, ag obair go crua le páirtnéirí, ag cumadh agus ag forbairt deiseanna sochtheangeolaíochta a thugann an deis do dhaoine óga tionchar a bheith acu ina dtaithí oideachais féin, smaointeoireacht chriticiúil a dhéanamh ar na domhain a bhfuil cónaí orthu iontu agus níos tábhachtaí arís, sult a bhaint agus iad ag caitheamh a saolta trí Ghaeilge.
Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.