Nuacht

Vere Foster - Ní bheidh a leithéid arís ann!

Chuir mé ceist ar roinnt comhghleacaithe de mo chuid ar chuala siad iomrá air agus den chuid is mó níor chuala. Nuair a bhím ag insint scéal Vere Foster ag béal a uaighe agus an leacht chuimhneacháin ag mo thaobh, mothaím go mbíonn an stair beo, go mbíonn a ainm ar ais i mbéal an phobail mar a ba chóir.
Vere Foster - Ní bheidh a leithéid arís ann!

Leis an fhírinne a dhéanamh, nuair a chuala mé ainm Vere Foster agus mé ag teacht i méadaíocht in iarthar Bhéal Feirste, smaoinigh mé i gcónaí ar an cheantar gharbh mhire ag barr na Carraige Báine, New Barnsley, áit a raibh an bhunscoil Vere Foster suite in aice le Bóthar Chluanaí, domhan eile ar fad i gompáraid le Baile Andarsain!

Chuala mé an t-ainm ar uairibh agus mé i mo bhall den chumann óige, i mo dhéagóir, bhí cúpla cumann óige d’arbh ainm Vere Foster fosta ann. Bhuail muid leo ó ham go chéile ag comórtais.

Tamall ina dhiaidh sin, agus mé mar mhac léinn, i m’ábhar múinteora, chuala mé an t-ainm arís agus mé ar an ollscoil. Mhol cuairteoir ón cheardchumann, INTO, dúinn clárú leis an cheardchumann, Cumann Múinteoirí Éireann. Teach Vere Foster an t-ainm a bhí ar an seoladh do lucht Bhéal Feirste agus do mhuintir Bhaile Átha Cliath. Caithfidh gur duine naofa nó bean iontach a bhí inti!

Sula ndearna mé taighde air, bhí mé den bharúil gur bean a bhí ann, de thairbhe an fhocail…Vere. Mhothaigh mé go raibh an t-ainm cosúil le Vera nó rud éigin!

Ach, bhí an t-ainm ligthe i ndearmad ar fad agam arís, go dtí ar na mallaibh.

Tháinig ainm Vere Foster aníos agus mé ag obair ar thionscadal nuálaíoch staire i gcomhair leis an staraí Fheirsteach, Tom Hartley. Is saineolaí é Tom Hartley ar stair na hÉireann, stair Bhéal Feirste agus ar reiligí Bhéal Feirste. Tugann sé camchuairteanna sna reiligí agus pléann na scéalta agus na pearsantachtaí atá faoi chré na cille sna reiligí.

D’oibrigh mé le Tom agus chuir mé aithne air. Is cara liom anois é. Bhí mé féin mar oideachasóir, mhúinteoir gaelscoile, ag iarraidh leagan Gaeilge de na camchuairteanna agus de na leabhair a fhorbairt a bheadh fóirsteanach do pháistí eochairchéim a dó agus eochairchéim a trí sna gaelscoileanna.

Tá go fóill ganntanas áiseanna teagaisc sna gaelscoileanna agus thapaigh mé an deis bheith ag obair le staraí agus ag cruthú áiseanna a rachadh chun foghlaim na bpáistí a shaibhriú agus saol trí Ghaeilge a chur chun cinn……más féidir le camchuairt reilige agus leabhair faoi na reiligí bheith i mBéarla, bhuel, thiocfadh liomsa leagan Gaeilge a thairiscint!

Nach mé a bhí uaillmhianach!

Spreag Tom Hartley mé go mór. Tá mé go mór faoi chomaoin aige. D’éirigh liom na leabhair a scríobh, leabhar amháin faoi Reilig Chathair Bhéal Feirste agus eagrán eile a dhírigh ar Reilig Bhaile an Mhuilinn ar Bhóthar na bhFál. Roghnaigh mé a bheag nó a mhór fiche duine clúiteach a chur i ngach leabhar. Daoine clúiteacha a d’athraigh an domhan, a d’fhág a lorg ar an tsaol agus ar chathair Bhéal Feirste.

Thosaigh mé camchuairteanna le grúpaí ó scoileanna éagsúla agus grúpaí pobail as Gaeilge nó dhátheangach. Tá na camchuairteanna ag dul ó neart go neart agus de dheasca an gheimhridh, níl cuid ar bith beartaithe go dtí Féile an Earraigh i gcomhair le Féile an Phobail i mí Mhárta na bliana seo.

I Reilig Bhaile an Mhuilinn, bhí sé níos fusa domhsa teacht ar laochra móra agus pearsantachtaí móra a d’athraigh an domhan agus a chuir eang sa mhaide mhullaigh. Reilig do Chaitlicigh a bhí ann agus thug mé cuairt ar an reilig go minic sula raibh na leabhair idir lámha agam.

Mar shampla feicfidh tú idir laochra spóirt, pearsantachtaí móra ar nós Charlie Tully (Ceiltigh Bhéal Feirste agus Ceiltigh Ghlaschú), Anto Finnegan (Aontroim agus bunaitheoir an charthanais DeterMND). Tugann muid cuairt ar uaigheanna na laochra poblachtánacha, Winifred Carney, rúnaí James Connolly agus Joe Mc Kelvey, ball d’Óglaigh na hÉireann a chuir an Saorstát chun báis go conspóideach ar an 8ú Nollaig 1922 agus Cogadh na gCarad ag scriosadh na tíre. Na triúr stailceoirí ocrais ó Bhéal Feirste a fuair bás sa bhliain 1981 idir chamáin agam fosta.

Tá neart eile ann sa leabhrán agus ar an chamchuairt, ach beidh ort an leabhar a cheannach ón Chultúrlann, i mBéal Feirste nó níos fearr arís teacht ar an chamchuairt liomsa lena thuilleadh a fháil amach!

I dtaca le Reilig Chathair Bhéal Feirste, ní raibh mé féin chomh heolach ar an reilig sin agus an béaloideas agus scéalta áitiúla atá faoi chré na cille ann. Reilig Phrotastúnach a bhí ann go stairiúil! Dár ndóighe, bhí mé ar an eolas faoin bhalla faoin talamh a scarann na hanamacha Caitliceacha ó na Protastúnaigh ag bun na reilige. Bhí mé ar an eolas chomh maith faoi scéal an Titanic agus stair an Titanic atá i Reilig Chathair Bhéal Feirste agus Edward Harland agus William Pirrie curtha ann. Is féidir stair na tionsclaíochta i mBéal Feirste a fhiosrú sa reilig.

Sna leabhair a chuir mé i dtoll a chéile faoi na reiligí, bhí caibidlí comónta agam sa dá leabhar, faoi na dá reiligí, mar shampla, Spórt, Polaitíocht, Pobal, An Ghaeilge, na hEalaíona agus Oideachas. Bhí Reilig Chathair Bhéal Feirste ní ba dheacra domh maidir le daoine stairiúla a aimsiú i rannóga ar leith. Bhí orm comhairle a lorg ón saineolaí, Tom. Mar mhúinteoir, bhí mé ag iarraidh múinteoir mná nó oideachasóir fir don chaibidil OIDEACHAS. Cothrom na Féinne, tá a fhios agat.

D’oibrigh uncail de mo chuid i Victoria College, Béal Feirste agus luaigh seisean ainm Margaret Byers, oideachasóir, daonchara agus bean a chuidigh le bunú na hotharlainne, RVH ar Bhóthar na bhFál. Bhí sí ina síntiúsóir don otharlann, bean shaibhir a chuidigh le cosmhuintir na cathrach, a throid ar son cearta na mban, ar son cearta na gcailíní a bhí ag sclabhaíocht sna muilte agus ar son cearta oideachais.

Chuir sí brú ar údárais Ollscoil na Banríona mná a ligint isteach ar na cúrsaí agus bhí baint mhór aici le bunú Choláiste Victoria. Bhí sí féin ina múinteoir agus ina stiúrthóir ann.

Bhuel, ar a laghad, bhí duine amháin agam don chaibidil Oideachas, Margaret Byers, atá curtha faoi chré na cille ag bun Reilig Chathair Bhéal Feirste in aice leis an gheata os comhair Naomh Gall CLG.

Bhuail mé le Tom i Reilig na Cathrach ag iarraidh an fhadhb a réiteach. Bhí sé de nós anois againn bualadh ag an bhinse bheag in aice leis an phríomhgheata ar Bhóthar na bhFál.

Chuir mé ríomhphost chuige cheana féin ag impí air cuidiú liom leis na bearnaí a líonadh sa leabhar. Bhí na freagraí i gcónaí aige. Shiúil muid suas an cnoc, an príomhbhóthar sa reilig, ag dul i dtreo an áit a raibh Séipeál na Marbh, ach, níl ann anois, ach clogtheach agus spás natá in úsáid mar charrchlós. Lean muid ar aghaidh Tom ag insint fiche scéal domh faoin am a bhain muid ár gceannscríbe amach, leacht chuimhneacháin Vere Foster.

Bhí an leacht seo suite ag taobh an phríomhbhóthair sa reilig, iontach furast teacht air, dath liath air agus suaitheantas Chumann Múinteoirí Éireann greannta air. Seo an áit a raibh Vere Foster faoi chré na cille. D’inis Tom roinnt scéalta domh faoi shaol Vere. Bhreac mé nótaí agus ansin, rinne mé tuilleadh fiosrúchain agus taighde. Fathach fir a bhí ann. Cad chuige nach raibh a fhios agam faoin fhear seo?

Seo thíos an sliocht ón leabhar faoi Vere Foster.

Rugadh Vere Foster ar an 25ú Aibreán 1819 i gCóbhanhávan, an Danmhairg. Teaghlach saibhir a bhí i dteaghlach Foster agus d’fhreastail sé ar ollscoil agus fuair sé oideachas den chéad scoth, ach d’imigh sé ón ollscoil gan chéim ollscoile.

Rinne sé a lán taistil i Meiriceá Theas agus san Eoraip. Tháinig sé go hÉirinn agus An tOcras Mór i mbarr a réime. Nuair a chonaic teaghlach Foster go raibh daoine ag fáil bháis d’ocras, go raibh easpa bia ann, go raibh rialtas na Breataine ag tarraingt na gcos maidir le cúnamh agus cuidiú, chuir sé isteach go mór air. Mhothaigh sé go raibh air cuidiú le cosmhuintir na hÉireann mar a ba chóir.

Shocraigh Vere Foster agus a dheartháir Frederick cuidiú le muintir na hÉireann teacht slán ón Drochshaol agus bia agus cuidiú a thabhairt dóibh. Chuidigh sé fosta le muintir na hÉireann a d’imigh ar imirce go Meiriceá ar na longa báis. Thaisteal Vere Foster é féin ar long bháis lán le himircigh agus chuaigh sé i bhfeidhm ar Westminister, dáil na Breataine, le coinníollacha ar na longa a fheabhsú agus a dhéanamh níos fearr.

Ach, tá clú agus cáil ar Vere Foster in Éirinn mar gheall ar an ról a d’imir sé le cúrsaí oideachais a dhéanamh níos fearr do dhaoine bochta. Chuidigh sé le hairgead a chur ar fáil do thithe scoile agus d’fhoirgnimh scoile fud fad na hÉireann.

Chuidigh sé le múinteoirí maidir le cúrsaí pá agus le háiseanna teagaisc níos fearr a chur ar fáil do scoileanna náisiúnta. Chuir sé tús le Vere Foster Copy Books le caighdeán na scríbhneoireachta a chur chun cinn.

Ón bhliain 1867 ar aghaidh, chaith Vere Foster mórchuid dá chuid ama i mBéal Feirste. Bhí sé ar an chéad uachtarán de Chumann Múinteoirí Éireann (INTO). Bhailigh sé airgead d’otharlann Ríoga na bhFál ar Bhóthar na bhFál. Bhunaigh sé scoil ealáine i mBéal Feirste.

Chaith sé a chuid airgid féin ar thionscadail agus ar thograí éagsúla sa chathair. Níor phós sé riamh. Fuair sé bás ar an 21ú mí na Nollag agus cuireadh é i reilig Chathair Bhéal Feirste.

Tá roinnt bunscoileanna agus ionaid oideachais ainmithe as in Éirinn. Bhí bunscoil Bhéarla san uachtar Chluanaí ainmithe as i Maigh Ard, in aice le Baile Uí Mhurchú.

I ndiaidh domh labhairt le Tom Hartley an lá sin faoi shaol Vere Foster, bhí a fhios agam go raibh seoid agam don leabhar agus don chamchuairt. Bhí iontas orm fosta nach raibh saol Vere níos mó i mbéal an phobail nó nach raibh comórtais liteartha ná spóirt ainmnithe as.

Chuir mé ceist ar roinnt comhghleacaithe de mo chuid ar chuala siad iomrá air agus den chuid is mó níor chuala. Nuair a bhím ag insint scéal Vere Foster ag béal a uaighe agus an leacht chuimhneacháin ag mo thaobh, mothaím go mbíonn an stair beo, go mbíonn a ainm ar ais i mbéal an phobail mar a ba chóir.

Imirceach a bhí i Foster a tháinig go hÉirinn. Throid sé ar son na ndaoine bochta. Throid sé in éadan an Ghorta Mhóir. Daonchara a bhí ann a mhaoinigh tionscadail oideachais fud fad na tíre agus a bhronn airgead ar otharlann RVH. Oideachasóir a bhí ann a thuig an tionchar a d’imir áiseanna foghlama fiúntacha agus tithe scoile sábhailteacha ar oideachas na bpáistí. Fear a bhí ann a chuir luach ar na healaíona agus ar an fhoghlaim don saol.

Dá mbeadh sé beo inniu, is cinnte go mbeadh sé…….

ag cur fáilte roimh theifigh go hÉirinn, ag troid ar son na ndaoine bochta, ag cur in éadan ciníochais, ag stocaireacht ar son na Gaeilge, ag cur brú ar na húdarais maidir le caighdeán na dtithe scoile, ag cur in éadan na gciorrúithe, ar son na mbéilte saoire, ag maoiniú na gcumann óige, ar son na gcumann bricfeasta, ag bailiú bia do food banks, ag agóidíocht ar son síochána sa Phailistín, ag cur deireadh le zero hour contracts, ag ardú tuarastal na n- oibrithe agus AG TACÚ LE MÚINTEOIRÍ AR STAILC.

Mar a dhéanann gach staraí páirt-aimseartha nó múinteoir lán-aimseartha, tógann agus goideann muid scéalta, fianaise agus eolas. Glacann muid iad agus cuireann ár lorg féin orthu. Nó sa lá atá inniu ann, leis an teicneolaíocht, téann muid ar Google!!

Rinne mé Google ar Vere Foster. Tháinig na gnáthrudaí aníos, Wikipedia agus Amazon. Ach, ansin, phreab alt amháin amach. Bhí alt ann i mBéarla faoin teideal, Vere Foster; One of the Greatest Men You’ve Never Heard Of!

Tá sé de dhualgas orainn uilig sin a athrú.

Camchuairteanna Reilge ar fáil i nGaeilge/ i mBéarla ar Reilig Bhaile an Mhuilinn agus ar Reilig Chathair Bhéal Feirste. Déan teagmháil le: Seán Fennell

sfennell419@gscoil.org​ nó @sfennell4 ar twitter.

Clibeanna:

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|