Nuacht

Bagairt an eite dheis agus freagair na nGael

Déanta na fírinne, creidim go bhfuil dualgas morálta ar Ghaeil agus ar phobail mhionteangacha na hEorpa seasamh go láidir i gcoinne na toinne faisistí atá ag bailiú nirt. Tá géarghá le ceannasaíocht a thabhairt, dlúthpháirtíocht a léiriú le teifigh, inimircigh agus pobail eile ar an imeall agus gan ligint do na fórsaí antoisceacha seo an bhréag a insint i bhfad agus i gcéin go bhfuil siad ag seasamh ar son ‘dhúchasaigh na hEorpa’.
Bagairt an eite dheis agus freagair na nGael

Léirigh na toghcháin is déanaí a thit amach ó dheas agus fud fad na hEorpa rud atá amhlaidh le tamall, nó go bhfuil borradh polaitiúil agus sóisialta ag teacht ar an eite dheis. Tá cúiseanna éagsúla leis an bhorradh seo a mhíniú ach níl go leor spáis ann leis sin a chíoradh san alt seo, níos tábhachtaí arís, ‘sí an cheist s’againn nó cad is féidir linn a dhéanamh faoi agus cén dualgas atá ar an ghluaiseacht teanga anseo in Éirinn dul i ngleic leis?

Cé go mbíonn difríochtaí le feiceáil idir na grúpaí éagsúla seo den eite dheis maidir lena gclár polaitiúil agus lena gcur chuige, bíonn cosúlachtaí tábhachtacha le haimsiú fosta, go príomha, fuath ar inimircigh, easpa anailís eacnamaíochta agus ‘tírghrá’ láidir. Feictear borradh ar an AfD sa Ghearmáin, teacht i dtreis an Rassemblent National sa Fhrainc faoi cheannasaíocht Marine le Pen, Wilders san Ísiltír agus go leor leor eile.

I ndiaidh na dtoghchán is déanaí do Pharlaimint na hEorpa, tá contúirt ann go dtiocfaidh an dúdheis amach mar  an dara haonad/grúpa vótála is mó san Aontas.  Níl tionchar na dúdheise le meá i dtacaíocht pholaitiúil amháin áfach ach sa dóigh éifeachtach a bhfuil siad ábalta tionchar a imirt ar an chlár pholaitiúil agus ar an dioscúrsa náisiúnta trí chéile.

*Briseadh síos ar thacaíocht don pháirtithe ar an eite dheas ón toghchán Eorpach Meitheamh 2024

Ní mór a rá fosta go bhfuil an eite dheis i réim ar fud an domhan iarthair le fada an lá, ach leis na grúpaí úra seo níl aon iarracht an clár faisisteach a chur faoi cheilt, go deimhin, is ionann sin agus bunphrionsabal s’acu. Tá siad ag teacht i dtreis mar gheall gur theip ar an bhunaíocht dúshlán na mboc mór a thabhairt i ndiaidh an chúlaithe eacnamaíoch i 2008 agus seachas sin gur chleacht na rialtais ‘liobrálacha’ sóisialachas do lucht an rachmais agus déine do na daoine i gcoitinne.

Mhúch siad an dóchas go dtig linn sochaí níos fearr a chruthú agus chuir síolta na feirge agus an fhuatha i meon chuid mhaith na ndaoine. Thapaigh na faisistithe an deis agus dhírigh siad fuath agus fearg na ndaoine sa treo mhícheart in éadan na gcréatúr is leochailí ar domhan seachas in éadan na mboc mór a rinne prácás den tsochaí ar an chéad dul síos!

Anseo ó thuaidh, tá tuiscint mhaith againn air seo go léir leis an DUP a bhíodh ar na páirtithe is antoiscí i rialtas áit ar bith san Eoraip le linn chonspóid na Breatimeachta agus blianta fada roimhe sin. Ní nach ionadh nuair a chuimhnítear ar an dlúthcheangal idir an t-aontachtachas polaitiúil agus stair choilíneach na tíre seo. Go deimhin, eascraíonn an ciníochas féin amach as an choilíneachas chéanna. Mar a mhíníonn duine de na teoiricí is tábhachtaí ar an choilíneachas, Aimé Césaire, tiontaíonn próiseas an choilíneachais daoine isteach i rudaí.

Déantar dídhaonnú córasach orthu agus sin déanta, is féidir do rogha rud a dhéanamh leo. Nuair a bhí, mar a thug an Staraí Dr Feargal Mac Bhloscaidh air, ailtire Phlandáil Uladh, Arthur Chichester, i réim dúirt sé go sonrach ‘níl in sna Gaeil ach ainmhithe i riocht duine’. Sa lá atá inniu ann, cluineann muid Airí Iosrael ag cur síos ar Phalaistínigh mar ‘ainmhithe daonna’. Ar na meáin anseo, go minic insítear dúinn go bhfuair ‘imircigh’ bás sa Mheánmhuir seachas ‘daoine.’

Tarlaíonn seo ar fad d’aon turas agus diaidh ar ndiaidh, baineann sé daonnacht ón dream atá faoi chois. Faoina cúinsí seo, tagann an faisisteachas i réim. Mar atá ráite go mion minic, níor thosaigh na Naitsithe leis an Uileloscadh, thosaigh sé blianta roimhe sin leis an dídhaonnú ar Ghiúdaigh agus araile.

Cén dóigh go dtig le Gael caitheamh anuas orthu siúd a thagann i dtír i ndingí agus ár sinsir plódaithe i longa bháis. Cén dóigh go dtig linn masla a dhéanamh ar inimircigh nuair a chrochtaí comharthaí i lóistíní Shasana a dhiúltaigh don Ghael, dár mbráithre gorma agus do na madaí.

Cén dóigh go dtig linn déscaradh a chur chun cinn idir dúchasaigh na hÉireann agus daoine eile ar fud na cruinne atá ag fulaingt mar a d’fhulaing na Gaeil féin – chruthaigh Sasain an ciníochas agus an coilíneachas agus Éire mar shaotharlann aici, rinneadh trí chinedhíothú ar na Gaeil, nuair a bhí Ulaidh rualoiscthe ag Chichester, nuair a chuir Cromail a mhallacht orainn agus nuair a fuair milliún bás agus theith milliún eile mar gheall ar eacnamaíocht pholaitiúil agus ciníochas Trevelyan agus araile le linn an Ocrais Mhóir.

Cén dóigh go dtig le Gaeil macalla a dhéanamh ar sheobhaineachas na nGall nuair a sheas ár laochra féin ó Tone go dtí an Piarsach agus Mac Easmainn ar son chearta uilíocha an chine dhaonna! Ba cheart náire a bheith ar Ghael ar bith a chuireann locht ar chreátúr bocht atá thíos leis an tsaol as fadhbanna na tíre nuair atá na boic mhóra ar a sáimhin só ag gaire orthu agus nuair atá a gcur chuige cáidheach ciníoch ag fáil tacaíochta as dúdheis Shasana agus SAM!

Labhraíonn pobal na Gaeilge go minic ar an díchoilíniú agus más sin atá uainn, caithfidh muid an próiseas ina ndéantar dídhaonnú ar phobail áirithe a thuigbheáil agus chomh maith leis sin is gá diúltú don chiníochas a d’eascair amach as an phróiseas sin ina iomláine.

Seachas seo, ní bheidh muid ach ag leanúint le leagan truaillithe den phróiseas chéanna. Ach más maith linn stair na ndúchasach a nochtadh, stair na n-íobartach a chur faoin spotsolas, ní mór dúinn an daonnachas radacach, mar a mhol Franz Fanon, a chur chun tosaigh agus dlúthpháirtíocht dhaingean a léiriú leis na pobail sin atá faoi ionsaí inniu.

Déanta na fírinne, creidim go bhfuil dualgas morálta ar Ghaeil agus ar phobail mhionteangacha na hEorpa seasamh go láidir i gcoinne na toinne faisistí atá ag bailiú nirt. Tá géarghá le ceannasaíocht a thabhairt, dlúthpháirtíocht a léiriú le teifigh, inimircigh agus pobail eile ar an imeall agus gan ligint do na fórsaí antoisceacha seo an bhréag a insint i bhfad agus i gcéin go bhfuil siad ag seasamh ar son ‘dhúchasaigh na hEorpa’.

D’fhulaing muid ag na fórsaí céanna atá anois ag déanamh ionsaí ar na pobail seo agus ní mór dúinn féiniúlacht dhúchasach na tíre a úsáid mar ghléas le dúshlán na heite deise a thabhairt. Is féidir linn gné fhuascailteach na hathbheochana agus athghabháil na Gaeilge a úsáid chun fís eile forásach, oscailte a chur chun tosaigh mar fhreagra ar theip ar an chóras nualiobrálach.

Tosaíonn seo le céimeanna praiticiúla a imríonn tionchar ar phobail áitiúla agus atá fréamhaithe sa daonnachas. Dár ndóigh ní mór go mbíodh na Gaeil le feiceáil go sonrach ag agóidí ar son na dteifeach agus is tógáil croí na fógraí a fheiceáil i nGaeilge ag cur fáilte roimh theifigh.

Ach sa bhreis air sin, ní mór dúinn béim a chur ar an obair phobail a tharraing clú ar na Gaeil le 20 bliain anuas; smaoinígí ar na ranganna Gaeilge agus Araibis atá á reáchtáil, na féiltí a thugann ardán agus spás do chultúir éagsúla agus dóibh siúd atá imeallaithe agus faoi chois, an fháilte a cuireadh roimh theifigh i gConamara le ceol traidisiúnta na tíre agus go leor samplaí eile.

Mar a mhol Máirtín Ó Cadhain, ‘An áit is tréine an dúshlán in aghaidh an rachmais, in aghaidh na héagóra, ar son na bhfann agus na mbocht, bíodh fáinne Gaeilge le feiceáil.’

Clibeanna:

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|