Nuacht

Gach abairt Ghaeilge mar ‘philéar’ ar son na saoirse

Mar sin, is cuma cén cineál duine a labhraíonn an Ghaeilge – is cuma cén creideamh nó cine, is cuma cúlra atá acu – fós inniu is ionann gach abairt Ghaeilge a labhraítear agus buille in éadan an impiriúlachais chultúrtha.
Gach abairt Ghaeilge mar ‘philéar’ ar son na saoirse

Má tá an scannán nua Kneecap feicthe agat, beidh a fhios agat go bpléitear an frása clúiteach (nó míchlúiteach) sin gur ionann gach abairt Ghaeilge a labhraítear agus piléar ar son saoirse na hÉireann. Tá sé fiú san fhógrán don scannán.

Deirim míchlúiteach mar le blianta fada anuas is mó seans a chluinfeá an frása ó lucht an DUP ná ó aon Ghael ná aon phoblachtánach – iad ag iarraidh ghluaiseacht na Gaeilge a nascadh leis an fhoréigin.

Ach is fiú féachaint ar an fhrása ina chomhthéacs ceart mar seans go bhfuil ceachtanna fós le foghlaim ón smaoineamh taobh thiar de.

Sna luath-1980í bhí borradh mór faoin Ghaeilge sna sé chontae. I mBéal Feirste, bhí an pobal spreagtha ag obair mhuintir Bhóthar Seoighe agus, mar aon leis sin, ag scéal agóid na pluide agus na stailceoirí ocrais.

In 1982 bhunaigh Sinn Féin Roinn Cultúir le tairbhe a bhaint as an scéal seo, a d’fheidhmigh ar feadh roinnt blianta ag eagrú ranganna Gaeilge agus ag dul i mbun gníomhaíochtaí éagsúla leis an teanga a chur chun cinn. Chuir na hiarchimí agus gníomhaithe seo comharthaí sráide in airde agus bhí cuid mhaith acu bainte go dlúth le fás an Ghaeloideachais.

I mí Bealtaine 1984 d’eagraigh siad seimineár lae ar thábhacht na Gaeilge. Foilsíodh téacs na gcainteanna agus miontuairiscí na gceardlanna sa leabhrán dátheangach Ag Foghlaim na Gaeilge: Leabhrán Eolais agus Díospóireachta.

Agus é i mbun oráide don slua i láthair ar an ábhar ‘tábhacht fhoghlaim na Gaeilge’, dúirt an múinteoir agus gníomhaí Shinn Féin Pádraig Ó Maolchraoibhe:

“B’fhéidir go síleann cuid agaibh go dtig linne, Éireannaigh, a bheith saor agus Gaelach gan ár dteanga féin a labhairt ach ní chreidim go dtig linn. Ní shílim go dtig linn a bheith ar dhóigh ar bith neamhspleách agus muid chomh cóngarach seo do Shasain.

“Má ghlacann muid go bhfuil an cultúr Angla-Meiriceánach forleathan, an cultúr seo a dtugann Poblachtóirí i gcoitinne ‘Coca Cola Culture’ air, ní shílim go dtig linn mairstin mar phobal neamhspleách gan ár dteanga a bheith againn. Is ionann gach abairt a fhoghlaimíonn sibh agus piléar i streachailt ar son na saoirse, is ionann gach cor cainte ar bhur dteanga agus bríce in athógáil mhór, athógáil an náisiúin Ghaelaigh.”

Is aisteach an rud é nach raibh duine ar bith ag gearán gur ionann gach abairt Ghaeilge agus bríce, ach sin an saol.

Sa chaint a thug sé an lá sin, rinne Ó Maolchraoibhe tagairt don am a chaith sé i dTír na mBascach agus i Nicearagua fosta agus na ceachtanna a fuair sé féin ar an tógáil phobail a bhí le sonrú san fhoghlaim teanga agus san oideachas go ginearálta.

Measaim féin go raibh sé ag cur in iúl anseo go raibh tábhacht ag an Ghaeilge mar chuid den streachailt idirnáisiúnta in éadan an impiriúlachais chultúrtha, go raibh ciall níos leithne ag an rud ar fad ná mar a shíl lucht a gcáinte ina dhiaidh sin. (Sin a tharlaíonn nuair a thógann tú líne beag amháin as comhthéacs.)

Chríochnaigh sé a oráid:

“Beidh moill curtha ar an dí-chóilíniú má tá luachanna agus cultúr na Sasana ag muintir na hÉireann nuair a fhágfaidh na Gaill. Ní hionann saoirse agus imeacht na Sasana amháin ach fosta sinne drom láimhe a thabhairt do ábharachas agus féinsaint an chórais chaipitligh.”

Le himeacht aimsire tá athruithe áirithe tagtha ar an saol. Is túisce a chluinfeá trácht ar ‘dhípholaitiú’ ná ‘díchóilíniú’ agus ceisteanna mar seo a phlé ag polaiteoirí inniu. Ach tá sé soiléir nach bhfuil an troid in éadan an ‘Coca Cola Culture’ thart, ná baol air.

Tá beagnach 7,000 teanga á labhairt ar fud an domhain, agus measann saineolaithe go mbeidh idir 50 faoin chéad agus 90 faoin chéad acu imithe in éag faoi dheireadh an chéid seo. Dar le UNESCO, go bhfuil an Ghaeilge i mbaol.

Tá pobail dhúchasacha ar fud na cruinne i mbun gnímh inniu lena dteanga agus a gcultúr a shábháil agus a aistriú chuig an chéad ghlúin eile. Tá siad ábalta ceachtanna a theagasc do, agus a fhoghlaim ó, phobail eile go hidirnáisiúnta.

Mar sin, is cuma cén cineál duine a labhraíonn an Ghaeilge – is cuma cén creideamh nó cine, is cuma cúlra atá acu – fós inniu is ionann gach abairt Ghaeilge a labhraítear agus buille in éadan an impiriúlachais chultúrtha.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|