Nuacht

Ní hionann aonteagachas agus neodrachas

I súile Translink, is ionann aonteangachas agus neodhrachas agus ní féidir cearta teanga a sholáthar do phobal na Gaeilge muna bhfuil cead nó ar aontú faighte acu uathu siúd a chuireann i gcoinne na teanga. Cad é an frása clúiteach sin faoi Specsavers?
Ní hionann aonteagachas agus neodrachas

A leithéid de mhí. Tá Cnoc an Anfa ar ais. Bhí buanna ann a léirigh forbairtí in áiteanna áirithe agus bhí buillí ann a bhí i gcodarsnacht iomlán leis na forbairtí feicthe againn ó thaobh na teanga de le blianta beaga anuas. Cibé bealach a amharcann tú air, is beag mí atá chomh gnóthach agus eachtrach is a bhí mí Mheán Fómhair 2024 do phobal na Gaeilge.

Bhris an scéal ag tús na míosa go raibh Translink ag bualadh ar aghaidh faoi lán seoil le comharthaíocht ‘Béarla-amháin’ agus iad breá sásta an Ghaeilge a fhágáil go hiomlán ar lár ón mhórstaisiún taistil úr i mBéal Feirste, d’ainneoin a gcuid oibleagaidí idirnáisiúnta, na tacaíochta forleithne agus na gcosaintí móra a bhí acu chun fíor spás roinnte a dhéanamh den ionad úr.

Thosaigh obair ar Chros na bhFíodóirí, ionad atá ar luach £340 milliún agus a bheas ar an staisiún taistil is mó in Éirinn, níos mó ná 3 bliana ó shin. Thóg gníomhaithe teanga ceist na Gaeilge agus na comharthaíochta chomh fada siar le 2022 ach dúradh leo go raibh sé dodhéanta cinneadh a ghlacadh i bhfolús Aire. Nuair a ceapadh Aire, dúradh leo nárbh fhéidir cinneadh a ghlacadh go dtí go gceapfar Coimisinéir Gaeilge. Níl móran leathanach fágtha i leabhar na leithscéalta.

Tháinig an cinneadh is déanaí seo sna sála ar chomhairliúchán neamhoifigiúil a thug Translink faoi le pobal na Gaeilge, pobal na hUltaise, Sinn Féin, DUP agus ionadaithe ó phobal Sandy Row. Dar le Translink go raibh ‘easpa comhaontaithe’ ann maidir leis an chur chuige ab fhearr (iontas na n-iontas) agus go mbeadh siad ag glacadh seasamh a bhí, dár leo, ‘neodrach’ ar an cheist trí leanúint ar aghaidh le cur chuige aonteangach. Ar ndóigh, níl aon rud neodrach faoin Ghaeilge a chur i bhfolach.

I súile Translink, is ionann aonteangachas agus neodhrachas agus ní féidir cearta teanga a sholáthar do phobal na Gaeilge muna bhfuil cead nó ar aontú faighte acu uathu siúd a chuireann i gcoinne na teanga. Cad é an frása clúiteach sin faoi Specsavers?

I spiorad na feachtasaíochta, ghlac gníomhaithe an Dream Dearg seilbh ar an ionad úr mar agóid ar an chinneadh suarach seo. Fós féin, i ndiaidh míonna de tharraingt na gcos ó Translink, tá an tAire féin fós ‘muiníneach’ go mbeidh ‘réiteach’ ar an cheist. Bímis soiléir faoi nach nglacfaidh pobal na Gaeilge le haon ‘réiteach’ nach bhfuil ceart-bhunaithe agus fréamhaithe in éileamh dlisteanach ón phobal.

Mar bharr ar an donas, níos moille an tseachtain sin, fógraíodh an dréacht-chlár Rialtais 2024-2027, cáipéis dar teideal ‘Doing What Matters Most’; údar mór díomá eile. Don chéad uair riamh ó bhí Comhaontú Chill Rímhinn ann in 2006, níor luaíodh an Ghaeilge oiread is uair amháin sa dréacht-chlár rialtas.

Ní hea go raibh easpa roghanna acu; reachtaíocht Ghaeilge 2 bhliain d’aois nár cuireadh i bhfeidhm ar bhealach ar bith fós; straitéis Ghaeilge nár fíoraíodh ariamh d’ainneoin go bhfuil sí daingnithe sa dlí ó bhí 2006 ann, le 2 rialú Ard-Chúirte san áireamh; agus earnáil Gaeloideachais a leanann air ag fás i rith ama d’ainneoin go bhfuil sé ag feidhmiú i gcóras aonteangach, le heaspa tacaíochta, easpa áiseanna agus cóiríocht mhíshásúil.

Chuige sin, tá cúis leis an fhrustrachas. Tá amhras (le bunús maith) i measc phobal na Gaeilge agus deis eile caillte. Cé go mbeifear ann ag gcur i gcuimhne dúinn nach bhfuil ann ach ‘dréacht’, tuigimid ar fad gur mó an dushlán tionchar a imirt ar cháipéisí den chinéal seo sa phróiseas iar-chomhairliúcháin, seachas dá mbeadh sé curtha san áireamh ón chéad lá.

Níos moille an tseachtain sin, bhí Rialtas na Breataine á cháineadh go láidir (arís!) ag Coiste Saineolaithe Chomhairle na hEorpa ina 6ú thuairisc monatóireachta ar chomhlíonadh dhualgais na Cairte Eorpaigh. I measc na moltaí ba shuntasaí a rinneadh, moladh go gcuirfear deireadh le polasaithe sráidainmneacha a bhfuil tairseacha sriantacha ag baint leo.

Ag an am céanna, tá líon na sráideanna i mBéal Feirste le comharthaíocht dhátheangach ag dul in airde, tráth a bhfuil an Chomhairle ag tabhairt faoi chomhairliúchán poiblí ar dréacht-pholasaí Gaeilge, áit a bhfuil sé molta lógó nua dátheangach a úsáid agus Gaeilge a chur in airde sna háiseanna poiblí de chuid na Comhairle. Ná déan dearmad gur féidir freagra a thabhairt ar an chomhairliúchán sin anseo.

Ach, tá polasaithe i gcomhairlí áirithe atá deartha ar bhealach a dhéanann iarracht a chinntiú nach n-éireoidh le hiarratais ar chomharthaíocht shráide ariamh; Comhairle Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon ina measc. Tá polasaí na Comhairle sin chomh sriantach sin nár éirigh le hiarratas ar chomhartha sráide ariamh…

…go dtí an mhí seo.

Bhí 100% de fhreagróirí ar son an iarratais agus ní raibh aon chur i gcoinne gníomhach ina éadan. D’ainneoin seo, mar a fheicimid i bhfad rómhinic, rinneadh gach iarracht bac agus moill a chur air.

Mar is dual, rinne lucht an fhreasúra a seacht ndíchill chun pobal na sráide a dhíchumhachtú, ach níor laghdaigh a dtiomantas, misneach nó díograis in aon chor. Tharraing siad an Chomhairle in aghaidh a dtola go dtí an phointe nach raibh aon leithscéal eile acu. Beagnach bliain iomlán ó rinneadh an bun-iarratas, d’éirigh leis an iarratas ar chomharthaíocht dhátheangach i nGairdíní Chois Coille, an chéad chomhartha dá leithéid riamh i stair na Comhairle. Gnáthphobal agus gnáthdhaoine ag seasamh an fhóid ar son a gcearta - níl a shárú ann!

Munar leor é sin, fograíodh torthaí an chomhairliúcháin a rinneadh i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste ar chomharthaíocht dhátheangach i sólann Olympia an mhí seo chomh maith.

Chun scéal fada a dhéanamh gairid, rinne an Chomhairle comhairliúchán in 2019 ar mholadh maidir le comharthaíocht dhátheangach i 4 shólann ‘uile-chathracha’, Olympia ina measc. Cé go raibh tacaíocht shuntasach ann ag an am (ó thorthaí an chomhairliúcháin féin, ón phobal, ón treoir idirnáisiúnta agus ó eagraíochtaí chearta daonna), maíomh go raibh féidearthacht ag an chinneadh (an Ghaeilge a chur taobh leis an Bhéarla ar chomharthaíocht i sólann aitheanta uile-chathrach) drochthionchar a imirt ar sciar amháin den phobal.

Chuige sin, chinn an Chomhairle tabhairt faoi chomhairliúchán ar leith ar an mholadh maidir le comharthaíocht dhátheangach in Olympia agus cé go raibh mionlach glórach maidir lena gcur i gcoinne, léirigh torthaí an chomhairliúcháin go raibh 79% de fhreagróirí ar son na comharthaíochta dátheangaí.

Cé, má dhaingnítear cinneadh an Choiste ag cruinniú na Comhairle iomláine, go mbeadh seo ina bua suntasach do phobal na Gaeilge sa chathair, ba mhaith linn go mbeidh sé ina gnáth-rud go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil in áiseanna agus acmhainní na Comhairle.

Níor mhaith linn go n-aithnítear cur chuige aonteangach mar sheasamh neodrach níos mó; níor mhaith linn maoluithe leatromacha fríth-Ghaeilge molta ar chomharthaíocht dhátheangach; níor mhaith linn go mbeidh polasaithe agus cleachtais na n-údaras poiblí bunaithe ar bharúlacha an mhionlaigh atá freamhaithe go minic sa tseicteachas. Is doiligh a shamhlú go nglacfar leis seo dá mbeadh cearta mhionlach ar bith eile i gceist.

Agus faoi dheireadh, is dócha gur chuala muid ar fad an scéal faoin Aire Oideachais, Paul Givan, ag bualadh leis na LCC (grúpa a bhfuil naisc shoiléire paraimíleatacha acu) chun a gcur i gcoinne in éadan oscailt na Bunscoile Gaeilge, Scoil na Seolta, a chur in iúl. Sea, tá faitíos ar an LCC roimh pháistí idir 3-10 mbliana d’aois ag foghlaim trí mheán na Gaeilge. Tá an t-iomlán cloiste agam anois.

Is dócha go ndearna an tAire Givan dearmad ar a dhualgas reactúil, agus ar an léiriú thar a bheith poiblí a rinne sé ag tús na bliana seo agus é ag tabhairt cuairte ar Ghaelscoil Aodha Rua, ag aitint gur ‘le gach duine an Ghaeilge’ agus ag maíomh go mbeadh sé ina Aire Oideachais ‘do na hearnálacha oideachais ar fad’.

Is mór an difear idir phort an Aire i mí an Mhárta agus gnímh an Aire i mí Mheán Fómhair. Déarfainn nach miste an t-aon duine nach dtuigeann go díreach cad é mar atá cruinniú leis an LCC ag cur i gcoinne Gaelscoile fabhrach d’Aire atá ionadaíoch ar chách. Seanscéal agus meirg air.

Ar aghaidh linn anois go mí Dheireadh Fómhair…

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|