Nuacht

Seanscéal céanna le meirg air

Seasaimis an fód in aghaidh an tseicteachais seo, agus bímis i gcónaí réidh le tacú le cibé duine ar mhaith leo an teanga shaibhir, ársa agus bheo a fhoghlaim.
Seanscéal céanna le meirg air

Samhlaigh seo.

Ranganna Gaeilge eagraithe ag duine díograiseach áitiúil. Fógra curtha amach agus cuid mhór suime léirithe ag an phobal maguaird sna ranganna. Spiorad agus beocht sa cheantar. Daoine ag dúil le rud éigin nua, eispéireas nua, teanga nua.

Bagairtí. Seicteachas. Rang curtha ar ceal.

Tá an scannán seo feicthe agam cheana féin.

Seanscéal céanna le meirg air, nach é?

Rinneadh iarracht ranganna Gaeilge a shocrú i mbaile beag darb ainm Caiséal Carraige, ar na mallaibh.

Is baile é atá gar do mo bhaile dúchais féin ar an Chósta Thuaidh, Port na Binne Uaine. Go stairiúil, is ceantar dílseach é Caiséal Carraige. An cinéal áite a mbíonn péint ar cholbha an chosáin agus mórshiúil ar an Dara Lá Déag. Ach ar ndóigh, tá daoine maithe ina gcónaí ann a bhfuil grá acu dá gceantar.

Ar an drochuair, preabann drochdhaoine anuas in achan áit.

Cuireadh na ranganna ar ceal de bharr bagairtí áitiúla a fuarthas ó dhílseoirí áitiúla. Dúradh le lucht eagrú na ranganna go ndóifear amach halla phobail an bhaile dá dtarlódh na ranganna, agus go mbeadh na dílseoirí ag coinneáil súile ar a chláraigh leis na ranganna a dhéanamh.

Tá scéalta mar seo sna nuacht againn leis na blianta, agus tá siad ag preabadh anuas arís níos minice agus níos minice. Chonaic muid gur tharla a leithéid taobh amuigh de ranganna a bhíonn á n-eagrú sna Pointí ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath i mBéal Feirste. Fágadh bileogaí taobh amuigh na ranganna ag rá ‘gurb í an Béarla ár máthairtheanga’ agus gur chóir do dhaoine ‘fod a sheasamh in éadan Rialtas na hÉireann agus iad ag brú na teanga ar an phobal.’

Seo Rialtas atá ar nós cuma liom faoin teanga agus faoin Ghaeltacht. Rialtas nach n-aithníonn an tábhacht a bhaineann leis an teanga seo agus leis an ghluaiseacht, agus Rialtas nach dtugann tacaíocht do thithe a thógáil sa Ghaeltacht, agus atá freagrach as na céadta fágtha gan tithe ina mbailte féin dá bharr.

‘Ag brú na teanga ar an phobal’? Aidhe.

Léigh mé litir a scríobh an Dr Seamús Ó Donnghaile maidir leis an scéal i mBéal Feirste. Scríobh sé,

“Ba chóir don te atá taobh thiar den amaidí seo tuiscint a bheith acu go dtiocfadh le beart mar seo spreagadh a thabhairt do dhaoine freastal ar cheann de na scórtha ranganna Gaeilge i mBéal Feirste. Thig linn dearfachas a bhaint ón scéal seo, mar sin. Is é an rud deireanach a dhéanfaidh sé na bac a chur ar dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim.”

Mar atá feicthe ag pobal na Gaeilge ó thuaidh, nuair a tharlaíonn a leithéid, tagann an pobal ar ais le freagra láidir. Smaoinigh ar an chrogall, ar an scéim Líofa, ar airgead a bhaint ó bhunscoileanna. Cibé rud a tharla, d’fhreagair an pobal. Agus ní hé na Gaeilgeoirí amháin a tháinig, agus a thagann, ar ais le freagraí láidre. Cibé duine a thacaíonn le cearta daonna, le cearta mionlaigh, agus a thuigeann a luachmhaire is atá ár dteanga dhúchais, tagann na daoine sin amach chomh maith.

Agus is cúis bhróid dom é chomh maith gur tharla a leithéid ar an chósta thuaidh. Nuair a bhris an scéal faoi na ranganna i gCaiséal Carraige, ba bheag gur phléasc mo ghuthán leis na teachtaireachtaí sna laethanta ina dhiaidh agus daoine ag iarraidh tús a chur le ranganna Gaeilge.

‘Cá háit a dtiocfadh liom dul?’

‘Cá huair a dtiocfadh liom toiseacht?’

‘An dtig liom freastal ar chúrsa Gaeltachta?’

Is maith muintir an chósta. Seasaimis an fód in aghaidh an tseicteachais seo, agus bímis i gcónaí réidh le tacú le cibé duine ar mhaith leo an teanga shaibhir, ársa agus bheo a fhoghlaim.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|