Cartlann na Meán

An Dream Dearg: Ag Troid ar son Cearta Teanga sa Tuaisceart

Agus na toghcháin tionóil chonspóideacha críochnaithe sa Tuaisceart, bhí Gaeilge i gcroílár na díospóireachta náisiúnta, de bharr oibre grúpaí gníomhaíochta.
An Dream Dearg: Ag Troid ar son Cearta Teanga sa Tuaisceart

Tá an grúpa ‘An Dream Dearg’ go mór i mbéal an phobail agus iad i mbun agóide faoi láthair i mBéal Feirste agus bailte eile sa Tuaisceart ag troid i gcomhair cearta suntasacha don Ghaeilge.

Níor bhunaíodh iad ach cúpla mí ó shín, tar éis an chinnidh a rinne an t-aire DUP Paul Givan chun stop a chur leis an Líofa Bursary Scheme, £50,000 a bhí i gceist nuair a fhuarthas réidh leis díreach roimh an Nollaig. Tá siadsan ag léiríu cé chomh láidir is atá an comhphobal Gaelach agus iad ag tabhairt eiseamláire suimiúil dúinn ar an taobh seo den teorainn.

Mar haon leis an úsáíd a bhaineann siad as na meáin sóisialta, táimid in ann a gcuid fiúntais a aithint go soiléir, agus is léir gur bheag dream a raibh an tionchar chomh láidir sin acu le roinnt blianta anuas.

Seans mór go bhfuil na hagóidi thuasluaite i mBéal Feirste feicthe ag cuid mhór daoine go dtí seo. Caitheann lucht an dream seo t-léinte deirge, leis an mana ‘Dearg le fearg’. Is iontach an rath a bhí acu ag mealladh daoine ón Tuaisceart páirt a ghlacadh sa ghluaiseacht.

Cuireann siad fáilte roimh gach éinne a thagann chucu, daoine ón dá phobal éagsúil sa Tuaisceart, ag mealladh daoine ‘a chreideann go láidir i gcothromas, cearta agus cóir’. Go dtí seo, bhí dhá ágóid mhór eagraithe acu, ceann amháin taobh amuigh d’oifigí an rialtais i gcróilár na cathrach.

Bhí agóid eile acu in Iúir Cinn Trá, áit atá go mór ceangailte leis an nGaeilge sa Tuaisceart. Chuaigh siadsan go mór i gcion ar dhaoine i ndiaidh argóinte a bhí ag Gaeilgeoir óg ar an Stephen Nolan Show ag impí baill den phairtí DUP chun an teanga a chosaint. D’aithin siad an fhearg a mhúscail an chonspóid seo i neart daoine ó achan cearn an chúige, ag mealladh go háirithe daoine óga chun léiríu don rialtas go bhfuil todhchaí ag an teanga sa Tuaisceart.

Is iontach an méid ratha a bhí acu go dtí seo ar na méain sóisialta, go háirithe ar Twitter. Tá úsáid na méain go mór chun tosaigh mar pháirt den fheachtas seo. Tá siad i mbun feachtais físeán a dhéanamh ar Facebook le sotheidil i mBéarla. Labhraíonn gnáthdhaoine sna físéain seo fá dtaobh an difir a dhéanfadh Acht na Gaeilge ina gcuid saolta.

Tá gach rud deánta trí mhéan na Gaeilge i dtosach agus ansin i mBéarla. Leíríonn siad nár chóir d’éinne Gaeilge líofa a bheith acu chun páirt a ghlacadh i ngluaiseacht. Níl feachtas chomh mácanta, oscailte sin a théann go mór i bhfeidhm leis an phobal déanta go dtí seo. Ar Twitter chomh maith, éisítear ráitis agus fiséain bainteacha leis an nGaeilge agus iarratais a dhéanamh chomh maith.

Sin an fáth i ndáiríre, go bhfuil an rath sin slánaithe acu go dtí seo. Baintear úsáid as teicneolaíocht na saolta seo chun dul i ngleic leis an bhfadhb síoraí seo, conas is féidir an teanga a chosaint agus tacaíocht an phobail a mhaelladh chomh maith.

Tá difríocht mór ar an taobh seo den teorainn, tá an Ghaeilge chomh ionsuite innár saol anseo. Tá gach acht rialtais foilsithe trí mhéan na Gaeilge agus cé go bhfuil mórán oibre fós le déanamh againn chun feabhas a chur ar stádas na teanga, d’fhéadfaimis a bheith cinnte nach gcaillfimid í go luath.

Tá rud suntasach le foghlaim againn ón eiseamláir sin ón Tuaisceart. Ní cheart go mbeidh drogall orainn amach anseo an teanga a chosaint agus chun seasamh a dhéanamh ó thaobh na cosanta de. Ba chóir go rachaimid i ngleic ag gach aon phointe le buanchoiméad na teanga.

Sé bhuaicphointe na scéime seo ná an tionchar a bhí ag an bhfeachtas ar dhaoine óga. Bhí cuid mhór na ndaoine i láthair ag na hagóidi tríocha bhliain d’aois nó níos óige. Tá líon na nGaelscoileanna sa Tuaisceart ag méadú gach aon bhliain agus líon na ndaltaí a dhéanann staidéar ar an dteanga i gcomhair na scruduithe stáit chomh maith.

Tá sé ráite ag oifigeach leasa Aontas Na Mac Léinn, Aoibhinn Ní Lochlainn ó chontae Dhoire, ‘nach bhfuil seans cothrom ag achan duine óg sa Tuaisceart chun an Ghaeilge a fhoghlaim’. Cuireann sí an caighdéan Ghaeilge a mhúintear sa Thuaisceart i gcomháireamh leis na féidearthachtaí atá ann do scólairí anseo.

‘Tig leat í a staidéar ar feadh uastréimhse de sheacht mbliana. Faigheann daltaí i bpáirteanna eile sa tír ceithre bhliana déag ar a laghad. Sé neamhionannas atá i gceist maidir leis na daoine sin a bhfuil cónaí orthu sna sé chontae’. Dealraítear dúinne go bhfuil an dream seo ag iarraidh deireadh a chur leis an gcruachás seo.

Tá sé rí-shoiléir chomh maith go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an teanga i measc na ndaoine óga agus í ag dul ó neart go neart, ag éirí níos uileghábhalaí, níos glactha leis go forleathan. Tá nasc mór fós le feiscint idir Tuaisceart na hÉireann agus Gaeltachtaí Thír Chonaill.

Ag caint leis The University Times, rinne Aoibhinn Ní Lochlainn tagairt do thábhacht na Gaeilge ina saol pearsanta. ‘Is cuid mór í de m’fhéiniúlacht agus mise i mo chónaí sa Tuaisceart. Nuair atá mé in ann labhairt as Gaeilge sa tslí chéanna ina bhfuil daoine eile ábalta ina gcultúr féin, mothaím meas’.

Leis an olltoghcháin ag críochnaithe anois, agus cinntí tromchúiseacha á dhéanamh, tá an Ghaeilge fós ag cróilár na díospóireachta agus ina cnámh spéirne idir an dá thaobh den deighilt. Tá an chuid is mó den obair seo déanta ag an Dream Dearg.

Níl sé sin feicthe againn go dtí gur chuireadh tús le roinnt na cumhachta tar éis Chomhaontú an Aoine Chéasta sa bhliain 1998. Táthar ag tuar go leanfaidh siad leis nuair a fhilleann na polaiteoirí ar ais go Stormont i rith Míosa na Márta.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|