Cartlann na Meán

Éileamh déanta go gcuirfí spriocanna i dtaobh na Gaeilge le clár oibre Stormont

Tá eagraíochtaí Gaeilge ag iarraidh go gcuirfí trí mhórsprioc i dtaobh na Gaeilge ar chlár oibre an Fheidhmeannais do na trí bliana amach romhainn
Éileamh déanta go gcuirfí spriocanna i dtaobh na Gaeilge le clár oibre Stormont

Tá éileamh déanta ag eagraíochtaí Gaeilge go ndéanfaí leasuithe ar dhréachtchlár oibre Fheidhmeannas Stormont agus spriocanna i dtaobh na teanga a chur ann. Rinneadh cáineadh ar chlár oibre nuair a foilsíodh é níos luaithe i mbliana toisc nach raibh aon tagairt don Ghaeilge ann.

In aighneacht atá curtha faoi bhráid Oifig an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire moltar go gcuirfí spriocanna sa chlár oibre faoi Choimisinéir Teanga a cheapadh, Straitéis don Gaeilge a chur i bhfeidhm agus an Gaeloideachas a chur chun cinn.

Bhí raic ann nuair a foilsíodh an cháipéis 88 leathanach Our Plan: Doing What Matters Most, mí Mheán Fómhair seo caite, mar gheall nach raibh aon tagairt ann don Ghaeilge ná do chearta teanga phobal na Gaeilge.

Rinne Conradh na Gaeilge cáineadh géar ar an chlár a leagann síos tosaíochtaí Fheidhmeannas Stormont idir seo agus 2027. Dúradh go mbeadh gá le “leasuithe suntasacha” ar an dréachtchlár rialtais le linn an phróisis chomhairliúcháin, ar tháinig deireadh leis an tseachtain seo.

Ag cruinniú an tseachtain seo caite, d’aontaigh Conradh na Gaeilge, Foras na Gaeilge, Comhairle na Gaeltachta agus eagraíochtaí Gaeilge eile go gcuirfí trí mhórsprioc i dtaobh na Gaeilge i gclár nua an Fheidhmeannais.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide Chonradh na Gaeilge, go raibh “eagraíochtaí Gaeilge ag éileamh go láidir” go gcuirfí spriocanna a gealladh cheana san áireamh i liosta tosaíochtaí an Fheidhmeannais.

“An chéad rud, tá muid ag iarraidh go gceapfaí Coimisinéir Gaeilge le cinntiú go bhfuil an reachtaíocht Ghaeilge á cur i bhfeidhm mar is ceart.

“An dara rud, táimid ag iarraidh go nglacfaí le Straitéis Gaeilge, go gcuirfí i bhfeidhm í agus go mbeadh acmhainní curtha ar fáil di. Tá dualgas dlíthiúil ar an fheidhmeannas a leithéid a dhéanamh”.

“Agus an tríú rud, tá géarghá le tagairtí sonracha i dtaobh an Ghaeloideachais.  Ó thuaidh, tá an-éileamh ar áiteanna i nGaelscoileanna ach níl go leor acu ann leis an éileamh a shásamh. Tá bearnaí móra ann i réimse an Ghaeloideachais agus na luathbhlianta. Níl go leor múinteoirí ag plé le riachtanais speisialta mar shampla agus is gá dul i ngleic leis na deacrachtaí seo,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Tiarnaigh go raibh cruinnithe ag Conradh na Gaeilge le Sinn Féin agus páirtithe eile san Fheidhmeannas faoin mhíshástacht a bhí ar phobal na Gaeilge gur fágadh an Ghaeilge ar lár sa dréachtchlár rialtais.

“Phléigh muid an scéal le Sinn Féin agus le páirtithe eile ó thuaidh agus dúirt muid go soiléir go raibh sé thar a bheith suarach, go raibh sé dochreidte, nach raibh aon tagairt don Ghaeilge i ndréachtchlár oibre Stormont go háirithe i ndiaidh an aistir fhada atá déanta ag pobal na Gaeilge ó thuaidh ag éileamh a gceart.

“Bhí muid ag súil le i bhfad níos mó ón fheidhmeannas trí chéile. Seo coimitmintí a bhfuil orthu glacadh leo de réir an dlí,” a dúirt sé.

In 2017 agus in 2022, cinneadh san Ard-Chúirt go raibh an Feidhmeannas ag sárú a dhualgas dleathach faoin Acht um Thuaisceart Éireann 1998 agus faoin mhargadh Ré Nua Cur Chuige Nua straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach sa tuaisceart.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|