An litir dhearg
Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.
Dúirt urlabhraí ó Rialtas na Breataine le 7LÁ go bhfuil “céimeanna cuí á nglacadh” acu chun reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach i bparlaimint Westminster ach tá amhras ar lucht feachtais cearta teanga faoin ráiteas seo.
Ina ráiteas, dúirt an t-urlabhraí go bhfuil “céimeanna cuí” á mbeartú mar gheall ar an easpa dul chun cinn i bhFeidhmeannas Stormont maidir le beartais féiniúlachta, teanga agus cultúir a aontaíodh sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua.
Mar sin féin, dúirt Oifig Chumarsáide Westminster le 7LÁ nach bhfuil an Bille um Fhéiniúlacht agus Teanga (Tuaisceart Éireann) luaite i ndialann na parlaiminte go fóill.
“Níl mórán muiníne againn go ndéanfaidh Rialtas na Breataine beart de réir briathair,” a dúirt urlabhraí ón Dream Dearg.
Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin go leanfaidh siad i mbun stocaireachta go dtí go gcuirfidh Rialtas na Breataine gealltanais a thug siad i gconarthaí idirnáisiúnta i ngníomh.
Tugtar le fios i dtaifid atá faighte ag 7LÁ faoin Acht um Shaoráil Faisnéise go raibh ceist na reachtaíochta Gaeilge go mór i dtreis i gcumarsáid a seoladh idir statseirbhísgh i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste agus i Londain anuraidh.
Pléadh gealltanais teanga a tugadh i gcomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua ag 25 cruinniú agus i 23 glao éagsúla ar a laghad idir dhaoine sa Roinn Gnóthaí Eachtracha/ Roinn an Taoisigh agus a macasamhla sa Tuaisceart, sa Bhreatain agus san Aontas Eorpach.
Thug Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an Dr Niall Comer, le fios do 7LÁ go dtuigtear dó go bhfuil dréacht-reachtaíocht Ghaeilge léite ag státseirbhísigh shinsearacha sa Bhreatain.
“Is í an tuiscint atá againne go bhfuil sí réidh le foilsiú. Ní fheictear dúinn go bhfuil aon leithscéal ann ag an tráth seo gan an reachtaíocht a rith,” a dúirt sé.
Tugtar le fios i dtaifid a fuair 7LÁ go bhfuil monatóireacht ar bun ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar ráitis pholaiteoirí aontachtacha agus náisiúnacha araon maidir le reachtaíocht Ghaeilge agus ceisteanna polaitiúla eile.
Thug an Roinn suntas d’agallamh a rinne iarcheannaire an DUP Edwin Poots le nuachtán an Sunday Life faoina raibh ar intinn aige féin go gairid tar éis dó a bheith ceaptha ina cheannaire ar an bpáirtí.
“Ní léir go raibh fonn air [Edwin Poots] labhairt faoi bhac a chur ar Acht Gaeilge nó Stormont a chur as feidhm,” a dúirt an statséirbhíseach i ríomhphost lena comhghleacaithe i Roinn an Taoisigh.
Rinneadh monatóireacht chomh maith ar sheisiún eolais fíorúil faoi Bhreatimeacht a d’eagraigh Sinn Féin faoi choinne ambasáidí tíortha éagsúla i Londain agus taidhleoirí idirnáisiúnta sa Mhárta anuraidh.
Tuairiscíodh go ndúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur “reachtaíocht ardtosaíochta” ab ea an reachtaíocht teanga, go mbeifí ag súil le beagán moille léi as siocair na paindéime ach go gcaithfí “tús áite” a thabhairt di anois.
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, lorg 7LÁ taifid a bhain le cruinnithe agus cumarsáid i Roinn an Taoisigh a bhain le gealltanais i leith na Gaeilge a tugadh i Ré Nua, Cur Chuige Nua.
Bhí 83 taifead cuí i Roinn an Taoisigh ón achar idir 1 Eanáir agus 26 Samhain 2021. Coinníodh 70 taifead siar. Cuireadh naoi gcinn ar fáil gan aon leasú do 7LÁ chomh maith le ceithre cinn eile a ndearnadh dubhú ar shleachta áirithe iontu.
Tugtar le fios sna cáipeisí gur chuir ceannaire Shinn Féin in iúl don Taoiseach gur iarr an páirtí ar Rialtas na Breataine an reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach i bparlaimint Westminster.
Ar an 16 Meitheamh 2021, scríobh Mary Lou McDonald litr chuig an Taoiseach á rá “go raibh port seinnte ó thaobh Acht na Gaeilge a thabhairt isteach san Fheidhmeannas.”
Dúirt sí “cé nárbh é a gcéad rogha é [Westminster] - nó go deimhin an rogha ab fhearr - go ndéanfadh an cur chuige sin éascaíocht do dhul chun cinn ar Acht Gaeilge.”
Roint uaireanta an chloig i ndiaidh sheoladh na litreach sin, d’fhógair Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis go raibh Rialtas na Breataine chun reachtaíocht Ghaeilge a rith i Westminster roimh Dheireadh Fómhair mura ndéanfaí é san Fheidhmeannas idir dhá linn.
Ina litir chuig an Taoiseach, dúirt ceannaire Shinn Féin go dtabharfadh sí eolas faoina cruinniú le Brandon Lewis an tráthnóna sin don Taoiseach agus d’iarr sí cruinniú ar bhonn práinne ar an Taoiseach féin le nach ligfí maidí le sruth.
An lá roimhe sin [15 Meitheamh], scríobh Sinn Féin, an SDLP, Pobal Roimh Bhrabús, an Comhaontas Glas agus Páirtí na Comhghuallaíochta litir thraspháirtí chuig an dá Rialtas ag achainí orthu a gcuid iarrachtaí a threisiú maidir leis ceist na reachtaíochta Gaeilge.
I mí an Mheithimh, bhagair Sinn Féin nach bhfilleadh siad ar an Fheidhmeannas gan gealltanas a fháil ón DUP go dtabharfaí an reachtaíocht teanga isteach.
D’éirigh iarcheannaire an DUP Edwin Poots as ceannaireacht an pháirtí an lá i ndiaidh dó géillleadh ar an cheist.
Sular scoireadh an Feidhmeannas, diúltaíodh do 26 iarratas éagsúla gealltanais maidir le Gaeilge a tugadh i Ré Nua, Cur Chuige Nua a chur ar chlár oibre cruinnithe den Fheidhmeannas.
An tseachtain sular éirigh Céad-Aire an Fheidhmeannais Paul Givan as oifig, dúirt Oifig Thuaisceart Éireann le 7LÁ go raibh díomá orthu nár éirigh leis an Fheidhmeannas an reachtaíocht a thabhairt isteach.
I ráiteas le 7LÁ, dúirt urlabhraí ón DUP gur cheart “gach uile pháirt de chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua” a chur i bhfeidhm chomh maith leis an ngealltanas a tugadh go mbeadh “áit arís ag an Tuaisceart i margadh inmheánach na Ríochta Aontaithe.”
Dheimhnigh an t-urlabhraí ó Rialtas na Breataine go mbeidh toghchán comhthionóil ann ar an 5 Bealtaine, ainneoin ráflaí go ngairmfí é roimhe sin.
“Seasmhacht pholaitiúl sa Tuaisceart a bhunú arís an rud is tábhachtaí,” a dúirt an t-urlabhraí.
Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.