An litir dhearg
Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.
Baineadh geit asainn. Ní raibh focal faoi fheidhmiú an Achta sa chlár rialtais ar an Luan ach ag a deich a chlog san oíche Dé Céadaoin b’eo chugainn fógra a bhí éilithe le blianta. Chuirfí tús le feachtas earcaíochta le haghaidh postanna na gcoimisinéirí don Ghaeilge agus don Ultais taobh istigh de roinnt laethanta de réir an phreasráitis ó Oifig an Fheidhmeannais in Stormont. Ansin Dé Luain foilsíodh na fógraí poist do na coimisinéirí.
Údar gairdeachais. Agus faoiseamh. Is iomaí duine a cheap gur bás den tsiléig a bhí i ndán don Acht Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) a ritheadh in Westminster trí bliana ó shin ach gurb é gnó an Fheidhmeannais in Stormont é a chur i bhfeidhm. Bhí an t-aer beo le ráflaí le míonna anuas go raibh bac á chur ag an DUP sa bhFeidhmeannas ar na croíbheartais a theastaigh ó phobal na Gaeilge, ceapadh Coimisinéara san áireamh.
N’fheadar céard a chuir tine faoin gcéad-aire agus leaschéad-aire, Michelle O’Neill agus Emma Little-Pengelly idir an Luan agus oíche Dé Céadaoin seo caite ach cuireadh fáilte mhór roimh an gcinneadh go gceapfaí an dá choimisinéir. D’fhógair siad freisin go mbunófaí oifig féiniúlachta agus cultúir ina mbeadh stiúrthóir agus cúigear foirne. Bhí an mhoill ar na céimeanna sin cáinte an lá roimhe sin i dtuarascáil an CESCR, coiste iniúchta um chearta cultúir, eacnamaíochta agus sóisialta de chuid na Náisiún Aontaithe. Mhol an coiste go gcuirfí dlús le feidhmiú an achta le rannpháirtíocht na ngluaiseachtaí teanga.
Cibé rud a ghríos chun gnímh iad ar deireadh, is mithid.
Rinne lucht feachtais na Gaeilge éacht chun an méid seo a bhaint amach ach ní tráth leisce é. Ní mór a bheith airdeallach anois chun a chinntiú go mbeidh brí leis na cinntí a dhéanfar san tréimhse seo romhainn. Is léir óna bhfuil ráite ag gníomhaithe ón bhfeachtas Dearg go dtuigeann siad go mbeidh sé cinniúnach gur ag an gcoimisinéir a bheidh an t-údarás chun caighdeáin agus scothchleachtais a leagan síos i leith na Gaeilge.
De réir na reachtaíochta caithfidh na chéad-airí aontú faoi na daoine a cheapfar mar choimisinéirí. Déantar talamh slán de go mbeidh níos mó teannais ag baint le roghnú agus cumhacht Choimisinéir na Gaeilge i bhfianaise naimhdeas an DUP don Ghaeilge go dtí seo. Beidh comhchead ón chéad-aire agus leaschéad-aire riachtanach chun téarmaí tagartha na bhfeidhmeanna a bheidh ag an gcoimisinéir a leagan amach, na dualgais a bheidh ar ranna rialtais mar shampla.
Dúirt an chéad-aire Michelle O’Neill, Sinn Féin, i dteachtaireacht ar X gur chéim stairiúil é ceapadh na gcoimisinéirí. Dúirt sí freisin go mbeadh “ról lárnach ag an gcoimisinéir Gaeilge i gcur chun cinn na teanga sna seirbhísí poiblí agus san saol laethúil”. Sin é an dúshlán. An bhfuil sé sin aontaithe aici leis an DUP? Má tá is athrú thar a bheith suntasach é ar leagan amach an DUP.
Ní raibh an leaschéad-aire Emma Little-Pengelly, an DUP, chomh húisiúil sin. Sa ráiteas oifigiúil ó oifig an Fheidhmeannais, dúirt sí gurb é ceapadh na gcoimisinéirí an chéad chéim eile i mbunú na bhforas nua. Theastaigh uaithi “oiread daoine agus ab fhéidir a ghríosadh chun iarratais a chur isteach ionas go dtapófaí na deiseanna chun ár n-oidhreacht luachmhar agus ár bhféiniúlacht a chothú.”
Caithfidh an duine a cheapfar i bpost an Choimisinéara don Ghaeilge a bheith seiftiúil chun an chumhacht riachtanach a bhaint amach. Ní hamháin go mbeidh air/uirthi an bhunchloch a leagan agus na dualgais agus cleachtais a shainiú, ach d’uireasa dlíthe cosanta don Ghaeilge beidh sé riachtanach na cearta a aontú. Beidh tuiscint ar mhaorlathas, gan a bheith faoi shrian aige, agus gliceas an tsionnaigh maidir leis an aicme pholaitiúil de dhíth.
Neosfaidh an aimsir.
Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.