An litir dhearg
Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.
Tá “duine spreagúil” atá “díograiseach tiomanta” á lorg ag Oifig an Fheidhmeannais sa Tuaisceart le haghaidh ról an Choimisinéara Teanga don Ghaeilge.
Deirtear go mbeidh ar an té a cheapfar a bheith in ann obair ag leibhéal sinsearach “i dtimpeallacht chasta”.
Ní mór don té a chuirfidh isteach ar an bpost, a bhfuil tuarastal £79,237 go £88,908 sa bhliain luaite leis, “tuigse dhomhain ar bheartas teanga, dea-chuntas i ngnóthú an tsoláthair rathúil, scileanna abhcóideachta, agus tiomantas láidir” a bheith aige, de réir an fhógra do phost a eisíodh inné.
Beidh sé “riachtanach don phost” go mbeidh an té a cheapfar in ann “cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leis na húdaráis phoiblí agus leis na páirtithe leasmhara eile” i nGaeilge agus beidh “measúnú ar inniúlacht sa Ghaeilge” i gceist mar chuid den phróiseas earcaíochta. Déanfar measúnú ar chumas labhartha, éisteachta, léite, agus scríofa na n-iarratasóirí.
Beifear ag súil go “gcomhoibreoidh [an té a cheapfar] le réimse leathan páirtithe leasmhara” – ranna rialtais, na húdaráis phoiblí, agus grúpaí pobail ina measc – le “timpeallacht ionchuimsitheach” a chruthú agus “cuspóirí an róil” a bhaint amach
Déanfaidh na hiarratasóirí a mheasann an painéal roghnúcháin a bheith “fóirsteanach” don cheapachán cur i láthair don Chéad-Aire Michelle O’Neill agus don LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly. Na hairí a dhéanfaidh an cinneadh deireanach faoin gceapachán.
Mairfidh an ceapachán tréimhse cúig bliana agus beidh an deis ann an conradh a athnuachan don dara téarma. Níl an suíomh oibre socraithe go fóill ach deirtear san fhógra poist gur “dócha go mbeidh sé i mórcheantar Bhéal Feirste”.
“Meastar go mbeidh an Coimisinéir agus an fhoireann s’aige lonnaithe i gcóiríocht oifige shealadach i dtús báire, go dtí go n-aimseofar cóiríocht oifige bhuan,” a deirtear sa leabhrán eolais d’iarrthóirí.
Beidh ar an gcoimisinéir nua caighdeáin ar dhea-chleachtas a fhoilsiú agus monatóireacht a dhéanamh orthu. Beidh faireachán le déanamh ar chomhlíonadh na gcaighdeán agus beidh athbhreithniú le déanamh ar a bhfeidhmiú.
Beidh an chumhacht ag an gcoimisinéir fiosrú a dhéanamh ar ghearáin gur theip ar údarás poiblí i ndáil le comhlíonadh na ndualgas sin.
Beidh go dtí meán lae Dé hAoine an 28 Márta 2025 ag iarratasóirí an fhoirm iarratais a chur isteach. Beidh an scrúdú Gaeilge ar siúl i mí na Bealtaine agus beidh na hagallaimh don phost ar siúl i mí an Mheithimh.
Chuir Conradh na Gaeilge agus an Dream Dearg fáilte roimh an scéala go raibh tús le cur leis an bpróiseas earcaíochta don Choimisinéir Teanga don Ghaeilge an tseachtain seo caite.
Dúirt Uachtarán an Chonartha, Ciarán Mac Giolla Bhéin, gur chóir aitheantas a thabhairt do na “scórtha mílte Gael” a bhí i mbun feachtasaíochta agus a “thug dúshlán an stáit arís agus arís eile” i gcaitheamh na mblianta.
Dúirt an Dream Dearg gur “forbairt stairiúil” a bhí san fhógra agus gur “bua ollmhór” a bhí ann don ghrúpa feachtais atá ag feachtasaíocht ar son reachtaíocht teanga sa Tuaisceart le breis agus deich mbliana.Tá “duine spreagúil” atá “díograiseach tiomanta” á lorg ag Oifig an Fheidhmeannais sa Tuaisceart le haghaidh ról an Choimisinéara Teanga don Ghaeilge.
Deirtear go mbeidh ar an té a cheapfar a bheith in ann obair ag leibhéal sinsearach “i dtimpeallacht chasta”.
Ní mór don té a chuirfidh isteach ar an bpost, a bhfuil tuarastal £79,237 go £88,908 sa bhliain luaite leis, “tuigse dhomhain ar bheartas teanga, dea-chuntas i ngnóthú an tsoláthair rathúil, scileanna abhcóideachta, agus tiomantas láidir” a bheith aige, de réir an fhógra do phost a eisíodh inné.
Beidh sé “riachtanach don phost” go mbeidh an té a cheapfar in ann “cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leis na húdaráis phoiblí agus leis na páirtithe leasmhara eile” i nGaeilge agus beidh “measúnú ar inniúlacht sa Ghaeilge” i gceist mar chuid den phróiseas earcaíochta. Déanfar measúnú ar chumas labhartha, éisteachta, léite, agus scríofa na n-iarratasóirí.
Beifear ag súil go “gcomhoibreoidh [an té a cheapfar] le réimse leathan páirtithe leasmhara” – ranna rialtais, na húdaráis phoiblí, agus grúpaí pobail ina measc – le “timpeallacht ionchuimsitheach” a chruthú agus “cuspóirí an róil” a bhaint amach.
Déanfaidh na hiarratasóirí a mheasann an painéal roghnúcháin a bheith “fóirsteanach” don cheapachán cur i láthair don Chéad-Aire Michelle O’Neill agus don LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly. Na hairí a dhéanfaidh an cinneadh deireanach faoin gceapachán.
Mairfidh an ceapachán tréimhse cúig bliana agus beidh an deis ann an conradh a athnuachan don dara téarma. Níl an suíomh oibre socraithe go fóill ach deirtear san fhógra poist gur “dócha go mbeidh sé i mórcheantar Bhéal Feirste”.
“Meastar go mbeidh an Coimisinéir agus an fhoireann s’aige lonnaithe i gcóiríocht oifige shealadach i dtús báire, go dtí go n-aimseofar cóiríocht oifige bhuan,” a deirtear sa leabhrán eolais d’iarrthóirí.
Beidh ar an gcoimisinéir nua caighdeáin ar dhea-chleachtas a fhoilsiú agus monatóireacht a dhéanamh orthu. Beidh faireachán le déanamh ar chomhlíonadh na gcaighdeán agus beidh athbhreithniú le déanamh ar a bhfeidhmiú.
Beidh an chumhacht ag an gcoimisinéir fiosrú a dhéanamh ar ghearáin gur theip ar údarás poiblí i ndáil le comhlíonadh na ndualgas sin.
Beidh go dtí meán lae Dé hAoine an 28 Márta 2025 ag iarratasóirí an fhoirm iarratais a chur isteach. Beidh an scrúdú Gaeilge ar siúl i mí na Bealtaine agus beidh na hagallaimh don phost ar siúl i mí an Mheithimh.
Chuir Conradh na Gaeilge agus an Dream Dearg fáilte roimh an scéala go raibh tús le cur leis an bpróiseas earcaíochta don Choimisinéir Teanga don Ghaeilge an tseachtain seo caite.
Dúirt Uachtarán an Chonartha, Ciarán Mac Giolla Bhéin, gur chóir aitheantas a thabhairt do na “scórtha mílte Gael” a bhí i mbun feachtasaíochta agus a “thug dúshlán an stáit arís agus arís eile” i gcaitheamh na mblianta.
Dúirt an Dream Dearg gur “forbairt stairiúil” a bhí san fhógra agus gur “bua ollmhór” a bhí ann don ghrúpa feachtais atá ag feachtasaíocht ar son reachtaíocht teanga sa Tuaisceart le breis agus deich mbliana.