Cartlann na Meán

‘Buafaimid an chéad chás cúirte eile’ – dúshlán tugtha don Aire Pobal maidir lena theip straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach

Chuir toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge a gcuid frustrachais maidir leis an easpa dul chun cinn i leith na straitéise Gaeilge ó thuaidh in iúl ag cruinniú de Choiste Pobal Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann
‘Buafaimid an chéad chás cúirte eile’ – dúshlán tugtha don Aire Pobal maidir lena theip straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach

Tá ráite ag Conradh na Gaeilge go bhfuil muinín caillte ag an bpobal go mbeidh Feidhmeannas Thuaisceart Éireann in ann straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach.

Tá obair ar bun faoi láthair ar fhorbairt na straitéise, a gealladh mar chuid de Chomhaontú Chill Rímhinn in 2006, ach tá an tAire Pobal ag diúltú aon choimitmint a thabhairt maidir le cén uair a fhoilseofar í.

Ábhar frustrachais é do Chonradh na Gaeilge chomh maith nach bhfuil an tAire sásta bualadh leo chun an scéal a phlé. an An tseachtain seo caite, scríobh an eagraíocht chuig an aire Gordon Lyons ón DUP den tríú huair ag lorg cruinniú ach deir an Conradh nach raibh sé sásta casadh leo.

Tá sé fógartha anois ag Conradh na Gaeilge go bhfuil tús curtha le cás cúirte eile i gcoinne theip an Fheidhmeannais straitéis na Gaeilge a thabhairt isteach. D’éirigh leis an gConradh i gcásanna cúirte ar an ábhar seo faoi dhó cheana, in 2017 agus in 2022.

Tagann an tríú cás seo sna sála ar bhua an Choiste um Riarachán Dlí agus Cirt (CAJ) san Ard-Chúirt an tseachtain seo caite maidir le teip Fheidhmeannais Straitéis Frith-Bhochtanais a thabhairt isteach, rud atá geallta sa reachtaíocht chéanna.

Chuir toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge a gcuid frustrachais maidir leis an easpa dul chun cinn i leith na straitéise in iúl ag cruinniú de Choiste Pobal an Fheidhmeannais inné.

Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Abhcóideachta leis an gConradh, gur chaith grúpaí teanga “na céadta uaireanta an chloig” ag obair mar chuid de Choiste Comh-Dheartha a bhí ag obair ar an dréachtstraitéis ach go bhfuil foighne caillte ag go leor acu anois.

Dúirt Ó Tiarnaigh, atá ina chathaoirleach ar an gcoiste sin, go raibh grúpaí ag iarraidh tarraingt siar mar thoradh ar an easpa dul chun cinn ach gur chreid an Conradh go fóill go bhféadfaí straitéis láidir, éifeachtúil a thabhairt isteach.

Mar sin féin, dúirt Ó Tiarnaigh go raibh imní orthu sa gCoiste Comh-Dheartha go gcuirfí na moltaí a rinneadar i dtaobh na straitéise ar leataobh agus go dtabharfaí isteach straitéis nach mbeadh tionchar ar bith aici ar fhorbairt na teanga.

Dúradh gur amscála 14 mí a luadh le forbairt na straitéise um chuimsiú sóisialta ach nach raibh an tAire sásta tréimhse ar bith a lua le straitéis na Gaeilge. Mhaígh Ó Tiarnaigh go mbeifí anois ag obair ar an dara Straitéis 20 bliain don Ghaeilge ó thuaidh dá mbeadh an bhunstraitéis curtha i bhfeidhm go luath i ndiaidh di a bheith geallta in 2006.

Dúirt Ó Tiarnaigh nár thuig sé cén chaoi nach bhféadfadh feidhmiú na straitéise a bheith ina thosaíocht ag an Aire Pobal agus a roinn tar éis don Ard-Chúirt a chinneadh aoi dhó go raibh an dlí sáraithe ag an bhFeidhmeannas maidir leis an teip an straitéis a thabhairt isteach.

Mhaígh Ó Tiarnaigh nach rabhthas sásta suí siar agus fanacht ar an straitéis. Mhaígh sé go n-éireodh leis an gConradh sa gcéad chás cúirte eile, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh cinneadh na cúirte maidir leis an straitéis frith-bhochtanais a thabhairt isteach.

Rinne Daniel McCrossan ón SDLP cáineadh láidir ar chur chuige an Aire Gordon Lyons ar cheist na straitéise agus dúirt sé gurb ar an DUP amháin a bhí an locht maidir leis an moill a bhain lena cur i bhfeidhm.

“Ní chuireann sé iontas ar bith orm…bac polaitiúil atá anseo agus tá sé ag teacht ó chúinne an DUP,” a dúirt McCrossan.

“Tá sé thar a bheith drochbhéasach agus mímhúinte nach bhfuil an t-am tógtha ag an Aire chun casadh libh i bhfianaise an fhuinnimh agus na hoibre atá curtha isteach agaibh chun an staid seo a bhaint amach. Tuigim bhur bhfrustrachas agus mothaím féin é inniu,” a dúirt sé.

“Is ag an choiste seo teachtaireacht a thabhairt don Aire Pobal gur mór an náire an t-iompar seo agus nach féidir glacadh leis ar bhealach ar bith. Ní féidir scaoileadh leis agus go gceapfadh sé gur féidir leis brath ar thacaíocht an choiste seo maidir le hábhair eile a roghnaíonn sé.”

“Téigí chun troda sna cúirteanna más gá mar beidh ár dtacaíocht iomlán agaibh,” a dúirt McCrossan le toscaireacht Chonradh na Gaeilge.

Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Cearta Teanga le Conradh na Gaeilge, go rabhthas os comhair an Choiste Pobal anuraidh ag rá gur theastaigh obair chun an mhuinín a bhí caillte ag pobal na Gaeilge le 20 bliain anuas a thabhairt ar ais. Bliain níos déanaí aghaidh, dúirt sí go raibh an mhuinín sin caillte go hiomlán anois.

Tagraíodh do cheist mhaoiniú Fhoras na Gaeilge le linn an chruinnithe leis an gCoiste Pobal chomh maith. D’iarr an Conradh ar an gcoiste go gcuirfí brú ar Oifig an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire struchtúr maoinithe an Fhorais a athrú nó go bealach éigin eile a fhál chun na fadhbanna airgeadais atá ag an bhForas faoi láthair a réiteach.

Clibeanna:

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|