Cartlann na Meán

Cinneadh ar chomharthaí á éileamh ag Cumann Gaelach QUB

De réir mar a leantar ar aghaidh leis an leithcheal i leith na Gaeilge sa chóras oideachais – bíodh an DUP, an tÚdarás Oideachais nó an ollscoil i gceist – éiríonn na Gaeil óga níos comhfhiosaí air mar leithcheal. Tá daoine óga ann a bheidh ag freastal ar Ollscoil na Banríona amach anseo. Mura ndéanfaidh an ollscoil cinneadh gan mhoill, gach seans go mbeidh orthu dul i ngleic le glúin níos gníomhaí agus níos feargaí ná muidne.
Cinneadh ar chomharthaí á éileamh ag Cumann Gaelach QUB

Tá bliain chinniúnach roimh Ollscoil na Banríona ó thaobh cearta teanga de, go háirithe maidir le comharthaíocht dhátheangach. Seo scéal a théann siar níos mó ná scór bliain. In 1997, baineadh anuas an chomharthaíocht dhátheangach i bhfoirgneamh Aontas na Mac Léinn. Mhaígh an Coimisiún um Fhostaíocht Chóir (FEC) nach raibh an chomharthaíocht “oiriúnach do thimpeallacht oibre neodrach” – ach bhí na comharthaí bainte ag údaráis na hollscoile fiú sular chuir an FEC brú orthu déanamh amhlaidh.

Chuaigh cathaoirleach an FEC ag an am, Bob Cooper, níos faide arís nuair a dúirt sé gur chruthaigh na comharthaí Gaeilge “chill factor” do Phrotastúnaigh san ollscoil agus nach raibh siad úsáideach óir níor chuir siad an teanga chun cinn. D’fhógair an UUP gur bhagairt ab ea na comharthaí ó mhic léinn san ollscoil a bhí báúil don phoblachtachas, agus chuir Peter Weir in iúl don phobal gur “eiseamláir den seicteachas agus den impiriúlachas cultúrtha” é iarpholasaí na hollscoile ar chomharthaíocht dhátheangach. Chuir Alliance, Aontas Mac Léinn na hÉireann agus an Chomhairle um Dhea-Chaidreamh fáilte roimh an chinneadh fosta.

Chuir Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona tús leis an fheachtas reatha ar son comharthaíochta dátheangaí ag deireadh na bliana 2017. Bhí Gaeilgeoirí na hollscoile ag éirí níos gníomhaí agus níos feargaí de réir mar a bhí achan Ghael óg sna sé chontae ag éirí níos gníomhaí agus níos feargaí, i gcomhthéacs an fheachtais ag an Dream Dearg. Bhí slua againn go fóill ar an mheánscoil ag an am. Ba léir dúinn an leithcheal a bhí á dhéanamh sa chóras oideachais, mar shampla nuair a bhain an tÚdarás Oideachais airgead ó sheirbhísí óige Gaeilge. Ach níos tábhachtaí arís, nuair a tugadh an t-airgead ar ais dóibh, ba léir dúinn cumhacht na hagóidíochta.

Mar sin de, ag tús na bliana acadúil 2017-18, chuir an coiste nua den Chumann Gaelach brí úr san fheachtas san ollscoil. Bhí agóid againn ag geataí na hollscoile ag éileamh “Aitheantas Anois”. Scríobh muid litir chuig an Leas-Seansailéir ag an am ag iarraidh cruinniú leis faoi cheist na Gaeilge san ollscoil, agus ag rá gur cheart na comharthaí dátheangacha a chur in airde arís in Aontas na Mac Léinn.

Bhí éileamh nua ann, áfach: comharthaíocht dhátheangach a chur in airde fud fad champas na hollscoile. D’fhreagair an Leas-Seansailéir le tagairt do Chuid 3.1 de Pholasaí Comhionannais agus Éagsúlachta na hollscoile ag dearbhú nach gcuirfidís comharthaí in airde a bhí “corraitheach, ionsaitheach nó bagrach” – an téarmaíocht chéanna a d’úsáid siad in 1997.

Mar gheall ar an agóid a d’eagraigh an Cumann Gaelach faoi seo i mí Feabhra 2018 agus an tuairisciú cuimsitheach sna meáin, ghabh an Leas-Seansailéir a leithscéal agus bhunaigh uasaicme na hollscoile grúpa oibre chun ceist na Gaeilge a phlé, go háirithe i bhfianaise an Pholasaí Comhionannais agus Éagsúlachta, a bhí as dáta.

Ag an am céanna, bhrúigh an Cumann Gaelach i dtreo teaictic eile chun ceist na Gaeilge a bhrú ar an ollscoil: dlúthpháirtíocht i dtoghcháin an Aontais. Rith ball den choiste, Liam Ó hEidhin, don ról mar Leas-Uachtarán – Comhionannas agus Éagsúlacht, agus é mar sprioc aige “an pobal Gaelach a thabhairt isteach chuig croí an Aontais”.

Cé gur chaill muid an toghchán – bhí níos lú ná 100 vóta idir muid agus an buaiteoir – bhí bua againn maidir lenár sprioc. Bhí mana simplí againn san feachtas: cearta teanga, comharthaíocht dhátheangach agus an Ghaeilge. Gheall an cúigear buaiteoirí go dtabharfaidís lántacaíocht don Ghaeilge, feachtas an Chumainn Ghaelaigh san áireamh.

Lena chois sin, bhí feachtas eile ar siúl againn chun ról Oifigeach Páirtaimseartha na Gaeilge a chur i bhfeidhm den chéad uair san ollscoil. Theip air an chéad uair ach d’éirigh linn go mall in 2018. Sa reifreann faoin gceist, vótáil 76% ar son an ról a bhunú. Nuair a rith Aodhán Ó Baoill don ról i dtoghchán an Aontais in 2019, chaith níos mó mac léinn vóta i leith oifigeach páirtaimseartha ná riamh roimhe i stair na hollscoile.

Ag deireadh na bliana acadúla 2018-19, chuir grúpa oibre na hollscoile a bpolasaí nua Comhionannais, Éagsúlachta agus Ionchuimsitheachta faoi bhráid an phobail. Tá Cuid 3.1 athraithe, ach níl an Ghaeilge luaite. Mhair an tréimhse chomhairliúcháin faoin pholasaí nua dhá sheachtain. Chuir muid aighneacht chuimsitheach isteach ag éileamh go gcuirfidís an Ghaeilge agus comharthaíocht dhátheangach isteach sa pholasaí. Bhí tuilleadh brú de dhíth, áfach.

D’éirigh linn 1,000 síniú a fháil ar an champas ar son ár n-aighneachta ó mhic léinn agus oibrithe araon. Ba phrácás iomlán an próiseas seo d’údaráis na hollscoile, agus léirigh siad arís a neamhábaltacht plé le cearta, d’ainneoin tuarastail mhóra s’acusan agus fiacha móra s’againne. Chuir siad síneadh ama leis an phróiseas comhairliúcháin agus tá na torthaí geallta roimh dheireadh na bliana.

De réir mar a leantar ar aghaidh leis an leithcheal i leith na Gaeilge sa chóras oideachais – bíodh an DUP, an tÚdarás Oideachais nó an ollscoil i gceist – éiríonn na Gaeil óga níos comhfhiosaí air mar leithcheal. Tá daoine óga ann a bheidh ag freastal ar Ollscoil na Banríona amach anseo. Mura ndéanfaidh an ollscoil cinneadh gan mhoill, gach seans go mbeidh orthu dul i ngleic le glúin níos gníomhaí agus níos feargaí ná muidne.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|