Cartlann na Meán

Obair fós le déanamh chun bonn dlí a chur faoi uachtanna i nGaeilge

Deir an Roinn Airgeadais ó thuaidh go bhfuil sé i gceist i gcónaí uachtanna Gaeilge a dhéanamh bailí de réir an dlí
Obair fós le déanamh chun bonn dlí a chur faoi uachtanna i nGaeilge

Tá tuilleadh oibre le déanamh sula mbeidh bonn dlí faoi uachtanna a dhéantar i nGaeilge sa Tuaisceart.

Deir Roinn Airgeadais Stormont go bhfuil sé i gceist i gcónaí uachtanna Gaeilge a dhéanamh bailí de réir an dlí ach go raibh “obair thrasrialtais” le déanamh go fóill chun a chinntiú go mbeadh an reachtaíocht a bhí ag teastáil réidh agus an córas dlí ullamh don athrú.

Tá an Roinn Airgeadais ag obair air sin i gcomhar leis an Roinn Dlí agus Oifig Thuaisceart Éireann, a dúradh.

Gealladh in 2020 sa chomhaontú New Decade, New Approach go ndéanfaí soláthar reachtúil d’úsáid na Gaeilge i gclárú breitheanna, póstaí agus básanna, rud a rinneadh, ach níl an stádas go fóill ag uachtanna a dhéantar i nGaeilge.

I ráiteas ón Roinn Airgeadais, dúradh gur scríobh an tAire Airgeadais chuig an Aire Dlí i mí Aibreáin faoi chás na n-uachtanna Gaeilge agus go raibh an bheirt airí diongbháilte maidir le hobair lena gcomhghleacaithe chun an gealltanas a tugadh i New Decade New Approach a chomhlíonadh.

Chuir Patsy McGlone, ball tionóil de chuid an SDLP agus cainteoir líofa Gaeilge, fáilte roimh ghealltanas na n-airí ach dúirt nár thuig sé cén fáth go raibh moill chomh fada ann. Ag labhairt dó leis an Irish News, dúirt McGlone:

“Nuair a labhair mise leis na hairí faoi seo leag siad an fhreagracht ar an duine eile arís agus arís eile agus mhaígh siad nach orthu féin a bhí an fhreagracht as é seo a chur i gcrích.

“Mar sin táim sásta gur tháinig ciall chuig daoine ar deireadh i ndiaidh brú uaim féin agus gníomhaithe teanga nach raibh sásta géilleadh faoi seo.

“Tá sé ríthábhachtach go léireofaí meas ar chearta teanga cainteoirí Gaeilge agus go dtugtar isteach gach rud atá geallta sa chomhaontú NDNA.”

Clibeanna:

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|