#Athshealbhú

Ar ais chuig Uirlisí

Athshealbhú!



Tá Comhairle Chathair Dhoire agus Ceantair an tSrátha Báin ag déanamh comhairliúcháin faoi láthair ar dhréacht-pholasaí sráidainmneacha úr s’acu; ghlac an Chomhairle le rún sa bhliain 2021 ag tacú le tairseach tacaíochta na n-iarratas rathúla a ísliú ó 66% de chónaitheoirí go dtí 15%, mar atá molta ag Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe ar cheisteanna mionlaigh.

Tá an Chomhairle anois ag bailiú barúlacha maidir leis an dréacht scagadh comhionannais a rinne siad, mar aon leis na maoluithe atá molta acu ar an pholasaí féin. Ina measc na maoluithe atá molta, beidh cosc 3 bliana ar ath-iarratais má bhíonn iarratas mírathúil agus beidh sonraí comhionannais á mbailiú ag an Chomhairle chun tionchar an pholasaí a mheas, rud nach bhfuil i bhfeidhm i bpolasaí sráidainmneacha ar bith eile.

Thíos, tá freagra oifigiúil ar an chomhairliúchán, ag ardú na ndúshlán thuasluaite; ní mór duit do shonraí a líonadh isteach chun go seolfar an ríomhphost seo chuig an rannóg chuí laistigh den Chomhairle.

An ríomhphost a sheolfar:
|