An litir dhearg
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.
“Inseoidh an stair gur shiúil muid an bóthar fada”, a d’fhógair Conchúr Ó Muadaigh ón ardán ag an Lá Dearg, agus é ag caint os comhair na mílte daoine a bhí fós ag bailiú isteach ar Ascaill Rioga Bhéal Feirste.
Shiúil muid bóthar fada, cinnte. Réitigh pobal Bhóthar Seoighe an bealach don Dream Dearg, mar a réitigh siad an bealach céanna do Choláiste Feirste, don Chultúrlann agus don iliomad grúpaí agus scoileanna Gaeilge a tháinig chun saoil le breis agus 50 bliain anuas. Leag siad síos i bhfreamhacha na Gaelscolaíochta dúshráith pobail nach féidir a shárú.
Bíonn An Dream Dearg beo ar an rosc catha sin, ar an mhúnla comhpháirtíochta pobail a spreagann agus a mheallann muid chun sráide arís agus arís eile lenár dteanga a chosaint. Tá an cultúr gnímh sin beo beathach ó thuaidh, cultúr atá greanta go domhan i bpobal nach raibh an dara rogha acu ach dúshlán an stáit ó thuaidh a thabhairt arís agus arís eile ó bunaíodh an stát céanna.
Nuair a chéistítear idé-eolaíocht agus fealsúnacht gnímh An Dream Dearg, ní féidir an scéal sin a instint gan an stair sin a chíoradh agus go deimhin, gach rud a baineadh amach sa tréimhse sin a chéiliúradh.
Ach le teacht chun tosaigh Chomhaontú Aoine an Chéasta, gealladh ré úr comhionannais don Ghaeilge, ré úr maidir le cosaintí Gaelscolaíochta ina measc. Níor fíoradh fís 1998 i leith na teanga riamh, agus cé gur gealladh reachtaíocht don Ghaeilge in 2006 ag Cill Rìmhinn, ní fhaca pobal toradh an chomhaontaithe sin ariamh.
D’ainneoin blianta fada d’institiúidí polaitiúla sa tréimhse sin ar aghaidh agus trí chomhairliúchán poiblí maidir leis an acht Gaeilge, agus iarrachtaí luaithe mórshiúlta a eagrú leis an cheist a bhrú chun cinn, thit ceist na Gaeilge den tábla, beagán ar bheagán.
Sin ráite, bhí síolta láidre curtha ag an Lá Dearg in 2014 i mBéal Feirste, a d’éiligh, i measc rudaí eile, meánscoil Ghaeilge i nDoire Theas, agus d’éirigh leo. Tascaire agus clochmhíle aitheanta ab ea an bua siombalach sin gur féidir dul chun cinn a dhéanamh agus an pobal ag obair le chéile, ar bhonn straitéiseach agus gníomhach.
Faoin am a dtáinig toghchán an Tionóil in 2016, bhí an tAcht Gaeilge mar éileamh mór pobail agus polaitiúil chomh himeallaithe agus a bhí le 20 bliain. Le sráith ionsaithe suaracha i gcoinne na teanga ó ionadaithe aitheanta an aontachtachais pholaitiúil, cuireadh tús leis an chéad chaibidil eile san aistear úd.
A bhuí le Paul Givan agus le Peter Weir, a deir lucht an fheachtais go minic; murach iad agus Gregory Campbell and Arlene Foster, n’fheadar an mbeadh an spreagadh ann don Dream Dearg an chéad lá riamh. Ghlac nimh agus naimhdeas an DUP i leith na teanga pobal na Gaeilge, agus an mórphobal trí chéile, is léir, le chéile.
I gcruinnithe seachtainiúla sa Chultúrlann idir Geimhreadh 2016 agus Earrach 2017 a rinneadh an cur agus an cúiteamh; is ann a socraíodh an dearadh agus an bhrandáil, a bunaíodh na meáin shóisialta agus a scaipeadh an tsoiscéil dheirg; cearta, cothromas agus cóir.
Shuígh múinteoirí, tuismitheoirí, filí agus ceoltóirí, gníomhaithe teanga agus pobail, scríbhneoirí agus fís-iriseoirí, ceamradóirí agus ealaíontóirí uilig síos le chéile agus roinneadh le chéile scileanna agus saineolas chun áird an phobail agus na Rialtas cuí mhealladh. Le chéile bunaíodh spásanna úra chun Gaeil a cheangail le chéile agus iad dírithe ar sprioc choiteann amháin; cearta teanga ó thuaidh.
Sa tréimhse 5 bliana a lean ba é An Dream Dearg aghaidh agus anam an phobail sa troid ar son comhionannais teanga. Ba é an ghluaiseacht agus an spás a thóg díograiseoirí dearga le chéile faoin bhrát chéanna. Ba é an ghluaiseacht a thóg muid go sráideanna Dhoire, go croílár an Iúir agus go Cnoc an Anfa arís agus arís eile.
Nuair a shroic 10,000 Gael croílár Bhéal Feirste amach i mí na Bealtaine 2017, an chéaduair a raibh cead ag pobal na Gaeilge cruinniú le chéile lasmuigh de Halla na Cathrach, siombal síoraí an stáit óráistigh ó thuaidh, ba léir go raibh ‘an fathach muscailte’.
Agus bhí An Dream Dearg beo ar an mhórshiúl sin in 2017, áit ar leagadh síos múnla gnímh agus cur chuige pobail nach bhfachthas le fada an lá.
Is iomaí gnímh eile a thit amach idir an dá linn, sular aontaíodh an reachtaíocht teanga in Eanáir 2020, agus ina diaidh. Le teacht na paindéime d’éirigh cúrsaí ní ba dheacra, cinnte, ach le samhlaíocht agus le fuinneamh a thug an Dream Dearg faoin dúshlán le linn 2020 agus 2021. ‘Seas an fód’, an ghairm chatha an iarraidh sin, agus scaileán 80 troigh curtha in airde i ngairdíní Chnoc an Anfa.
Nuair a thosaigh an mhoilleadóireacht agus na leithscéalta ag teacht chun tosaigh in athuair i nGeimhreadh 2021 agus in Earrach 2022, tháinig deireadh leis an mhandáid Tionóil gan aon bhogadh ar cheist na Gaeilge. Is sa tréimhse sin a thosaigh an Dream Dearg ag teacht le chéile arís.
Níorbh fhada go raibh an cur agus an cúiteamh ar ais i seomraí gealla na Cultúrlainne. ‘Tá rud éigin mór uainn’. ‘Ar cheart móshiúl eile a dhéanamh?’ ‘An mbainfidh muid amach airde 2017 arís?’ ‘Cad é a tharlaíonn má theipeann orainn, an ndéanann muid damáiste don fheachtas?’ Ceisteanna ciallmhara, stuama, a cuireadh go ciúin idir cruinnithe. Bhí 5 bliana imithe ó thóg An Dream Dearg seilbh ar an chathair, ó tugadh ‘lá mór amuigh’ do na Gaeil.
Bhí an ghluaiseacht i gcónaí beo ar an dóchas, áfach, ar chéimeanna fórasacha a thógáil agus fuinneamh gníomhaithe a threorú i dtreo bheartais mhóra. Bhí an t-am sin tagtha arís. Tuigeadh ag an phointe sin, Márta 2022, go raibh dualgas ar an Dream Dearg dul ar ais chun sráide. Déanta na fírinne, ní raibh ach an t-aon rogha amháin sin ar an tabla; brú mór amháin eile a iarraidh ar an phobal chun an reachtaíocht seo a bhrú thar an líne.
A luaithe agus a cinneadh an Lá Dearg a reachtáil, bhí ceist ann maidir le dáta. Bhí toghchán fógartha, ar ndóigh, ach rinneadh cinneadh straitéiseach an Lá Mór a dhéanamh an dara satharn i ndiaidh thorthaí an toghcháin, chun díriú ar na chomhcháinteanna in áit ar na díospóireachtaí toghchánaíochta.
Agus sin nuair a thosaigh an obair. D’imigh na ceisteanna agus tháinig na freagraí. Thóg an fuinneamh neirbhíseach, sceitimíneach seilbh ar shaolta na scórtha Gael ón lá sin amach. Bhí 8 seachtaine ann go dtí an 21 Bealtaine, agus is tréimhse sin, gach Máirt, tháinig meithleacha oibre agus gnímh An Dream Dearg le chéile chun an Lá Mór a phleanáil.
Bhí foirne ag plé le cumarsáid, baicle i mbun slandála, slua eile ag eagrú chúrsaí árachais, ardáin agus fuaime; bhí cainteoirí le socrú, ceol le socrú; bhí an Chultúrlann ag súil leis na mílte in aon mhaidin amháin; bhí brat ollmhór le hullmhú agus le cur ar an sliabh; agus thar aon ní eile, bhí pobal le gríosú.
Ó tháinig An Dream Dearg le chéile an chéad uair in 2016, bhí infrastruchtúr iontach tógtha ar an talamh, i measc phobail áitiúla ó thuaidh agus an ghluaiseacht mhór-aitheanta ar fud na tíre. Bhí gréasán gníomhaithe úra a fuair oiliúint bheo sa tréimhse sin.
Faoin am a dtáinig Bealtaine 2022, bhí na ceadta gníomhaithe rannpháirteach san eagrú, cuid a bhí ann in 2017, gréasán eile a tháinig fríd na cumainn Ghaelacha sna hOllscoileanna a bhain amach buanna iontach faoin mhúnla dearg, agus glúin úr Gael a bhí ag teacht chun tosaigh as a stuam féin, iad spreagtha ag an fhathach dhearg a bhí ag dul ó neart go neart.
Nuair a tháinig An Lá Dearg féin bhí an obair mhór déanta. Bhí an meitheal oibre ag dul ó 6am an mhaidin sin ar WhatsApp, foireann amháin ag dul chun sléibhe, agus na foirne éagsúla eile ag cruinniú le chéile ar Bhóthar na bhFál chun an plean mór a chur i bhfeidhm, chun na maoir a shocrú, cúrsaí cumarsáide a cheangail le chéile agus chun fáilte a chur roimh na sluaite a bhí ag landáil.
Agus leis sin chruinnigh breis agus 17,000 in iarthar Bhéal Feirste, a shiúil go Halla na Cathrach agus a rinne ceiliúradh ar ghluaiseacht ón bhun aníos a bhí chomh cumhachtach céanna le haon rud a tháinig roimhe le fada, fada an lá.
D’ainneoin na manaí agus na cantaireachta uilig, ócáid ab ea í seo a bhí bunaithe ar an ghrá agus ar an dóchas. Cad é a bhí sa Lá Dearg ar deireadh, mar sin, ach cóisir, cóisir reabhlóideach agus radacadh.
Don té a cheap gur tús agus deireadh an aistir dheirg é gach a thit amach an Satharn sin, tá dul amú orthu. Seo scéal pobail, scéal gluaiseachta a théann i bhfad siar agus rachaidh ar aghaidh i bhfad inár ndiaidh.
Níor scríobhadh le cupla mí anuas ach an chéad chaibidil eile san aistear fada sin, aistear athbheochana teanga agus aistear pobail a bhfuil bóthar mór le siúl acu fós.
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.