An litir dhearg
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.
Is é Eoghan an tOifigeach Feachtasaíochta sa Chumann Gaelach in Ollscoil na Banríona.
Beidh deiseanna ag Gaeilgeoirí na hollscoile sa bhliain úr ceiliúradh a dhéanamh agus iad ag amharc siar ar 2019. Tháinig toradh dearfach amach as an reifreann stairiúil chun Oifigeach Gaeilge a bhunú mar ról ar Aontas na Mac Léinn. Ansin sna toghcháin, fuair an t-aon iarrthóir a bhí in iomaíocht don ról an méid is mó vótaí riamh ar son oifigeach páirtaimseartha i stair na hollscoile. Agus bhí an bua is suntasaí acu i lár an phróisis comhairliúcháin, nuair a thug suas le 1,000 mac léinn tacaíocht dár n-aighneacht ag éileamh comharthaíocht dhátheangach. Ar bharr an éilimh shoiléir seo do chearta teanga tá cur in éadan udaráis na hollscoile, atá ag cur moill ar an fheachtas ar son comharthaí dátheangacha. Ní ghlacfaidh an Cumann Gaelach le teaicticí glice na n-údarás a thuilleadh. Agus an Seanad ag labhairt ar cheist na Gaeilge i mí an Mhárta, beidh an Cumann Gaelach ag labhairt ar an ghníomh dhíreach agus ar sheilbh a ghlacadh ar fhoirgnimh na hollscoile.
Is é Feargal Stiúrthóir Ghlór na Móna, grúpa pobail in Uachtar Chluanaí.
Bhí bliain mhór mhaith ag earnáil óige na Gaeilge sa chathair agus fud fad na 6 contae. Tá an earnáil i mbéal forbartha ach tá sí ag fás i rith an ama. D’éirigh linn maoiniú bréise a tharraingt isteach d’Fhóram na nÓg agus oibrithe óige a fhostú san Ómaigh, i mBaile an Chaistil agus i gCaisleán Uidhilín. Lena chois sin, fuair Glór na Móna maoiniú breise fosta do thogra úr a dhíríonn ar sheirbhísí sainiúla óige a chur ar fáil do pháistí le riachtanais bhreise oideachasúla – tá sé ag dul go hiontach. Tá dúshláin mhóra romhainn in 2020 agus an Scéim Nua Mhaoinithe ag an Údarás Óideachais le seoladh go hoifigiúil sa bhliain úr. Tá súil againn leanúint le comhrá iontach dearfach fá thodhchaí na hoibre óige Gaelaí. Tá géarghá ann go bhfreastalóidh an Scéim Mhaoinithe ar mhianta phobal na Gaeilge agus ba bhreá linn go mbeadh an tÚdarás Oideachais toilteanach a bheith ag obair in éineacht linn ar bhonn cruthaitheach i dtreo lárshruthú fadtéarmach do sheirbhísí óige trí Ghaeilge a chinnteoidh go mbeidh acmhainní straitéiseacha, fadtéarmacha ann don earnáil. Cinnteoidh sé seo go mbeidh stádas buan ag an obair óige trí Ghaeilge a chomhlíonann dualgas reachtúil na Roinne Oideachais, mar is dlite i gComhaontú Aoine an Chéasta 1998. Déanfar seo fríd Mholadh 18 san athbhreithniú ar an Ghaeloideachas a rinneadh in 2009. Rinneadh coimitmintí sainiúla ann don obair óige trí Ghaeilge.
Grúpa feachtasaíochta pobail ar son cearta teanga.
Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, urlabhraí:
"Trí bliana ó shin, agus muid ag druidim leis an Nollaig, thit an Tionól ó thuaidh de dheasca mhí-úsáid airgead poiblí. Nocht na fadhbanna seo na mórdheacrachtaí struchtúrtha ar Chnoc an Anfa, go háirithe maidir le diúltú cearta daonna a gealladh i gcomhaontuithe roimhe seo.
Agus tús á chur le babhta eile cainteanna roimh an Nollaig, bhí achan pháirtí go raibh athruithe de dhíth más mian linn dul chun tosaigh agus nach féidir linn dul siar chuig an socrú a bhí againn roimh 2017. Mura dtagann athrú ó bhonn, ní féidir a bheith ag súil le Tionól buan, nó tiocfaidh na fadhbanna céanna chun tosaigh arís agus arís eile.
Agus muid ag tarraingt ar thús bliana nua, tá sé thar am an Ghaeilge a aithint sa dlí mar theanga oifigiúil anseo. Ní féidir linn ár dteanga, ár scoileanna nó ár bpobal a fhágáil faoi mhíchúram aon pholaiteoirí aontachtacha dú-naimhdeacha gan aon chosaint sa dlí. Ní mór na cosaintí sin a chinntiú le reachtaíocht. Agus ní mór go mbeadh an reachtaíocht sin bunaithe ar an mhéid a gealladh roimhe seo – Acht Gaeilge neamhspleách a chinntíonn agus a éascaíonn cearta teanga do chách."
Stay up to date! Receive a newsletter from us to keep up with the campaigns.