Nuacht

Acht ar na bacáin? Straitéis ar strae? Feidhmeannas gan feidhm?

Na ceisteanna móra chearta teanga á bplé ag Pádraig Ó Tiarnaigh agus tús á chur le téarma nua polaitíochta.
Acht ar na bacáin? Straitéis ar strae? Feidhmeannas gan feidhm?

Tá an samhradh thart agus tá tús á chur le téarma úr polaitíochta ar fud na n-oileán seo. Is iomaí duine a casadh orm le cupla mí anuas a bhí do mo cheistiú maidir leis an reachtaíocht úr agus an bóthar atá amach romhainn. Ní raibh freagra simplí soiléir agam ar na ceisteanna sin, ar nós na polaitíochta anseo trí chéile, is dócha. Leis an tús úr an Fómhar seo tiocfaidh dúshláin agus deiseanna maidir leis an fheachtas i dtaobh na Gaeilge. Is mithid dúinn, mar sin féin, súil a chaitheamh chun tosaigh ar a bhfuil i ndán don teanga anseo ó thuaidh sna míonna atá le teacht.

Cá bhfuil an ‘tAcht nua Gaeilge’ faoi láthair?

Cuireadh tús le haistear an bhille úir, An Bille Féiniúlachta agus Teanga, i mí na Bealtaine. An Satharn roimh an chéad léamh den Bhille i dTeach na dTiarnaí in Westminster thóg beagnach 20,000 Gael seilbh ar shráideanna Bhéal Feirste ag an Lá Dearg, ceann de na hagóidí Gaeilge ba mhó riamh i ngluaiseacht na teanga. Lá stairiúil ab ea An Lá Dearg, a bhrúigh an cheist fríd geataí Westminster ar deireadh, níos mó ná 2 bhliain ó gealladh an reachtaíocht sa chomhaontú pholaitiúil Ré Nua Cur Chuige Nua in Eanáir 2020.

Leis an chéad léamh sin d’imigh an bille leis fríd próisis Theach na dTiarnaí le linn mhíonna an Mheithimh agus Iúil. Chuaigh sé fríd céim an choiste, áit a ndearnadh plé níos doimhne ar an reachtaíocht féin, líne ar líne, agus áit ar moladh leasuithe. Ó thaobh na Gaeilge de, níor glacadh le haon cheann de na leasuithe a moladh, agus bhí go leor acu ann.

Chuir Airí Rialtas na Breataine in iúl ag tús an phróisis nach mbeadh aon siolla den bhille ag athrú, agus go raibh sé de rún acu an bille a thabhairt fríd díreach mar a aontaíodh é ag Cnoc an Anfa 2 bhliain roimhe sin. Tháinig an bille fríd céimeanna éagsúla Theach na dTiarnaí i lár mhí Iúil, díreach sular chríochnaigh Pairlimint Westminster don samhradh.

Is é an deacracht is mó a thóg lucht na Gaeilge le linn an phróisis seo ná ról An Chéad Aire agus an Leas-Chéad Aire i bhfeidhmiú na reachtaíochta féin trí chéile. Mar achoimre ar an bhille, nuair a bheas Coimisinéir Gaeilge le ceapadh, beidh beannach an Chéad Aire agus an Leas-Chéad Aire beirt de dhíth. Nuair a bheas caighdeáin teanga á n-ullmhú ag an Choimisinéir do na húdaráis phoiblí, beidh na caighdeáin sin le ceadú ag an Chéad Aire agus an Leas-Chéad Aire. Is sna clásail cheadaithe seo a luíonn príomh-laige an Bhille úir.

In áit na ceisteanna seo a bhaint amach ó lamha agus ón toil pholaitiúil trí chearta a dhaingniú go soiléir sa dlí, cuireann an reachtaíocht seo creatlach ar fáil chun gur féidir cearta a aontú, creatlach nach mbeidh aon fheidhm leis gan chead leanúnach ó Oifig an Chéad / Leas Chéad Aire ag achan chéim. Chun sin a rá ar bhealach eile, beidh rogha an diúltaithe ag an DUP ag achan chéim d’fheidhmiú na reachtaíochta, agus mar a insíonn an stair dúinn, níor cheart go mbeadh muid riamh ag bráth ar toil ón DUP chun cearta teanga a aithint agus a aontú.

Chuige sin, agus muid gan Fheidhmeannas i láthair na huaire, agus mar sin, gan Oifig an Chéad agus an Leas-Chéad Aire, cuireadh forálacha breise sa reachtaíocht chun cumhacht a thabhairt do Rúnaí Stáit na Breataine na cinntí cinniúnacha sin a dhéanamh sa chás nach mbíonn Feidhmneannas ann, nó sa chás nach féidir leis an Chéad / Leas-Chéad Aire cinneadh a aontú.

Smaoinigh air mar backstop de chineál éigin, gur féidir rudaí a bogadh ar aghaidh má dhéantar iarracht an reachtaíocht a dhí-chumhachtú le moill nó le heaspa tola. Sin uilig ráite, ná cuirimis mórán nó aon mhuinín áfach i Rúnaí Stáit na Breataine cinntí forásacha a thógáil maidir leis an Ghaeilge, áfach.

Anois, mar sin, is gá don Bhille á bhealach a dhéanamh fríd an dara teach, Teach na dTeachtaí. Bhí an bille le teacht os comhair na mball tofa sa Teach sin don chéaduair Dé Luain ansin, ach mar gheall go bhfuil an Phairlimint druidte don tsochraid ríoga, cuireadh sin ar athló. Ní fios fós anois cén uair a a gcuirfear an bille ar ais ar an chlár ama, agus le briseadh Pairliminte do chomhdhálacha na bpáirtithe i gceann deich lá, tá seans nach bhfeicfidh muid an bille ar ais i Westminster go lá Dheireadh Fómhair, ar a luaithe.

Ansin is gá dul fríd céimeanna uile Theach na dTeachtaí, agus má aontaítear ar leagan deireadh ansin, téann sé ar aghaidh le dul faoi Lámh an Rí. Ní mórán seans anois go bhfeicfidh muid sin uilig an taobh seo den Nollaig, ach ba cheart go mbeadh an t-iomlán achtaithe go luath sa bhliain úr. Ag an phointe sin beidh an chéad scrúdú le déanamh ar fheidhmiú an Bhille trí Choimisinéir Gaeilge a cheapadh. Mura mbíonn Feidhmeannas ann, beidh cumhachtaí úra an Rúnaí Stáir faoi bhrú láithreach.

Cad é atá ag dul ar aghaidh leis an Straitéis don Ghaeilge?

Idir an dá linn tá an Straitéis Ghaeilge a gealladh in 2006 fós le socrú, le scríobh agus le haontú. Ach ta dul chun cinn a dhéanamh. Gealladh an Straitéis arís sa chomhaontú polaitiúil Ré Nua Cur Chuige Nua in Eanáir 2020. Tá tuairisc maidir leis an straitéis foilsithe ag Painéal Saineolach le déanaí. Tá Grúpa Comhdhearta curtha ar bun ag an Aire Pobal chun moltaí an Phainéil Shaineolaigh a mheas agus a fhorbairt. Ach sin uilig ráite, rinneadh 26 iarracht an Straitéis a chur ar chlár oibre an Fheidhmeannas idir 2020 agus 2021, rud a chuir go mór leis an mhoill fhada leis an obair seo trí chéile.

Ar an ábhar sin thóg Conradh na Gaeilge Athebhreithniú Breithiúnach i Meitheamh 2021 i gcoinne Choiste an Fheidhmeannais. Ar an Aoine, 26 Lúnasa, dhearbhaigh an Breitheamh Scoffield gur “sháraigh” an Feidhmeannas an dlí (alt 28d d’Acht TÉ) nuair a theip orthu Straitéis den Ghaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh. Dar leis an Bhreitheamh, bhí easpa gnímh an Fheidhmeannais “mídhleathach” agus dhearbhaigh sé go mbeadh sé ag súil leis go dtabharfadh an chéad Fheidhmeannas eile Straitéis isteach don Ghaeilge “gan mhoill”. Leanann an cinenadh dearbhú Ard-Chúirte a thug an Breitheamh Maguire ar an 3 Márta 2017 ar an ábhar céanna. Ba cheart go mbeadh dréacht-Staitéis ullmhuithe go luath sa bhliain úr agus má bhíonn Feidhmeannas ann, beidh pobal na Gaeilge, mar aon le dhá Bhreitheamh Ard-Chúirte, ag súil go nglacfar leis an Straitéis láithreach.

An mbeidh Feidhmeannas ann, áfach, agus má bhíonn, an féidir linn a bheith ag súil le cinneadh gasta ar an cheist seo? Tá go leor ar na bacáin, ach níl aon rud cinntithe. Ná cuirtear na t-léinte dearga ar ais sa chofrá fós.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|