Nuacht

Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine

Bhí an dearg agus an fhearg againn. Ina dhiaidh sin, bhí gá leis an ‘DREAM’. Daoine agus an pobal a mhealladh isteach. Mo chomhairle, éascaigh spásanna. Ní bheidh an t-am céanna ag gach duine. Ach tá ionchur achan duine tábhachtach, tá ról gach duine, beag nó mór, luachmhar.
Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine

Mar atá i go leor gluaiseachtaí pobal, is feachtas frith-ghníomhach a bhí sa dream dearg ón chéad lá. Grúpa mór daoine a tháinig le chéile tráth a raibh an pobal agus an teanga faoi bhrú, faoi ionsaí, ar an imeall, fágtha ar lár agus á maslú go minic. Mothaím na mothúcháin chéanna le ceist na tithíochta agus pobal na Gaeltachta

Agus muid ag leanúint an fheachtais TINTEÁN agus an cheist seo le déanaí ach go háirithe, tá macalla An Dream Dearg le sonrú san obair atá déanta chun TINTEÁN a thabhairt ar an saol agus sa dúshlán ollmhór atá roimh TINTEÁN ag dul chun tosaigh.

Agus i measc na mór-cheisteanna atá le réiteach sula mbíonn réiteach le brú ar aon cheist mhór; an féidir leis an phobal sin teacht le chéile faoi aon díon, faoi aon bhranda agus an mórphobal a thabhairt libh - chun brú ollmhór comónta a dhíriú ar an Stát?

Tháinig an Dream Dearg le chéile chun cothrom na féinne a lorg do phobal na Gaeilge ó thuaidh; sa mhullach ar shraith lofa d’ionsaithe suaracha ón aontachtachas polaitiuil, agus neamhaird iomlán ó aos polaitiúil ar chearta teanga a bhí geallta ó Chomhaontú Aoine an Chéasta ar aghaidh.

Is mothúchán láidir í an fhearg. Fearg orainn gur fágadh ar lár muid. Fearg orainn go ndearnadh neamhaird orainn. Fearg orainn mar gheall ar na maslaí agus ar na hionsaithe.

Fearg orainn mar gheall ar na coimitmintí a rinneadh agus nár comhlíonadh; mar gheall ar na comhaontuithe a síníodh nár cuireadh i bhfeidhm riamh. Agus dhírigh muid an fuinneamh a chothaigh an fhearg sin i dtreo an stáit: ar achan uile pholaiteoir chuir muid an cheist - an seasfaidh tú linn? Dóibh siúd a shéan, nó a dhiúltaigh, loinnrigh muid spotsholas orthu fríd na meáin shóisialta, agóidí & mórshiúlta. Bhrúigh muid iad go dtí an phointe go raibh an cheist seo ar gach uile clar polaitiúil ar na hoileáin seo.

D’fhoghlaim muid neart de réir mar a tháinig fás agus forbairt ar an fheachtas ar son Acht Gaeilge. Agus is ceist a bhí againn a bhí ciotach, casta; reachtaíocht teanga sna 6 chontae; comhionannas teanga i sochaí iar-chogaidh.

Thug muid aghaidh ar Stát a bunaíodh chun sciar ceannais den phobal a chur i reim & chun sciar eile a chur faoi cheilt. Thug muid dúshlán an Stáit Oráistigh, dúshlán ollpheist an aontachtachais pholaitiúil. Ansin thug muid aghaidh ar Rialtas na Breataine.

Agus cé go raibh laethanta iontacha againn, buanna suntasacha & mórshiúlta stairiúla, bhí go leor laethanta agus tréimhsí deacra, dúshlánacha againn. Rinne muid líne dhearg de cheist na teanga d’aon turas. Sin an straitéis a roghnaigh muid. Bhrúigh muid an cheist chomh láidir sin go raibh muid gan Rialtas ar feadh trí bliana, agus dúirt muid go hard nár chóir go mbeadh aon rialtas eileo thuaidh go mbeadh an cheist socruithe.

Is seasamh é sin a tharraing go leor teannais, easaontais, diospóireachta fiú i measc an mhórphobail - ó chairde & daoine muinteartha. Bhi go leor agallamh & ceisteanna crua le linn na tréimhse sin a bhí le déanamh. Ach sheas muid an fód, diongbháilte inar mbunchreideamh go raibh athrú córasach sa Stát de dhíth chun re nua comhionannais a aontú.

Sa seomra, bhí neart léamh éagsúil ag neart daoine éagsúla maidir le coincheap Acht Gaeilge; cad iad na mionrudaí ar fad gur cheart bheith san áireamh ann. Neart díospóireachtaí agus plé.

Ach deireadh, dhírigh muid ar na codanna den díospóireacht sin a raibh muid ar aon ghuth faoi.

  1. Gur cheart go mbeadh Acht Gaeilge againn;
  2. Gur cheart go mbeadh comhionannas ann do phobal na Gaeilge;
  3. Gur cheart go mbeadh muid ag dul chun sráide chun sin a bhaint amach.

Cearta, Cothromas agus Cóir: éileamh simplí ach na firicí agus na hargóintí déanta go reasúnta ach go láidir, bunaithe i rith ama i gcoincheapa an dea-chleachtais idirnáisiúnta agus i dtuiscint pholaitiúil gur cearta iad seo a gealladh dúinn mar chuid den phróiseas síochána in 1998.

Bhí an dearg agus an fhearg againn. Ina dhiaidh sin, bhí gá leis an ‘DREAM’. Daoine agus an pobal a mhealladh isteach. Mo chomhairle, éascaigh spásanna. Ní bheidh an t-am céanna ag gach duine. Ach tá ionchur achan duine tábhachtach, tá ról gach duine, beag nó mór, luachmhar.

Cuirimís spásanna fisiciúla ar fáil do chruinnithe go rialta. Ach dóibh siúd nach féidir freastail ar na cruinnithe sin, cruthaigh bealach chun gur féidir leo bheith rannpháirteach; grúpaí pobail ar WhatsApp; leathanaigh ar na meáin shóisialta; laethanta gnímh; imeachtaí le scoileanna. Agus d’fhoghlaim muid go gasta go raibh scil agus cumas éigin ag gach Deargóir a chuirfeadh le gníomhaíochtaí an fheachtais. Bíonn neart san éagsúlacht.

Cothaímis úinéireacht, bród agus gréasán gníomhach de ghníomhaithe thart faoin fheachtas, le gairm chatha:

Is muid an Dream Dearg, is sibh an Dream Dearg. Is tú an Dream Dearg. Is cuid den Dream Dearg gach duine a chreideann i gcearta, cothromas agus cóir.

Agus leis sin uilig, Is gá Comhghuaillíochtaí a thógáil. Agus de réir mar a thaispeanann muid comhghuailíochtaí le pobail eile, le mionlaigh eile, le feachtais eile, tiocfaidh meadú ar an chomhghuaillíocht leathan phoiblí don chúis. An Trasnachas: Seas le pobail eile agus seasfaidh siad libh.

Ar deireadh, cad é an sprioc a bhí againn? Acht Gaeilge, cinnte. Ach theastaigh uainn pobal gníomhach a chothú. Chuige sin, bhí an t-aistear feachtasaíochta i dtreo na reachtaíochta teanga comh tábhachtach leis an cheann scríbe.

Anois tuigeann muid mar phobal, gur féidir linn an domhan ina maireann muid a athrú; gur féidir linn an t-aos ceannais a bhrú chuig spás go bhfuil siadsan ar lorg ár mbeannacht polasaithe a thabhairt isteach, ní a mhalairt. Tarlaíonn sin nuair atá muid, mar phobal teanga, eagraithe, le fís chomónta, ag gníomh le haon ghuth amháin.

Níl an tAcht Gaeilge a fuair muid foirfe, ná baol air. Tá neart neart lochtanna ann. Ghlac muid leis mar chlochmhíle in aistear fada atá ag dul ar aghaidh le 50 bliain ó thuaidh agus a leanfaidh ar aghaidh amach anseo. Nil in aon rud ach seal. Nil in aon socru polaitiuil ach an chead chaibidil eile san aistear mór céanna.

Ach anois agus muid ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin agus ar na hionsaithe atá romhainn, bímíd muiníneach go bhfuil cultúr gnímh, infrastruchtúr feachtais agus eagraithe pobail againn a sheasfaidh an fód le cumas, le muinín agus le bród agus a thabharfaidh dúshlán aon duine a dhéanann iarracht an Ghaeilge nó an pobal a bhrú siar riamh arís. Is muid an glór ard, dána, láidir, fórásach agus go minic, an glór ciotach, sa seomra, atá de dhíth chun an cheist a ardú & a réiteach.

Is pobal na Gaeltachta a chuir tus leis an fheachtas dearg le fearg riamh anall. Is iad a spreag An Dream Dearg ón chéad lá. Sheas sibh an fód le pobal na 6 chontae i gcónaí, rud a smaoiním air go minic & mé ag machnamh ar ár mbuanchara Rónán Mac Aodha Bhuí. Go n-éirí go geal le TINTEÁN. Tá éileamh iontach bunúsach: cearta tithíochta, cearta teanga. Tá an dúshraith curtha, tá na bunchlocha láidir. Tá branda & feachtas iontach á sheoladh agaibh.

Agus bígí cinnte de go siúlfaidh an Dream Dearg libh achan uile coischéim den aistear atá romhaibh.

An litir dhearg

Bí ar an eolas! Faigh ár nuachtlitir le bheith suas chun dáta leis na feachtais ar fad.

|