#Oideachas

Oideachas: campaigners Oideachas: campaigners Oideachas: campaigners

Chuir Comhaontú Aoine an Chéasta 1998 dualgas reachtúil ar an Roinn Oideachais chun oideachas trí mheán na Gaeilge a ghríosú agus a éascú. D’ainneoin seo, tá teip leanúnach déanta ag an Roinn chun tacaíocht agus áiseanna sásúla a chur ar fáil do Ghaelscoileanna.

Tá taithí pearsanta ag an mhórchuid de pháistí a théann fríd córas an Ghaeloideachais leis an tionchar a imríonn séanadh agus imeallú na teanga ag leibhéal an stáit. Mar sin, níl rannpháirtíocht na ndaoine óga inár bhfeachtas mar ábhar iontais dúinn; tá a saol scoile ar fad caite acu ag troid ar son áiseanna agus cearta bunúsacha a sholathraítear dá gcomhpháirtithe sna scoileanna Béarla.

2010:

Dhiúltaigh an iar-Aire Oideachais, Caitríona Ruane, tacaíocht a thabhairt do scéim phíolatach taistil a chuirfeadh maoiniú ar fáil le haghaidh bhus do 11 dalta a bhí ag taisteal ó Dhún Phádraig go Coláiste Feirste, an t-aon mheánscoil Ghaeilge ag an am.

Tar éis an chinnidh seo, rinne Bord Gobharnóirí Choláiste Feirste iarratas le haghaidh athbhreithnithe breithiúnach. Chinn an breitheamh gur theip ar an Roinn Oideachais a ndualgas maidir le forbairt an Ghaeloideachais a chur san áireamh.

2013:

D’ainneoin an méadú bliaintiúil i nglacadh na naíscoileanna agus bunscoileanna Gaeilge fud fad an tuaiscirt, chuir an Roinn Oideachais moill ar bhunú an dára-mheánscoil Ghaeilge. Sular bunaíodh Gaelcholáiste Dhoire i mí Mheán Fómhair na bliana 2015, bhí tréimhse feachtasaíochta ag dul ar aghaidh ag leibhéal an phobail ar siúl.

Tá an Gaeloideachas ar an earnaíl oideachais is mó fás; i láthair na huaire, tá os cionn 7,000 dalta ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge. In ainneoin seo, níl ach dhá scoil iar-bhunscoile ag cur tumoideachais trí Ghaeilge ar fáil; ní leor é seo chun freastal ar an éileamh.

2014:

Cuireadh tús le feachtas bus Choláiste Feirste (#BusAnois) ag Tuistí an Tuaiscirt i ndiaidh don Roinn Oideachais diúltú seirbhís bus ar leith a chur ar fáil do dhaltaí ó Thuaisceart Bhéal Feirste go Coláiste Feirste. Faoi dheireadh, agus tar éis tréimhse suntasach feachtasaíochta, cuireadh an t-airgead ar fáil.

2016:

Bhain an Roinn Oideachais maoiniú ríthábhachtach le haghaidh dhá aonad cothaithe i mBunscoil Bheann Mhadagáin i dTuaisceart Bhéal Feirste agus Scoil an Droichid in Oirthear Bhéal Feirste. Ag an am, bhí 30 scoil ag fáil maoinithe, agus ina measc, ní raibh oiread is Gaelscoil amháin.

2021:

In ainneoin fás agus rath na Gaelscolaíochta, tá scoileanna ann atá fós ag streachailt mar gheall ar easpa maoinithe ón Roinn Oideachais. I 2021, tá 60% de Ghaelscoileanna go fóill suite i lóistíní easnamhacha, míshásúla, le háiseanna bunúsacha ar iarraidh, agus i gcásanna áirithe, ag titim as a chéile.

De bharr aineolais na Roinne i leith mholtaí forbartha, ciallaíonn sé go bhfuil roinnt scoileanna ag streachailt teacht i dtír.

2022

Áiseanna TGMO Mata

I mí Eanáir 2022, chuir an Roinn Oideachais meánscoileanna an tuaiscirt ar an eolas faoi áiseanna tacaíochta don mhata, a bhí á ndéanamh ag CorbettMaths, chun tacú le daltaí meanscolaíochta san ullmhúchán dá scrúdú TGMO matamaitice. Bhí na pacáistí thar a bheith cuimsitheach, le 93 cárta staidéir a chlúdaigh topaicí tábhachtacha,  foirmlí agus firicí, mar aon le cóid QR a rinne nasc le ceachtanna ar líne, bileoga oibre agus ceisteanna cleachtaidh agus freagraí.

Níor cuireadh aon chárta ar fáil i nGaeilge. Nuair a rinneadh teagmháil leis an Roinn Oideachais chun imní na hearnála a chur in iúl maidir leis an easpa tacaíochta breise, ní bhfuarthas aon fhreagra.

Ríomhleabhair thacaíochta TGMO

I mí na Feabhra 2022, chuaigh an Roinn Oideachais i dteagmháil le meánscoileanna fud fad an tuaiscirt maidir le ríomhleabhair tacaíochta CCEA a bhí á gcur ar fáil chun tacú le daltaí bhliain 12 agus iad ag ullmhú dá scrúduithe TGMO.

Cuireadh na ríomhleabhair ar fáil in 10 n-ábhar trí mheán an Bhéarla. Níor cuireadh aon cheann den 10 ríomhleabhar ar fáil i nGaeilge agus nuair a rinneadh iarratas lena n-aghaidh, dúirt CCEA go mbeadh sé dodhéanta é seo a dhéanamh roimh dheireadh na bliana acadúla (srian ama, ceisteanna cóipchirt agus rochtain ar fhoireann aistriúcháin).

Mhol an Roinn Oideachais go rachadh na meánscoileanna Gaeilge sa tóir ar áiseanna den chinéal céanna a bhí ar fáil don earnáil cheana féin, le go dtiocfadh leo iad a chur ar fáil go tapa. Ní hann do na háiseanna sin.

Níl rochtain ag daltaí an Ghaeloideachais ar na háiseanna nó ar an tacaíocht c(h)éanna is atá ag a bpiarghrúpa in earnáil an Bhéarla, d’ainneoin go bhfuil siad ar chomh-leibhéal nuair a dhéantar marcáil ar na scrúduithe.

Tá dualgas reachtúil ar an Roinn Oideachais chun an Ghaeloideachas a ghríosú agus a éascú. Tá an Roinn ag déanamh fáillí ar a ndualgas. Níl sé maith go leor.

Géarchéim lóistíne Choláiste Feirste

D’ainneoin go bhfuil earnáil na Gaelscolaíochta go mór faoi bhláth sa lá atá inniu ann, níl an Roinn Oideachais ag freastal ar éileamh an fháis; tógadh foirgneamh úr Choláiste Feirste sa bhliain 2018 le freastal ar an 600 dalta a bhí ag freastal ar an scoil ag an am. Ó shin, tá méadú suntasach tagtha ar líon na ndaltaí, le breis agus 900 dalta anois ag freastal ar an scoil, agus fás tuartha de bhreis agus 1,000 dalta i gceann 3 bliana.

Tá ró-éileamh de 300 dalta anois ar an scoil; tá leabharlanna, hallaí spóirt agus seomraí caidrimh anois in úsáid mar sheomraí ranga. Tá an scoil fosta ag amharc i dtreo na háiseanna spóirt agus an seomra foirne a úsáid mar sheomraí ranga féideartha; cuireadh freagracht ar an scoil féin an ghéarchéim a réiteach, d’ainneoin go bhfuil dualgas reachtúil ar an Roinn Oideachas an Ghaelscolaíocht a ghríosú agus a éascú.

Is minic a fhágtar Gaelscoileanna ar lár sa phróiseas pleanála agus go gcaithfear leo mar athsmaoineamh bearránach agus is léiriú é an sampla seo air sin. Dá nglacfadh an Roinn Oideachais céimeanna réamhghníomhacha chun pleanáil straitéiseach a dhéanamh don fhás seo, ní bheadh an scoil i lár na géarchéime seo.

|