#Comharthaíocht

Comharthaíocht: campaigners Comharthaíocht: campaigners Comharthaíocht: campaigners

Tá sé léirithe go leanúnach sa taighde idirnáisiúnta go gcuireann feiceálacht mhionteangacha go mór le normlálú na dteangacha sin, rud a mhéadaíonn caoinfhulaingt agus tuiscint ar na teangacha dá bharr.

Is gné tábhachtach í an Ghaeilge d’ár n-oidhreacht roinnte anseo, agus ba cheart, mar sin, go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil ar chomharthaíocht, go háirithe i spásanna roinnte; tugann sé deis do dhaoine dul i dtaithí ar an teanga i dtimpeallacht neodrach. Is mar thoradh air seo a bhfuil neart ágóidí déanta againn thar na mblianta ar son na comharthaíochta dátheangaí.

Páirceanna

Chuir Comhairle Cathrach Bhéal Feirste comharthaí eolais in airde bpáirceanna poiblí dá cuid; tá dhá pháirc (Páirc na bhFál agus Páirc ____) suite i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta. Déanann úsáid na gcomharthaí Béarla-amháin i bpáirceanna na comhairle sa Cheathrú Ghaeltachta, agus leoga, fud fad Bhéal Feirste, sárú ar dhualgais na comhairle faoin Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaithe, agus bhí sé ag teacht salach ar pholasaí teangacha na comhairle féin, a bhfuil sé mar aidhm aige: “feiceálacht na Gaeilge a mhéadú i mBéal Feirste, de réir mar is cuí, trí sheirbhísí, áiseanna agus imeachtaí na comhairle.”

Rinne an cur chuige Béarla amháin ar na comharthaí imeallú iomlán ar na ílte Gaeilgeoirí a bhaineann úsáid as na seirbhísí seo ar bhonn laethúil. Sheas An Dream Dearg leis an phobal, a thug dúshlán don chinneadh seo agus a d’éiligh comharthaí dátheangacha láithreach ar na suíomhanna. D’aontaigh an chomhairle grúpa oibre a chur le chéile de bhaill tofa chun machnamh a dhéanamh ar ghnímh, polasaithe agus próisis na comhairle maidir lena bpolasaí teangacha. Go dtí seo, níor cuireadh aon chomhartha dátheangach in airde sna páirceanna, agus níor cuireadh aon ghrúpa oibre ar bonn laistigh den chomhairle.

Comharthaíocht dhátheangach in Ollscoil na Ríona

Ghlac Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Ríona cinneadh meargánta sa bhliain 1997 chun comharthaí dátheangacha (Gaeilge/Béarla) a bhaint; ba chatlaíoch é seo don fheachtas is déanaí ar son na comharthaíochta dátheangaí san ollscoil. Ag an am, thug an Coimisiún um Fhostaíocht Chothrom le fios ‘nár réitigh na comharthaí dátheangacha le timpeallacht neodrach oibre’ agus gur chruthaigh siad naimhdeas i measc Aontachtaithe na hollscoile.

Sa bhliain 2017, 20 bliain ar aghaidh ón chinneadh a ghlac Aontas na Mac Léinn, chuir An Cumann Gaelach tús lena bhfeachtas féin. Ag tús na bliana acadúla 2017/18, d’eagraigh coiste an chumainn ágóid lasmuigh de gheataí na hollscoile, agus scríobh siad chuig an leas-seansailéir, ar lorg cruinnithe maidir le cur chun cinn na Gaeilge san ollscoil.

Ní chuirfí comharthaíocht ‘chorraitheach, ionsaitheach nó bagrach’ in airde.

An t-am seo, áfach, ní raibh siad ag éileamh chomharthaí dátheangacha in Aontas na Mac Léinn amháin, ach fud fad champas na hollscoile. Thug an leas-seansailéir freagra orthu, ag tagairt do pholasaí comhionannais agus ilchinéalachta na hollscoile, ag maíomh nach gcuirfí comharthaíocht ‘chorraitheach, ionsaitheach nó bagrach’ in airde. B’ionann seo agus an fhoclaíocht chéanna a úsáidíodh sa bhliain 1997.

Thug an Cumann Gaelach dúshlán don chinneadh seo le hágóid a raibh freastal maith uirthi i mí Feabhra 2018. Laistigh de chúpla lá, ghabh an leas-seansailéir a leithscéal, agus cuireadh grúpa oibre ar bun chun machnamh a dhéanamh ar pholasaí Comhionannais agus Éagsúlachta na hollscoile, le tagairt ar leith don Ghaeilge.

Chomh maith leis seo, sheas ball coiste an Chumainn Ghaelaigh mar leas-uachtarán Comhionannais agus Éagsúlachta i dtoghcháin an Aontais. D’ainneoin nár toghadh é, thug gach buaiteoir coimitmint go dtabharfadh siad tacaíocht don Ghaeilge san ollscoil, go háirithe trí obair an Chumainn Ghaelaigh.

Léirigh torthaí an reifrinn go raibh 76% de mhic léinn ag aontú gur ceart oifigeach Gaeilge a fhostú go páirtaimseartha.

Le cuidiú ó Aontas na Mac Léinn, glacadh le rún chun oifigeach Gaeilge páirtaimseartha a fhostú san Aontas in Ollscoil na Ríona don chéad uair riamh i stair na hollscoile. Tar éis an bhua seo, léirigh torthaí an reifrinn go raibh 76% de mhic léinn ag aontú gur ceart oifigeach Gaeilge a fhostú go páirtaimseartha. I 2018/19, toghadh Aodhán Ó Baoill mar an chéad oifigeach Gaeilge i stair na hollscoile. Ba thoradh é seo den obair ar fad a bhí déanta ag an Chumann Gaelach.

Ag deireadh na bliana acadúla 2018/19, foilsíodh an dréacht pholasaí Comhionnanais, Éagsúlachta, agus Ionchuimsitheacha ón ghrúpa oibre. Sa pholasaí úr, ní raibh ach athrú beag ar an fhoclaíocht, gan tagairt ar leith don Ghaeilge. I rith na coicíse de thréimhse comhairliúcháin an pholasaí, tréimhse a thit go mór faoin 12 seachtain atá molta i scéim comhionannais na hollscoile féin, thug An Cumann Gaelach dúshlán arís d’eisiamh na hollscoile i leith Ghaeilgeoirí agus chuir siad aighneacht isteach, ag cur orthu an Ghaeilge agus comharthaí dátheangacha a chuimsiú sa pholasaí.

Léirigh an feachtas ionsparáideach, claochlaitheach seo a bhí faoi stiúir na mac léinn nach raibh Gaeilgeoirí sásta dá gcaithfí leo mar shaoránaigh den dára ghrád a thuilleadh.

Fuair an freagra seo 1,000 síniú, ó mhic léinn go dámh na hollscoile féin. Cuireadh síniú leis an chomhairliúchán, leis na torthaí geallta faoi dheireadh na bliana. D’ainneoin na n-iarrachtaí, foilsíodh an polasaí go díreach mar a bhí sa dréacht.

Léirigh an feachtas ionsparáideach, claochlaitheach seo a bhí faoi stiúir na mac léinn nach raibh Gaeilgeoirí sásta dá gcaithfí leo mar shaoránaigh den dára ghrád a thuilleadh. Chuir siad a n-éilimh ar son chomhionannais chun cinn ar bhealach eagraithe, bhain siad athrú fiúntach agus buan amach in instititiúd a rinne imeallú ar ár bpobal ar feadh i bhfad. Leanfaidh a bhfeachtas ar son na comharthaíochta dátheangaí agus ar son chomhionannais do Ghaeilgeoirí san ollscoil ar aghaidh go dtí go bhfuil cothrom na féinne ag Gaeilgeoirí ar an champas.

Comharthaíocht dhátheangach uile-chathrach in Ionaid Fóillíochta Bhéal Feirste

Ghlac Comhairle Chathair Bhéal Feirste cinneadh go gcuirfeadh siad comharthaí fáilte ilteangacha in airde in ionaid fóillíochta nua-fhorbartha de chuid na Comhairle, gan aon tagairt de chomharthaí dátheangacha inmheánacha i gceann ar bith de na foirgnimh.

Chun é seo a chur i gcomhthéacs, baineann neart páistí Gaelscoile úsáid as seirbhísí na n-ionad, go háirithe le haghaidh cheachtanna snámha, agus níl siad in ann Béarla a léamh. De bharr chinnidh na Comhairle, bhí cuid de na húsaideoirí seirbhíse is coitianta faoi mhíbhuntáiste mar nach raibh siad in ann comharthaíocht thábhachtach threo nó sábhailteachta a léamh.

Thug muid, An Dream Dearg, mar aon le páistí Gaelscoile ó Bhunscoil Phobal Feirste, dúshlán don chinneadh seo, agus rinne muid ágóid taobh amuigh d’Ionad Fóillíochta Bhaile Andarsan, ag cur orthu comharthaíocht dhátheangach a chur in airde ionas gurbh fhéidir le páistí Gaelscoile na comharthaí a léamh. Cuireadh comhairliúchán poiblí ar bun maidir le comharthaíocht dhátheangach in áiseanna na Comhairle sa bhliain 2019. Chuir An Dream Dearg an comhairliúchán chun cinn, ag cur ar dhaoine freagra a thabhairt air.

Níor foilsíodh freagraí an chomhairliúcháin ariamh, ach diomaite sin, chuir an Chomhairle comharthaí dátheangacha in airde i sólanna Bhaile Andarsan agus Brook atá suite in Iarthar Bhéal Feirste, ceantair náisiúnacha den chuid is mó, gan aon tagairt de na hionaid Lios na Searrach, Olympia agus an Teampall Mór.

Tá sé tábhachtach a aithint go dtugann páistí Gaelscoile cuairt ar na hionaid fóillíochta seo chomh maith; is é Gaelscoil na bhFál an bhunscoil is cóngaraí d’ionad fóillíochta Olympia, mar shampla. Is le gach duine an Ghaeilge. Creidimid, mar sin, gur ceart go mbeadh cur chuige aonghnéitheach i bhfeidhm in áiseanna na Comhairle chun cinntiú nach gcuirtear an Ghaeilge chun cinn ar thaobh amháin den phobal agus go ndéantar imeallú uirthi ar an taobh eile.

Comharthaíocht dhátheangach in Aontas na Mac Léin, Ollscoil Uladh

Tar éis thréimhse feachtasaíochta ó ghníomhaithe teanga san ollscoil, i mí na Samhna 2018, glacadh le moladh go mbeadh polasaí dátheangachais i bhfeidhm laistigh d’Aontas na Mac Léinn in Ollscoil Uladh ag cruinniú de chuid Aontais. Bheadh an focal scoir ag leibhéal sinsir bainistíochta na hollscoile, ach dá nglacfaí leis, chiallódh sé go mbeadh an Ghaeilge ar gach píosa comharthaíochta de chuid an Aontais.

D’ainneoin na céime dearfaí, ní fada go raibh dúshlán á chur roimpi; labhair daoine a bhí ina choinne amach, ag maíomh gur ‘chleas polaitiúil’ a bhí ann, agus luaigh siad polasaí dea-chaidrimh na hollscoile agus iad ag déanamh iarrachta an bun a bhaint den chinneadh. Ba shampla soiléir é den chiall contráilte a bhaint as dualgais dhea-chaidrimh na hollscoile chun imeallú a dhéanamh ar Ghaeilgeoirí.

Ní hionann imeallú na Gaeilge agus an bealach is fearr chun fáilte a chur roimh Ghaeilgeoirí.

D’ainneoin gur glacadh leis an chinneadh trí vóta ag foras daonlathach na mac léinn, bhí leas-seansailéir na hollscoile soiléir “…nach mbeidís ag cur comharthaíocht dhátheangach i bhfeidhm ar champas na hollscoile” mar gheall ar an gá timpeallacht ionchuimsitheach, fáilteach agus oscailte a chothú do mhic léinn ó ‘gach cúlra’.

Ach, ní hionann imeallú na Gaeilge agus an bealach is fearr chun fáilte a chur roimh Ghaeilgeoirí. Cá seasann siad sa ‘timpeallacht’ ionchuimsitheach seo? Bliain ar aghaidh ón chinneadh stairiúil sin, níor achtaíodh aon pholasaí; níor fiú cuireadh an polasaí amach le haghaidh comhairliúcháin. Mar sin de, bhí ágóid ag mic léinn ag campas Mhig Aoidh, ar son chur i bhfeidhm an pholasaí úr, agus go mbeadh meas ag an Ollscoil ar mhandáid an Aontais.

Bhí baill ón Chumann Gaelach in Ollscoil Uladh agus An Dream Dearg i láthair, mar aon le hionadaithe ón Chumann Gaelach in Ollscoil na Ríona, ó Aontas na Mac Léinn féin, ó pháirtithe polaitiúla agus ó dhámh na hollscoile.

D’ainneoin rath an fheachtais, rud atá mar léiriú ar obair an Aontais agus Cumann Gaelach Ollscoil Uladh, tá moill fós ar an pholasaí. Níor cuireadh aon chomhartha dátheangach in airde in Aontas na Mac Léinn Ollscoil Uladh, agus tá imeallú fós á dhéanamh ar Ghaeilgeoirí Ollscoil Uladh.

Comharthaíocht dhátheangach i Reilig na Cathrach, Béal Feirste

D’fhógair Comhairle Chathair Bhéal Feirste a bpleananna chun foirgneamh úr cuairteoirí, ar luach £2.8 milliún, a oscailt i reilig na cathrach; laistigh den fhoirgneamh úrscothach, bhí taispeántais idirghníomhacha agus staisiúin um thaighde digiteacha, le comharthaíocht agus uirlisí idirghníomhacha chun go dtiocfadh le daoine níos mó a fhoghlaim faoin reilig.

Tá reilig na cathrach suite i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta, atá ar na Gaeltachtaí uirbeacha is ráthúla in Éirinn; leis an mheánscoil Ghaeilge is mó in Éirinn suite faoi urchar mearóige den reilig agus neart Gaelscoileanna, seirbhísí óige agus eagraíochtaí Gaeilge suite sa cheantar máguaird, bhí pobal na Gaeilge ag dúil go mór le hoscailte na háise úra.

Muna raibh an Chomhairle ábalta comharthaíocht dhátheangach a chur ar fáil sa Cheathrú Ghaeltachta, áit a bhfuil aitheantas ar leith ag an teanga ann, cén sórt fasaigh a bhunaíonn sin don chuid eile den chathair?

Sin ráite, i mí Aibreáin 2022, fógraíodh go raibh an t-ionad úr le hoscailt le comharthaíocht agus áiseanna idirghníomhacha aonteangach(a) (Béarla amháin). Ba mhasla é seo ar phobal na Gaeilge agus léirigh sé go raibh an Chomhairle ag déanamh neamhairde ar riachtanais phobal na Gaeilge agus gur gá a dúshláin a thabhairt. Bíonn ar phobal na Gaeilge bheith ag troid ar son sholáthraithe bunúsacha amhail comharthaíocht nuair a ba cheart go mbeidh sé mar chuid de chleachtas agus pholasaí na Comhairle cheana féin. Níl se maith go leor.

Muna raibh an Chomhairle ábalta comharthaíocht dhátheangach a chur ar fáil sa Cheathrú Ghaeltachta, áit a bhfuil aitheantas ar leith ag an teanga ann, cén sórt fasaigh a bhunaíonn sin don chuid eile den chathair?

Chuige sin, tar éis ghearr-fheachtas ar líne, chinn Comhairle Chathair Bhéal Feirste gníomh láithreach a dhéanamh, ag cur comharthaíocht Ghaeilge eatraimh in airde go dtí go gcuirfear na buan-chomharthaí i gcló. Chuir pobal na Gaeilge fáilte roimh an chinnidh, ach tharraing sé aird ar christ níos leithne i dtaobh pholasaí Gaeilge do Chomhairle Chathair Bhéal Feirste. Dá mbeadh polasaí acu, bheadh creat soiléir ann a leagfadh amach treoracha soiléire maidir le comharthaíocht, brandáil agus lógónna.

|