#SeasAnFód
De bharr na moille leis an reachtaíocht Ghaeilge mar a gealladh faoin chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua, rinne an Dream Dearg athghrúpáil. Ní hé nach raibh muid cleachtaithe le cur i bhfeidhm ár gcearta; ach an t-am seo, bhí muid in áit i bhfad níos fearr mar gheall ar rath an fheachtais #AchtAnois.
Tháinig muid le chéile arís, agus athdhírigh muid ár bhfuinneamh, ag eagrú cruinnithe Zoom go seachtainiúil lenár ngníomhaithe, ag déanamh plé ar an bhealach is fearr chun aghaidh a thabhairt ar an DUP ag tarraingt siar a ngealltanais NDNA.
Bhí sé deacair feachtas a eagrú le linn paindéime, go háirithe nuair atá clú ar an fheachtas agus ar phobal an fheachtais ag dul chun sráide, ach trí chruinnithe Zoom seachtainiúla, tháinig an Dream Dearg ar ghléas a lig dóibh iad féin a chur in iúl, gan a bheith i láthair.
I mí na Bealtaine 2021, beagnach 500 lá ó fhoilsiú an chomhaontuithe Ré Nua Cur Chuige Nua, rinne muid físeán de phobal na Gaeilge a chur i láthair ar scaileán ollmhór ag bun chéimeanna Chnoc an Anfa. Tugadh cuireadh do pholaiteoirí éisteacht leis an teachtaireacht, chun tuiscint a fháil ar an tionchar a bhí ag moill na reachtaíochta ar shaolta phobal na Gaeilge. D’iarr muid ar an ghnáthphobal idirghníomh a dhéanamh leis an fhíseán, agus é a roinnt ar ardán mheán sóisialta, leis na haischlibeanna #SeasAnFód, #NDNA500 agus #AchtAnois.
D’iarr an litir ar an Fheidhmeannas clár ama a aontú agus a fhoilsiú le haghaidh chur i bhfeidhm agus glacadh leis an reachtaíocht Ghaeilge NDNA.
Tugadh cluas éisteachta d’ár bpobal, ach anois, bhí orthu a bheith feiceálach. D’iarr an Dream Dearg ar Ghaelscoileanna fud fad an Tuaiscirt páirt a ghlacadh i Lá Dearg, inár chaith foireann agus daltaí na scoile dearg, ag léiriú tacaíochta d’ár n-éileamh. Ina dhiaidh seo, tháinig an nath coitianta de gníomhachas ag leibhéal an phobail, nuair a dhreap Deargóirí an Sliabh Dubh i mBéal Feirste chun comhartha ollmhór #AchtAnois a chur in airde, le go bhfeicfeadh gach duine ár n-éileamh ar son Achta Gaeilge.
I lár mhí an Mheithimh, foilsíodh litir tras-pháirtí chuig an Fheidhmeannas, Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine, a bhí sínithe ag 5 pháirtí (Sinn Féin, Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre, Páirtí na Comhghuaillíochta, Pobal Roimh Bhrábús agus an Páirtí Glas). D’iarr an litir ar an Fheidhmeannas clár ama a aontú agus a fhoilsiú le haghaidh chur i bhfeidhm agus glacadh leis an reachtaíocht Ghaeilge NDNA, agus é seo a dhéanamh laistigh den mhandáid pholaitiúil reatha. D’iarr sé fosta ar Rialtas na hÉireann agus na Breataine, mar chomh-údair agus comh-shínitheoirí ar an Chomhaontú, idirghábhail a dhéanamh má theip ar an DUP a gcoimitmintí a chomhlíonadh.
Tá imní orainn maidir leis an choimitmint seo, go háirithe nuair a áirítear nós seanbhunaithe Rialtas na Breataine gan na coimitmintí a dhéanann siad i dtaobh chearta i gcomhaontuithe polaitíochta a chomhlíonadh.
Cúpla lá ina dhiaidh sin, d’fhógair an Rúnaí Stáit, Brandon Lewis, go ndéanfar an reachtaíocht Ghaeilge a achtú trí Westminster i mí Dheireadh Fómhair 2021, muna n-éiríonn leis an Fheidhmeannas é seo a dhéanamh roimh mí Mheán Fómhair 2021. Thug sé le fios fosta go ndéanfar an Coimisinéir Teanga a cheapadh faoi mhí an Mhárta 2022.
Ba chéim shuntasach é seo i bhfeachtas fada s’againne ar son chearta teanga; don chéad uair ó bhí Comhaontú Chill Rímhinn ann sa bhliain 2006, bhí coimitmint phoiblí déanta ag Rialtas na Breataine an reachtaíocht a achtú.
Geallann An Dream Dearg go dtroidfidh muid le go gcuirfidh an Feidhmeannas anseo an reachtaíocht teanga i bhfeidhm.
Ar ndóigh, tá imní orainn maidir leis an choimitmint seo, go háirithe nuair a áirítear nós seanbhunaithe Rialtas na Breataine gan na coimitmintí a dhéanann siad i dtaobh chearta i gcomhaontuithe polaitíochta a chomhlíonadh. Ach, caithfear a aithint cén fáth ar glacadh anseo muid; mar gheall ar mhímhacántacht sheasta an DUP, agus léirigh siad a n-éagumas glacadh le coimitmintí fadbhunaithe i dtaobh chearta daonna.
Geallann An Dream Dearg go dtroidfidh muid le go gcuirfidh an Feidhmeannas anseo an reachtaíocht teanga i bhfeidhm faoi mhí Mheán Fómhair, agus sa chás nach dtarlóidh sin, go gcomhlíonfaidh Rialtas na Breataine an choimitmint is déanaí dá gcuid faoi mhí Dheireadh Fómhair.
Ní sheasfaidh an Dream Dearg siar. Beidh muid ag eagrú agus ag leagan amach ár gclár feachtasaíochta féin, mar atá déanta againn le blianta beaga anuas. Leanfaidh muid orainn ag seasamh an fhóid ar son Achta.